Erchoitmed ingine Gulidi

Author: unknown

Editor: Kuno Meyer

An electronic edition


view the header | view the translation | view MS Rawlinson B 512 on Early Manuscripts at Oxford University



p. 65.

(MS fol. 114c)

ERCHOITMED INGINE GULIDI INSO

1. [R]i rogab Mumain, edhón Feidlimid mac Crimthain. Luid side fecht and
for mórcuairt Muman con[d]arala síar i n-Iarmumain coroacht Áth Loche. Ba
handsén bai baili Gulide in cainti ba geriu & ba gortiu & ba hamainsiu bai i
n-Hériu ina aimsir. I n-dulig erraig dono dochotar siar na sloig. Feraid snechta
mór foraib corofheimdetar na sloíg imthecht ann. Dethbir ón, ar doroiched gluni
fer in snechta. Rofíarfaig Feidlimid dona heolchaib: ‘Cia is nesa dun sund?’
ol se. ‘Ni fetamar ém’, ol seat, ‘acht mad Gulide Átha Lóchi, do chara fein.’
‘Fortgillim ém,’ ol Feidlimid, ‘más eisen fil ann, is gulbnide & is gér & is goirt &
(f. 114d) is amnus fichda feigbriathrach feichemanda. Imfacus do athchuingith
neich co neoch, & ni maith fein dia tidnacul. Aráide dono,’ ar
Fedlimid, ‘cen cop fial fri fenechus, cen cop soichlech tidnacail, cen cop suarrach
tabarta, atat ar commáine fair. Ruc ar n-ór & ar n-arget & ar n-escra, ruc ar
n-eocha & ar sriana & ar sadli. Dlegmait de ar foirithin im aigedacht na haidchi.’

2. Lotar na slóigh iarsin coríachtatar an faighthi & sendait na cornairi a curnu
& na stocairi a stucu for duæ na faigthi & ni raibe for a cind isin baili acht mad
Gulide & a ingen nama. Ocus ba senoir crínliath Gulide in tan sin, ar batar slána
a secht fichit bliadan.

3. Is amlaid immorro bái Gulide, co m-ba læch ar læchdacht & ar engnum & co
m-ba feinnid ar fheinnidecht & ba mílid ar militacht & ba brugaid ar brugamnus &
ba cainti ar caintecht .i. ar geri & gorti & amainsi. Is de sin rogiguil Gulide
Cánti de.

4. Atracht súas Gulide iarsin & dorat a ulind foí & rodecustar imme & ní faca
acht mad sé & a ingin namá isin tigh. ‘Maith tra, a ingen,’ ar Gulide, ‘eirg amach
& fég lat cóich inna cornairi si & na stocaire & cía ríasa sendat.’

5. Atracht suás ind ingen iarsin & luid amach. Dorinntói for cula isin tech &
asbert: ‘Sloig móra sunn,’ ar si. ‘Is doig lem is é Feidlimid mac Crimthain co
maithib fer Muman imme.’ ‘Maith, a ingen,’ ar Gulide, ‘eirc immach cosna
sl(f. 115a)ógaibh & déna segantus briathar friu dús in sechendais dún ind




p. 66.

oighthi.’ Atracht suas ind ingen ár sin & gabais a timtocht impe .i. brat corcra &
lene srebnaide sída fria gelchnes & minesc dergoír inna brut.

6. Luid coriacht na slógu & asbert: ‘Fo dia, a Feidlimid, cot slogaib archena!
Acht is muiredaig caich a menduta. Is meisech caich co hadair, acht ni do fogain
do flaithemnas immut namá. Ár ind inbaid is ferr cetaraba Gulide ríam, nírba
ró dó airúacra treisi nó cóicthi nó dec[h]maidi no mís no raithi no bliadna
remut-sa ar méd do tarscuir & ar lin do daine. Olc ind inbaid tancabair. Is
tregdaigt[h]i in gæth. It salcha na herdrochait. It malla na ferthigisi. It
ainmecha na cúite. Sraitslige sochaide sund dogs. Cerdcha gaband and.
Cainti chonaire. Is cell for dib n-imairib. Is Ard Macha ar gnathchi. Is fer
bó ænmachaidh, is geilt ængeóid, is milide oenbeich. Tuargabtha ar n-æla, ni
tarlaicthi ár lonide. Roscáichetar ar seinbíd, ni tancatar ar nuabíd. Olc ind
inbaid tancabair, ind inbaid randus in tsentond a tortin frisind ingin. Ard bót
fiaich ocaind, íseal bot con. Blichta srona ár m-ban. Englasa inar lilachaib iar
n-dísca inar n-gamnachaib. Ar mna asiul, ar m-bæ ansiul. Tuarath lia in
(f. 115b) ar n-áthandaib, tart inar muillib, ascolt inar conaib, aithgera ar cait.
Imda lochaid leíre luatha leochailli lind. Leghait lebenna liathcrúaidi cotata
i n-diaid oidchi uárfhota.’

7. ‘Acht ata ni and chena,’ ar ind ingen. ‘Ni missi bís ac agallaim degdaine
sund dogs. Cuil & Gaeloc & Grech tres filiæ Gulidi. Gendud & Silpred &
Lorgad tri doirrseoire Gulidi. Dia m-bad í mo sindser siur nobeith and, atethad
ní noraidfed rib-se. Mad meisi immorro, ni heol dam erchoitmead.’

8. ‘Fortgillim eim,’ ar Feidlimid, ‘dia m-[b]ad hí nobeith and, nofhuicfimis-ni an
mír o Luachair síar lea. Ocus osa tussu fil and, fuicfimit let etir Droing & Loch Leín.’

9. ‘Maith tra, a mic Crimthain,’ ar ind ingen. ‘Lud-sa adaigh ar aidhoighecht
& nirbo rígda ind aidhoighecht tucad dam.’ ‘Cid tucad dit?’ ar Feidlimid. ‘Ni
ansa,’ ar an ingen, ‘.i. in cethramad rand cethrachat loirgi legtha liraighi do
airbiuch cliu gamna scamche, la cutruma gernine do lomasna lomartha, la
selche salli seingbline, la tana táib na blinmuici, la ceithri scribline scremloiscthi
do choirci iarmair airthir ichtair tuaiscirt athguirt lena frisna roben gæth & frisna
rotaitin grian, notgabtais riasíu nodusgeibthe, menaigtis riasiu nodus menaigthe,
la cudruma ceithri scíath feitlican do gallurad gallgruitni iarna lomantarraing
(f. 115c) tré cruáidbeól senballaín. Metrén fochæl fo[r]lethan a hind ferna
fodluighthe a fotha íchtair drochais, frithirt a huáchtar, athirt a híchtar, fas faulom
a medón. Acht bá don as glas galraiges bai for ladargair in ichtair tuaiscirt in
muide iarna malcad-maistred for mogadaib moglatrand im-merlaithib errchaidib.
Acht ba don cétas inna cétbó cetna conrainic ind inis inna cuicne maiten moch
indé. Ni ba hed son dúib-si dobérthar aigedhacht na haidhchi-si isind fescor




p. 67.

i tancabair .i. fliuchcæmna duib co bun cluás, tigi lethnochta, aran lethtirim, lestair
lethlána, colpdai lethloma.’

10. Atracht ind ingen suas iarsin & gabais laim Feidhlimidh lea inna tech. Bai
Feidlimidh and tri lá & teora aidhchi & ni fuair día rígi nach día fhlaithes a oired ba
ferr dó ar bánbiudh, & forfacaib Feidhlimidh bendachtain. Finit.



© 2007 Thesaurus Linguae Hibernicae

Close this window