The Settling of the Manor of Tara

Author: unknown

Editor: R. I. Best

An electronic edition


view the header | view the translation



p. 124.

INCIPIT DO SUIDIGUD TELLAICH TEMRA

(MS col.  740)

1. BÁTAR húi Néill fecht and i mMaig Breg i n-imaccalaim i
n-aimsir Diarmata meic Fergusa Cerbaill, & ba hed imráidset:
ba mór leo do thír aurland Temrach .i. maigen i mbátar secht radairc
for cech leath, & imráidset a himdibe ina faithchi sin iarum. ar ba
dímáin leo in cutruma sin do fherond occaib cen tech cen trebad
fair, & cen fhognam tellaich Temrach. Ar ba héigen dóib faichill
fuilainhg fer nÉirend & a mbiad co cend secht láa & secht n-aidchi
i cind teora mblíadna béos. Ba shamlaid iarum téigthea dond
fleith la Diarmait mac Cerbaill. Ni théiged rí cen rígain ná
ségaind cen banshégaind ná féndid cen il-íaraind ná midlach cen
drúithsig ná brígiu cen bantuilc ná gilla cen lennait ná hingen
cen lendán ná duine cen dán.

2. Nochóraigdis and ind ríg & ind ollamain im Diarmait mac
Cerbaill .i. na ríg & na hollamain aróen, na fíanna & na díbercae
immalle. In gillanraid & ind ingenrad & int áes báeth borrfadach
isna himdadhaib im na doirse, & doratad a chuit chóir do cechóen
díb .i. mínmesraid & daim & tuircc & tinni do ríghaib & do ollamnaib
& do sruithib slánaib sochenélachaib fer nÉrend olchena, rechtairi
& banrechtairi ic roind & ic dáil dóib side. Feóil derg dano do beraib
íaraind & fírbrocóit & núa corma & assen do fíandaib & díbergachaib,
& druith & deogbairi ic roind & ic dáil dóib. Cend-chossach
and dano & imchosail cecha hindile do aradhaib & do oblóraib
& da drabarslúag & da dáescordáinib, & araid dano & oblóre &
dorrsaidi oc roind & dáil dóib. Feóil láeg and dano & úan &
orcc & in sechtmad dál riamid an-echtair do gillanraid & do ingenraid
dáig nosoerfeted a medar eated ocus nobíd a n-ortán ica n-idnaidi.
Sóeramais & banamais ic roind & ic dáil dóib.




p. 126.

3. Rohirfúacrad iarum for maithib Érend tíachtain dochum
na fleidi do thig Themra co Diarmaid mac Cerbaill. Et roráidset
nád caithfitis feis Temra co rochindtea dóib suidigud tellaig Temra,
indus robói rempo & nobiad ina ndiaig co bráth. & roráidset re
Diarmaid an aithisc hí sin. & adrubairt Diarmait riu-seom nárbo
chóir a rád fris tellach Temra do chomroind cen chomairle fri
Cendfáelad mac Scandláin meic Fingin .i. cend Érind & comarba
Pátraig nó re Fíachraig mac na druinigi. Ettha úadib-seom iarum
for cend Fíachrach meic Colmáin meic Eogain & dobreth chucu
dia cobair, a robdar úaite a n-éolaig, & robdar ile a n-anéolaich,
& robdar ili a n-imarbága, & robdar imdae a cesta.

4. Dorocht chucu iarum Fíachra, & adbertadar ris a cétna .i.
tellach Temra do chomroind dóib, & atbert friu ná bérad breth
forsin caingin sin dóib (MS col.  741) co ndechasta húaithib ar cend
neich bid éolchu & bid síne andás. ‘Ca hairm a fuil sidi,’ arsiad?
‘Ní ansa,’ arse. ‘.i. Cenfáelad mac Ailella meic Muiredaich meic
Eogain meic Néill, is asa chind side,’ for sé, ‘do comgned a hinchind
dermait i cath Muigi Rath .i. conid cumain leis cach ní rochúala
do senchas hÉrend o shin alle cosinndiu. Is cóir cid hé thí do bar
nh-ethergléod,’ olse.

5. Docuas iarum úadib-seom ar cend Chindfháelad & dodeachaid
side chucu ocus adbertatar a cétna ris béos. Ocus adubairtt
Cendfáelad friu, ‘Ni dú dúibsi,’ arse, ‘anní sin do rád frimsa heret
bete ar cóic sinser huile for hÉrind.’ ‘Ca hairm dano itát side?’
for fir hÉrind. ‘Ní ansa ém,’ olse. ‘Finchad a Fálmaig Láigen
& Cú alad a Crúachain Conalad & Bran Bairne a Bairind, Dubán
mac Dega a cúiced fer Olnegmacht, Túan mac Cairill ó Ultaib,
is éside dochuaid isna hilrechtaib.’

6. Docuas úadib didu for ceand in chóicir sin, ocus tucaid chucu
co Temair, & doráidset riu a cétna .i. co rocomroinddis dóib tellach




p. 128.

Temrach. Roráid iarum cech fer don chóicer sin a chuimne,
ocus ba hed roráidset, ní bo dú dóib Temair cona tellach do chomroind
heret nobeith a sindser & a n-aiti diblínaib in nHérind re
dáil an-echtair. ‘Cá hairm itá side dino?’ ar fir hÉrind. ‘Ní ansa,’ arsiad:
‘Fintan mac Bóchrai meic Betha meic Náei.’ Bái ac Dún
Tulcha i Cíarraigi Luachrai.

7. Dochoid iarum Berrán gilla Chindfháelad húaidib ar cend
Fhindtain co Dún Tulchai re Luachair Deadaid aníar. Ocus
roráid a teachtairecht ris. Dodeachaid lais iarum Findtan do
Themraig. Ocus isé lín tánic, ocht mbuidne déc .i. nói mbuidne
reme & nói mbuidne ina díaig, & ní roibi andsin acht síl Findtain
uile .i. meic & húi & íarmái & indái dó in lucht sin.

8. Roferad fáilti mór re Findtan i tig midchuarta, & robo fáilid
re cách a ríachtain do cloistin a bríathar & a senchasa. & atrachtatar
remi huile, & roráidset ris suidi hi cathair bretheman, &
adrubairt Findtan friu nocho ragad inti co fesad a chest. &
roráid dino friu, ‘nocho riccid a lles lúathgair do chor immum-sa,
ar is tairise lim chena for fáilte amal is tairise do cach mac a bume,
& isí iarum,’ ar Fintan, ‘mo buime-sea, in indsi-sea itáthai-si .i.
hÉri, & is hí a glún gnáthach na hindsi-sea, in tulach-sa itáthai-si .i.
Temair. Isé didu a mes & a murthorud, a bláth & a beathamnus
inna hindsi-sea, isé foramroerlongair ó dílind cusandiu. Ocus
am éolach ina fesaib & ina táintib & ina (MS col.  742) toglaib & ina
tochmorcaib do neoch dorónad díb ó dílind ille.’ Ocus conid andsin
doroindi in láid:

9. Héiriu cía fhíarfaidir dím
atá lim co grind
cech gabáil rusgob
ó thús bethad bind.




p. 130.

Dia luid anoir Cesair
ingen Beatha in ben
cona cóecait ingen
ocus óen triar fear.

Conustarraid díliu
gérbo thrúag in mairg
corus robáid uili
cach duine ’na aird.

Bith túaith i Sléb Betha
robo trúag in drúim
Ladra i n-Ard Ladrand
Cesair ina cúil.

Mad misi romanacht
mac Dé dín úas druinhg
corscib dím in díliu
húas Tul Tuindi truim.

Blíadain dam fo dílind
re Tul Tuindi tend
nír collad, ní coiteltar
énchollad rob ferr.

Co namtánic Parrthalón
anoir a tír Gréc
co ’matormailt dam ria síl
cíarbo suthain sét.

Misi i nÉrind fós
sisi hÉri fás
co toracht mac Agnomán
Nemed níamda a nás.




p. 132.

Arsin tángadar Fir Bolc
isé in scél find fír
imotormalt damsa riu
cén bátar is tír.

Fir Bolg is Fir Galión
tancatar ba cían,
tancatar Fir Domnand,
gabsat i nIrruis tiar.

Arsin tángadar Túath Dé
i coepaib cíach cíar
co ’matormuilt damsa riu
cíar[bo] sáegul cían.

Tángadar meic Míled
iarsin forro i tír
misi i fail cech díne
cosan úair at-chídh.

Iarsain tancatar meic Miled
a hEspain anes
co ’motormalt damsa friu
ciar[bo] thrén a thress.

Doroacht sægul sír
damsa, nocho chel,
co nomtharraid creitem óg
o rig nime nél.

Is mé Findtan find
mac Bóchra, ní chél,
d’éis na díleand sund
am sruth úasal hér.

Hériu.




p. 134.

10. ‘Is maith sin, a Fhintain,’ arsiad. ‘Is ferrde dún cech follugad
doberum fort, ocus is maith lind a fhis úait caidi tairisiu do chuimne
fén.’ ‘Ní ansa ém,’ olse. ‘Lod-sa láa tría fid a nÍar-Mumain
tíar. Dobiur lim cóer ndeirg do ibur co nusroclandus i llubgort
mo lis & ásais and co mbad comard fria fer. Nosberim-sa asin
lubgurt iarum ocus nosclandaigim forsin faithchi mo lis
ceanai, ocus fásais for lár na faithchi sin co namtallad-sa cét
láech fo dibli, & co namdítned ar gáith & ar fhlechad & fúacht & tes.
Roairis & roairis mo ibar co ’matormolt dúind, co rolá a
duillebar de ar chríne. Antan iarum tallus mo chéill dia thorbu
dam chena, dochuas limsa chuici co roleoad dia bun, & co
ndernait limsa de secht ndabcha & secht n-éna & secht ndrolmacha
& secht muidi & secht cilairn & secht milain & secht metair cona cerclaib
uile diblínaib. Roairisius-[s]a didu béos & mo ibair-lestair
ocom co torchradar a circla díb ar críne & aesmaire, & co
roaitherechtha uili limsa co ná ticed acht ían asin dabaig
& drolmach asan ían & muidi asin drolmaig & cilarn asin muide
& milan asin chilarn & metar asin milan. Ocus dofunhg-sa do
Día uilichumachtach nacon fhetar-sa ca hairm i fail an inadach
sin iarna scíth lim ar críne.’

11. ‘At arrsaig sin samlaid,’ ol Diarmaid. ‘Is tíachtain tar breith
senórach tíachtain tar do breith. Ocus is aire siu didu rotgairmed
(MS col.  743) chucaindi co mad tú noberad breith fír iarum dúind.’
‘Is fír ém,’ olse, ‘am éolach in cech breithemnos fírén dorónad ó
thosuch domuin cosinndiu.’ Conid andsin doroindi in láid seo:

12. As éol dam sund amne
ní fuiris nach meraide
cétna breithem, bág cen clith,
ruc cen chinaid in cétbrith.




p. 136.

Breth ar díabul úas Druim Den
is éol dam tucht roduced:
rusuc Día dil, delm roleth,
sech fa cétchin ba cétbreth.

Tidnocol deoda Dé dil
ara mbeith breth ag dáinib
doridnacht recht bérlai báin
do Moyse mó cech degdáil.

Dálais Moyse, monar nhglé,
bretha lánmaithi litre
dális Duid iar sene
bretha fíra fáitsine.

Fénius Farrsaich, faib di rath,
ocus in Cai Cáin-brethach
dorignacht leo, líth nad lacc,
na dá bérlai sechtmogat.

Aimirgen indse Gáedel
ar n-ór, ar n-án, ar n-óebel
Aimirgen Glúngel co ngoil
ruc in chétbreith im Themair.

Trí ríg i lLiathdruim na ler
ocus cethri meic Mílead
nset im tuinithi thend
indse airegda hÉrend.

As and ruc Aimirgin dóib
in breith fírecnaid fírchóir
meic Míled do dul amach
dar nói tonna ar muir medrach.

Brogsad iarsin for sáile
cethri meic ríg Espáine
co radnacht leo, líth úas tuind
Dond co fárcbaid ós Tig Duind.




p. 138.

Co fárcbad iar gail gúir glicc
hÍr in n-úir scenbluind Scellicc.

Scuichsit iarsin soir na slóigh
Émer ocus Éremóin
corgobsad iar ndíth a ne[i]rt
hÉrind iar n-élod Egeipt.

Arsin rogénair in gein
hÍsu ó Muiri ingein
co tárfad breatha co mbail
tria núfiadhnaise nóemgloin.

As leór so do solbraib sreth
barr beg do gnímaib cáinbreth
co fheastais buidne brasa
comsid éolach éolusa.


13. ‘Maith sin, a Fhindtain,’ arsiad, ‘is ferrdi dún do thíachtain
do thurim sheanchasa hÉrend.’ ‘Am mebrach-sa ém,’ ollse, ‘i
sreathaib senchusa hÉrend indus robas indte cosin n-uair-se, &
indus bether indti béos co bráth.’ ‘Ceist,’ arsiad, ‘can as rothucais-seo
sin, & cid as neasom diar cobair-ne den tshencha[s] sin immoní
imráidim im suidigud tellaich Themrach?’ ‘Ni ansa,’ ar Fintan.
‘Indisfet-sa dúibse colléc ní deside’ :

14. ‘’ Bámar-ni feachtus i mmórdáil fer nÉreand sund im Chonaing
Begeclach im ríg nErend. Láa n-and dúin isin dáil sin iarum
co n-acamar in scálfher mór cáin cumachtach chucaind aníar la
fuinead nhgne. Donbert ingantas mór méd a delba. Comard
fri fid máel a dá gúaland, ecnach nem & grían fo gabal ara fhot
& ara cháime. Fíal étrocht glainidi imme amal étach línda
lígda. Dá máelasa imma chosaib & ní feas cía luib dia rabadar.
Monhg legta órbuidi fochas fair co clár a dá leas. Taibli lecda
inna láim cli, cróeb co trí toirthib ina láim deis, itté trí toraid
robádar fuirre, cnóe & ubla & dercain (MS col.  744) i cétemun sin. & ba




p. 140.

hanabaid cech torad díb. Dochechaing sechond iarum morthimchell
na hairechtai & a c[h]róeb órda illdathach do fhid Lebáin
ria ais, co n-ebairt fer úaindi fris, ‘Tadall lat,’ arse, ‘co roaicilli
in ríg .i. Conaing mBececlach.’ Frisrogart-som co n-érbairt,
‘Cid is ailicc dúib húam,’ arse? ‘Co fesamar úait,’ arsiat, ‘can
dodeachaid & cid thége & caidi th’ainm & caidi do slondud.’

15. ‘Dodechaid-sa ém,’ arse, ‘ó fuined & tégim do thurgbáill,
& isé m’ainm Tréfhuilngid Tre-eochair.’ ‘Cid diatá duit-seo int ainm
hí sein,’ arsiat? ‘Ní ansa,’ arse. ‘Dáig is mé immofoilnge turcbáil
nhgréine & a fuiniud.’ ‘Ocus cid dodtuc dond fuiniud mas oc turcbáil
bí?’ ‘Ní ansa,’ arse. ‘Fer imrinodair .i. rocrochad le hIúdaidib
indiu, rochechaing iarum tairsiu taréis in gníma, & ní rothaitne
friu, et ised domfucsa co fuiniud dia fhis cid robái grían, conid
andsin rofoillsiged dam, & ó rofhetar cindus tíri dar-si fuiniud co
rochtus iarum inis nGlúairi iar nIrrus Domnand & ní fúair tír ó
sein síar, ar isedh sin tairrsech darsa fuineann grían amail isé tarsech
darsa turcbháill pardhus Ádhaim.’

16. ‘Abraid-si iarum,’ arse, ‘can bar cenél & cuin dodechaidbar
isin indsi-se.’ ‘Ní ansa,’ ar Conaing Bececlach. ‘De cloind Míled
Espáine dúindi, & do Grécaib ar mbunad; iar cumtach Thúir
Nemrúaid, & iar cumasc na n-ilbérlae dochuamar i nEigeipt fo
chuiriud Foraind ríg Eigipte. Nél mac Féniusa & Góedel Glas
roptar hé ar tóisich airet bámar theas. Conid de dogarar díndi
Féne ó Fénius .i. Féne, & Gáeidel ’ga rádh ó Gáedel Glas amail
adbertar:’

Féni ó Fénius adberta,
bríg cen dochta
Gáeidil ó Gáedel Glas garta
Scuit ó Scota.

‘Scota didu ingen Foraind ind ríg dobreth side do mhnái do Niul
mac Féniusa ar ndul i nEigept. Conid hí ar senmáthair-ne &
conid húaidi didu dogairter díndi Scuit.’




p. 142.

17. ‘Isind aidchi iarum, arse, i nn-érlatar meic hIsrael asind Egept,
dia ndechadar cosaib tirmaib tria Muir Rúaidh la prímthóisech
túaithi Dé .i. la Moyse mac Ambra, & dia robáidhedh Forand cona
shlúag issin muir sin ic fastadh [na]nAbraidi ina ndóiri, húair
dodechaid ar senathair-ne iarum la hEigeptacdai for íarraid
túaithi Dé, atraigsetar ferg Fhoraind friu dia torsed for cúlu, is
cid intan ná torsed Forand chucu atraigsetar in Eigeptacdai dia
ndóerad amail rodóersat meic hIsrael fecht n-aili. Co roélaisead
isind ai[d]chi fa deich lonhgaib do libernaib Foraind for muincind
Mara Rúaid aran aicen nemforcennach & timchell domhain fo
thúaith síar sech slébe Cucais sech Scithia sech India dar mu[i]r
and .i. Muir Chaisp, darna Gáethlaigib Meotacdai sech Eoraip
anairr-deas síar-des iar Muir Torrén, lám chlé re hAfraic sech
Columna Hercail co hEspáin, a hEspáin iartanaib isan indsi-se.’

18. (MS col.  745) ‘Ocus ind Espáin,’ ar Tréfuilingid, ‘cade a tír sund?’
‘Ní ansa, ed ardradairc,’ ar Conaing, ‘úan fa deas atá, air is a radurc
atconnairc Ith mac Breoguin Slébe Irruis deiscirt de mullach
Thuir Breogain a hEasbáin & isé thánic do thaiscélad forsin n-indsi-sea
re maccaib Mílead, & is fora slicht dodeachamair-ne inte isind
nómad blíadna iar tíachtain na nIsraeldae dar Muir Rúaid.’

19. ‘Cía bar lín-se is[in] indsi-se?’ ar Tréfhuilngid: ‘robad maith
limsa for n-aiscin ind-óenbaile.’ ‘Ní fil ém diar n-úaiti,’ ar Conaing,
‘& mad áil duitsiu atetha sin, acht is dóig lim bid sním leisna
dáini do fhulanhg-su frisin ré sin.’ ‘Nocho ba sním,’ arse, ‘ar romfiurfusa
bolad ina cróibi-sea fil am’láimh do bhiudh & do dhigh heret
bam béo.’




p. 144.

20. Anais iarum octhaib xl. láa & aidchi co rotinólta fir hÉrenn
dó frisin ré sin co Temhraigh, & confhaca uili ind-óenbhaili conid
iarum roróidh-sem riu, ‘Cad iat libse,’ arse, ‘ailgi comgni fer nÉreand
i rrígthich Themra, taisfenaid dún.’ ‘Ní rabadar ém,’ arsiad, ‘seanchaidi
farrsaidi occainne frisin lámmais ailgi choimgni co tánoc-sa
chucund.’ ‘Robarbia-si ón húaimse,’ arse, ‘rodosuidighiub-sa dúib
sreith seanchusa & ailgi chomgni tellaich Temrach fésin co ceithri
hardaib hErenn imbi, ar is mesea in fíada fíréolach foillsiges cech
n-ainfis do chách.’

21. ‘Tucaid iarum chucam-sa mórfesear cecha hairdi i nÉirind
do neoch is mó ergna díb & is mó gáes & glicus béos & seanchaidi
ind ríg fadesin fileat for tellach Temrach, ar is ceathar-aird as
chóir chum fhodail na Temrach & a comgni, co ruca cech mórfeisiur
díb a chuit chóir dona hailgib comgni sin thellaich Themra.’

22. Roaicellastar iarum for leith na seanchaidi sin co n-érbairt
friu ailgi comgne cecha harda dond hÉrind. Acus is iarsin
iarum adbert-som risin ríg .i. re Conaing, ‘Tairr-siu,’ arse, ‘fén i
fechtus-sa for leith, co n-éiciu[s]-sa duit & do formna fer nÉrind
immut co fodailseam-ni hÉrind indus rosndlumus dona ceithri
móirfeisir feassaraib chucut.’ Roindis iarum doridisi dóib uili i
coitciund, & is rimsa, ar Fintan, rohérbad ar eisnéis & a
acallaim fíad int shlúag, ar is misi seanchaidh bad siniu fúair ara
chind i nHérind. Ar bá-sa i Tul Tuindi fri ré inna dílenn,
& robo m’óenur inti iar nhdílind co ceann dá blíadna ar míle eret




p. 146.

robúi Ériu fás. & robá-sa iarsin i comaimsir re cech ndíne rusgab
ó sin cosin lá-sa i tánic Tréfhuilngid dond oirecht-sa Conaing Bececlaig
conid ó sin rofhiarfaid Tréfuilngid dímsa tria fhis imchomairc:

23. ‘A Findtain,’ arse, ‘& Éri cía gabad ca rabad inde?’
‘Ní ansa,’ ar Fintan, ‘Íaruss fis. tuadus cath. airthis bláth.
teissus séis. fortius flaith.’
‘Is fír ém, a Findtain,’ ar Tréfhuilngid, ‘’ at senchaid saineamail.
Is amlaid robái & bias co bráth béos, .i.

24. A fis, a forus, a foirceatol, a bág, a breithemnus, (MS col.  746) a
comgne, a cómairle, a scéla, a seanchasa, a sos, a sodelb, a sulbairi,
a háine, a himdercadh, a gart, a himed, a hindmus asa híarthur
aníar.’
‘Can as aidi?’ bar in slúag. ‘Ní ansa,’ arse. ‘A hÁe, a hUmull, a
hAidhne, a Bairind, a Briuuss, a Breithfne, a Brí Airg, a Bearramain,
a Bagnu, a Cera, a Corund, a Cruachain, a hIrrus, a hImga, a
hImgan, a Tarbgu, a Teidmmu, a Tulchaib, a Muaid, a Muirisc,
a Meada, a Maigib .i. etar Traigi & Reocha & Lacha, a Mucrumu,
a Maenmaig, a Maig Luirg, a Maig Ene, a hAraind, a hAigliu,
a hAirtiuch.’

25. ‘A catha, immorro,’ arse, ‘& a comrama, a dúiri, a drobela, a
drenna, a díumasa, a dímáine, a húaill, a hallud, a hindsaigthi,
a crúas, a coicthi, a congala, asa tuaiscert atúaid.’
‘Can a[s] suidiu?’ ar in sluag. ‘Ní ansa.
A lLiu, a lLurg, a lLothur, a Callaind, a Fearnmaig, a Fidhgha,
a Sruib Bruin, a Bernus, a Dabull, a hAird Fhothaid, a Gull, a
hIrgull, a Airmmuch, a Glennaib, a Geraib, a Gabur, a hEamain,
a hAiliuch, a hImchlar.’




p. 148.

26. ‘A bláth dino,’ arse, ‘& a beathamnass, a ceasa, a cosnuma,
a cleas n-airm, a noethaighi, a halle, a hingantai, a sobés, a
sochostud, a háinis, a himid, a horddan, a tráchta, a turcharthi,
a teglochus, a hilldána, a hinaltus, a hilmáine, a sróll, a síric, a
sítai, a bri(t)graighi, a bre[cc]glas, a brugamnos asa hairthear
anoir.’
‘Can as suide?’ ar in sluag. ‘Ní ansa ém,’ olse.
‘A Fethuch, a Fothnu, a hInrechtro, a Mugno, a Biliu,
a Bairniu, a Bernaib, a Drendaib, a Druach, a Diamair, a
Leib, a lLiniu, a Laithirni, a Cuib, a Cúailgiu, a Cind Chon,
a Maig Roth, a Maig Inis, a Muig Muirthemne.’

27. ‘A hesa, a hóenaigi, a donda, a derga, a súithi, a cruithnecht,
a céolchairecht, a bindis, a hairfideadh, a hecna, a hairmitniu,
a séis, a foglaim, a foirceatul, a fiansa, a fidchelacht, a déne,
a díscere, a filidecht, a fechemnus, a féle, a forus, a tascor, a
torthaigi asa descert andeas.’
‘Can as suidi?’ arsiat. ‘Ní ansa,’ ar Tréfuilngid.
‘A Mairg, a Maistin, a Raighniu, a Rúirind, a Gabair, a Gabran,
a Clíu, a Cláiriu, a Femhniudh, a Faifaiu, a Bregon, a Barcaib,
a Cind Chailli, a Clériu, a Cermnu, a Raithlind, a Gleannamain,
a Gobair, a Lúachair, a Labraind, a Loch Léin, a Loch Lugdach,
a Loch Daimdeirg, a Cathair Chonrái, a Cathair Cairbri, a Cathair
Ulad, a Dún Bindi, a Dún Cháin, a Dún Tulcha, a Fertae, a
Feoraind, a Fiandaind.’

28. ‘A rrígi, uero, a rechtairi, a hordan, a hoireochuss, a cobsaidi,
a conhgbála, a fuilngeda, a forrána, a cathaigi, a cairpthigi, a fiandus,
a flaithemnas, a hardrigi, a hollamnas, a mid, a maithiuss, a ciurm,
a clothaigi, a rroblad, a rathmaire, asa meadón.’
‘Can as suidi?’ arsiat. ‘Ní ansa,’ ar Tréfuilngid.
‘A Midiu, a Biliu, a Bethriu, a Bruidin, a Colbu (MS col.  747) a Cnodbu,




p. 150.

a Cuillind, a hAilbiu, a hAsul, a hUissniuch, a Sídán, a Sleamain,
a Sláine, a Cnu, a Cernu, a Cenandus, a Brí Scáil, a Brí Graigi,
a Brí meic Thaidg, a Brí Foibri, a Brí Díli, a Brí Fremhaindi,
a Temair, a Teathfa, a Teamair Broga Niadh, a Temair Breg, a
forbflaithius for Érind uili eistib sin.’

29. Fácbais iarum Tréfhuilngid Tre-eochair firu hÉrend fon
n-ordugud sin co bráth, & fácbais ní do chóeraib inna cróibi bái
inna láim oc Fintan mac Bóchra conasrola-side isna hinadaib
in robo dóig leis a nn-ás i nHérind, & ité craind rofásait isna
cóeraib sin: Bili Tortan, & Eó Rosa, Eó Mugna & Cróeb Daithi
& Bili nUissnig. Ocus airis Fintan ic sloind seanchassa do
fheraib hÉrenn co mbo hé ba hiarlathi dona bilib, & co racrínsad
ria lind. Ó roairig iarum Findtan a sentaith fén & sentaith
na mbili is and doróne in láid:

30. Is fodeirc damsa indiu
maten moch iar n-uréirgiu
a Dún Tulcha tíar doráith
húachtur bar[r] fedha Lebáin.

Missi a debrad am fer sean
am leisciu ar cách re tairdead
hisí is cían ó tib dig
dílind ós imlind Usnig.

Bili Tortan Eó Rosa
at comáille comdosa
Mugna is Cróeb Daithi indiu
is Fintan a n-iarlaithiu.

Eas Rúaid heret aiges núall
cén beit eicne ’ga imlúad
Dún Tulcha cos toraich mair
ní scéra re deg-seanchaid.




p. 152.

Am seanchaid fén fíadh cech dronhg
deich cét blíadna cen imroll
re ré mac Mílead, mét neirt,
robsam fíadnaiseach fodeirc.

Is fodeirc.

31. Doróne iarum in láid sin, & roairis re sloind senchasa do
fheraib hÉrind béos conice in inbaid sin tánic fo gairm Diarmata
meic Cerbaill & Fland Foebla meic Scandláin & Chindfháelad meic
Aililla & fer nÉrenn ar chena do brith breithi dóib im suidigud
tellaig Themra. Acus así breth ruc dóib: ‘a bith amail dosairnicmair,’
ar Findtan, ‘ní thargom tara n-ordugud forfhácaib Tréfhuilngid
Tre-eochair remum, ar ba haingel Dé héside, nó fa Día féisin.’

32. Tángadar iarsein mathi hÉrenn amail roráidsem do
t[h]idnocol Fintain co hUisneach, conid and rochelebair cach díb
di arailiu i mmulluch Usnig. Ocus rosuigid ina fíadnaisi lia
cloichi cóic-druimneach i fír-mullach Uisnig. Ocus dobert drumain
de fri cech cóiced in-nHérind, ar is amlaid atá Temair & hUisnech
i nHerind amail bit a di áraind a mmíl indile. Ocus co tóraind
forrach and .i. irrondus cach cóiced díb in-hUisnech & doroindi
Fintan in láid so iar córugud ind lia :

33. Cóic hurrunda Érind
iter muir is tír
adfesar a cóicricha
cecha huirruind díb.

Ó Drobáis drongadbail
deis Bealach Cúairt
co Boïnd mborrfadaig
sruth Segsa súairc.

Ó Boïnd bánsrothaig
co cétaib cúan
co Comar ndál-buidneach
Thri nUsci n-úar.

Ón Chomar chétna-sin
co fuiritiud cas
co Beolo na n-anhgbaid-Chon
dangairther glass.




p. 154.

Ón Belach Conglais [sin]
cruthach in gen
co Luimneach lethanglas
frismbarca ben.

Ó purt ind Luimnig-sin
luiben glass clár
co Drobáis nduillendglais
fris mbenand sál.

Súithemail slechtoghud
frisogar súitt
comlán in certugud
dia cor i cóic.

Cóic.

Roinde na n-ardchúiced
ind-Uisnech rúitt
randsait tall tri[i]t
ind licc i cúic.

Cúic.



34. Roforgell tra andsin Fintan conid cóir gabáil cóic cóicead
hÉrend a Temraich & a hUissnech, & conid cóir a ngabáil-seom as
cech cóiced i n-Hérind. Celebrais iarum andsein Fintan do feraib
Hérenn isin baile sin, & dothóet co Dún Tulcha i Cíarraigi Luachrai,
dofánic iarum faindi dó & dorigne in láidh-sea :

Fand indiu mo beatha búan
romgab in críne m’imlúad.
ní clóechloim cruth armothá
is mé Fintan mac Bóchra.

Bá fo dílind blíadain láin,
fo chumachta in Choimdead c[h]áid,
ocus deich cét mblíadna mbind
bá-sa am’ óenur iar ndílind.

Co tánic in dám glan glé
rogab ind nIndber Bairce,
co tucas-sa in mbé sáir sláin
Áife ingen Parrthaláin.




p. 156.

Bá-sa iarsin tremsi móir
i comaimsir Parrthalóin,
co rochindsead úada amne
drong dímór bá díáirme.

Conastánic pláig pecda
in n-oirthear Slébe Elpa,
conid dosin, dígrais gre[i]m,
atá Taimlecht ind-Hérinn.

Tricha blíadna dam iar sin
co tángadar clann Neimid
eter Íath Boirche rop sean
ar geilt féoir cen imargal.

Ar Muig Ráin re flatha fiss
tucus Éblend soluscnis
siur Loga lúaithi cen fhell
ingen Chéin & Eithleand.

Is mebair lim, lúadh cech áin,
in seanchus fil ar Mag Ráin
i cath Muighi Tuiread trén
rosealgadar clanna Gomér.

Bá fid fota fleascach fann
fri remis Túaithe Danann
conrucsad ’na nglúinib soir
Fomore i ndegaid Balair.

Is in drongach regda cnis
ingen Togach trethanglais
mad intan sin robo bean
anní diatá Slíab Raisen.




p. 158.

Lecco ingen Tala thrén
ocus Meda mórdais géll
fosfúair is tulaig cen cheas
i farrad Meda anoirrdeas.

Ge beor indiu i nDún Tulcha
is neasa ar chách comurchra
in rí maith romalt cose
isé domrad hi faindi.
Fann.


35. Ronhgab tra mifrigi móir ó’dchondairc airrdena éca do
thuideacht chuice, & ó rofidir corbo mithigh re Día a bás-som do
thuidecht cen clóemclodh ndelba dó ó sin imach, conid andsen
doroindi-seom in láid-sea:

Am crín indiu i Comor chúan
nímthá sáethar re imlúag
rogénair rogabus gre[i]m
cóecait mblíadna ría ndílind.

Doridnacht dam ón ríg rél
mo sóg do thachar i cé[i]n
coic cét cóic míli cose
isé sin mét in aimsire.

A Maig Mais fo díamraib de
itá Gleóir mac Glainide
is and itibis dig n-áeis
ó nach mairid dom chomáis.

An cétna lonhg, líth roclas,
fúair Hérinn iar n-imarbus
is inti tánic anair
is mé mac Bóchra barrglain.




p. 160.

Is úad rogénair ón tríath
ó húa Náe mac Laimiach,
iar ndíth Ceasra atú-sa trell
ic sloinded senchus Hérind.

Is Bith mac Náe seach cech fear
cétna ránic a haitreb
(MS col.  749) ocus Ladru lúam iar sin
cétna adhnacht fo thalmain.

Atlochar do Dia am sruith sen
don ríg rodelb ind naem-nemh
ní mo thorbond, céb eadh de
nochom chobrand mo chríne.

Cúic gabála, gním rob fearr
rogabsadar tír Hérenn
atú dia n-éisi sund seal
cosin ré-se mac Míleadh.

Is mé Fintan, am beó búan.
is am seanchaidh sen saerslúag
nirotimart gáes ná gním glé
co romteacht áes is críne.

Am crín.

36. Roforbastair tra Fintan a beathaid & sháegul fon indus
sin, & dofarraid aithrighi & rochaith comaind & sacarbaigg do
láim epscuip Erc meic Ochomoin meic Fidhaich, & dodechaid
spirat Pátraic & Brigde co rabatar a fíadnaisi a éitsechta. Is
indemin immorro cía baile in rohadhnocht, acht is dóig leo is ina
chorp chollaigi rucad i nnach ndíamair ndíada amail rucad Ele
& Enócc i pardus condafil ic ernaidi eiseiséirgi in sruthseanóir
sáeghlach sin .i. Fintan mac Bóchra meic Eitheir meic Rúail
meic Annida meic Caim meic Náe meic Laimiach.

FINIT. AMEN.




p. 162.

INTERROGATIO CINNFÁELAD.

FROM THE BODLEIAN MS. LAUD 610, fo. 57b.

23. Incipit interrocacio Cinnfaelad do Fintan mac Bochrai maic
Lamiach, no Bec mac Dead cecinit ut ailii dicunt.
‘Heriu cia gabad, cia rabad indi?’ ar Cennfaelad.
‘Ni hansa,’ ar Fintan. ‘Iarus fis, tuathus cath, airthius blath,
desus forthus flaith.’

24. ‘A fis, a fhorus, a forsaide, a comgne, a comarle, a baga, a
brithemnus, a senchas, a soinscni, a soere, a ssaidbri, a saigt[h]ige,
basa iart[h]ur ar foiride fo iath[h]maige mórglana, co ndentais a
fileda forbthe fó tredib nodanemthegedar .i. immas forosnai &
teinm laida & dicetal di cennaib coll, co ndentais a brit[h]emnas
bronnsa hetha nobertis firbretha a firinni frithib.’
‘Can assa iarthur?’ ar Cennfaelad, ‘ass amram forcan a gial[l]aigecht.’
‘Ni hansa,’ ar Fintan. ‘A Corond, a Cero, a Cruachnu, a hUmull,
a hEbu, a a hAidniu, a Maenmaig, a Muiriusc, a Aiu, a Tennmaig,
a Tedmniu, a Telcaig, a Tarbgu, a Bairinn, a Bagnu, a Brud, a
Bairremeni, a hAdur, a hEctgiu, a hAigliu, a hIrrus, a Seolaib, a
Slechtuib, a Scetniu, a hAichiu, a hEtarchu, a Rian, a Lurg, a
Luadat, a Muccus, a Trebniu, a Tureduib.’

25. ‘A catha, a congala, a duirre, a drobeala, a dlutha, a donala,
a debthu, a diubarta, a diummus, a dogaillse, a dúnne, a dúrc[h]ride,
a haer, a taisc, a ecnach, a fianna fuilechda fonecdis iltuatha
ria n-aidche agaig assin tuascert atuaith.’
‘Can assa tuasciurt as tressiu dobertis a morc[h]atha?’ ‘Ni
hansa,’ ar Fintan. ‘A Bernus, a Gull, a hA[i]rgull, a Breiffniu,
a Maig Ítha, a Maig Ene, a Maig Techt, a Maig Dula, a Maig Glas,
a Fanat, a Sathraib, a Sa(i)ltriu, a hArdaib, a hOsreniu, a hArd
Corann, a Lochdruim, a Cairthriunn, a Conluan, a Redib, a Rigdonn,
a Lethir, a Luglaig, a Lurg, a Lemain, a Gobair, a hEmain, a
hImclariu, a hAiliuch.’

26. ‘A hana, a himmed, a blatha, a beta, a ceis, a cosnuma,
a hairberta, a halgassa, a dama, a tairchoirthe, a tairscorthe, a hor,




p. 163.

a hargat, a srol, a siric, a síta, a brecglas. Ba ass airt[h]iur dorochad
a rigc[h]lanna, co ndentais a n-airechta saidbre sedacha. Bá sa
hairthiur fofertais a tnutha, dosaigtis a ndire air betaib nUlad
n-amnas n-alachtach.’
‘Can assa hairthiur as tictis a mbassa, assa saigtis a halgassa?’
‘Ni hansa,’ ar Fintan. ‘A Sebniu, a Latharnu, a hElliu, (MS fol. 58b)
a Moernaib, a mMaigib, a Lochaib, a Lethrannaib, a Maig Roscart,
a Maiginis, a Bairniu, a Bairchiu, a Breonu, a Cuim, a Cualgniu,
a Colpt[h]u, a Ma[i]g Murt[h]emne.’

27. ‘A suithe, a sama, a sathaile, a riarra, a haine, a hesnada,
a duchne, a doieda, a diberga, a dana, a duana, a binniusa, a cetla,
a clesamnact, a druine, a datha, a dageurrud, a ssa[i]ll, a mmil,
a cruithnecht, a hargat, a huma, a hibar, a hetach. Assa desciurt
ticdis do cumdach a flatha fairenn cach ildana, co ndaimtuigdis
tlachta ailde ildath condafoim a flaith cach a foferad a midcuardta
medracha ara mesce mell.’
‘Can assa desciurt tictis a ndrechta togai, a metrida aille, a
congrimma?’
‘Ni hansa. A Temair, a Turbi, a Rairinn, a Rechtaib, a Roigniu, a
Femun, a Finniu, a Fidgrinn, a Clui, a Cualaind, a Clariu, a Cuirriuch,
a Cuíí, a Cermno, a Mairc, a Mossad, a Midgniu, a hAniu, a hEchon,
a Elliuch, a Rossad, a Cond, a Libriu, a Luachair, a Ladraind,
a Bui, a Berriu, a Bristene.’

28. ‘A hordan, a hollomnas, a flathius, a forrame, a fessa, a
foressa, a hoenaige, a hairdarcus, a cluim, a carpat. Assa medon
foferta forbartai nert naus a flatha fondaimtis a iltuatha Erenn.’
‘Can assuide?’
‘Ní hansa. A hUisniuch, a Assul, a Atress(?), a Tethbai, a
Telchaibh, a Tlachtga, a Blemmo, a Bethri, a Cuircniu, a Brudin,
a Bri hEli, a Maig Era, a Maig Lege, a Lenaib, a Luachmaig, a
Loegellaib, a Cuim, a Codul, a Collamair, a Maig Tailten, a Biliu,
a Fremuin, a Slemuin, a hEd, a hAirceltraibh.’

FINIT.




p. 164.

FROM BOOK OF LISMORE, fol. 92a col. 2. end.

‘Heriu cia gabhat cia rabat inde?’ ar Ceanfaolad.

‘Ni ansa,’ ar Finntan. ‘Iarrus fis, tuathus cath. Airthus blath,
teasus flaith.’

24. ‘A fis, a forus, a forsaidhi, a coimhgne, a comurle, a badha,
a breitheamnus, a senchus, a soindscne, a saoire, a saidhbre, a
saigtighe ba asa hiartur condendais a fhileda forfe arna treighibh
nodaneimthegar .i. imbas forosna & tenm laogha & dicetal do
cennaibh.’

‘Can asa hiarthur?’ ar Cendfaolad. ‘Ni ansa,’ ar Findtan. ‘A
Corann, a Cera, a Cruachain, a hUmall, a hEaba, a hAidhniu, a
Maonmaig, a Muirusc, a Mucrumha, a hAoi, a Tennmuidh, a Tarbga,
a Boirind, a Badna, a Berramain.’

[breaks off].



© 2007 Thesaurus Linguae Hibernicae

Close this window