Fáilte chuig an Séú Comhdháil Domhanda Seandálaíochta!

Tá coiste stiúrtha na comhdhála ag tnúth go mór le fáiltiú romhaibh ag WAC-6, ón 29ú Meitheamh go dtí an 4ú Iúil 2008.  Is í an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath a bheidh mar phríomh-ionad na comhdhála, í suite díreach ó dheas ó chroílár na cathrach.  Mar a fheicfidh sibh ar an suíomh idirlíne (http://www.ucd.ie/wac-6) tá clár spéisiúil leis an iliomad téamaí agus seisiúin leagtha amach gur féidir libh páirt a ghlacadh iontu.  Is é an 22ú Feabhra 2008 an spriocdháta d’iarratais, idir páipéirí agus póstaeir. Bain úsáid as an bhfoirm leictreónach ar an leathanach Submit Proposals ar an suíomh le hiarratas a chur chugainn. Molaimid go láidir daoibh na hiarratais a chur isteach ar bhur luathchaothúlacht.

Tá táillí cláraithe na comhdhála liostáilte ar an suíomh idirlíne. Molaimid go láidir dóibh siúd nach bhfuil mar bhaill den World Archaeological Congress (WAC) go bhfaighfeadh siad ballraíocht dóibh féin, mar go bhfuil laghdú suntasach ar an táille cláraithe do bhaill an WAC.  Is féidir ballraíocht WAC a fháil ar líne ag http://worldarchaeologicalcongress.org/site/join.php.
Le sprioc an WAC a bhaint amach, sé sin go mbeadh an comhdháil féin chomh uileghabhálach agus is féidir, tá áthas orainn tacaíocht a ofráil do bhaill an WAC atá ag teacht ó thíortha faoi mhíbhuntáiste eacnaimiúil agus pobail dúchasacha, trí chlárú agus lóistín saor in aisce a chur ar fáil dóibh. Tá foirm iarratais tacaíochta ar an Leathanach Grants ar shuíomh WAC-6.
http://www.ucd.ie/wac-6

Beidh go leor taispeántais agus léirithe ar siúil le linn na comhdhála. I measc na dtaispeántais seo tá Ábhar agus Meon, Materials and Mentalities, mór-thaispeántas a dhéanann comóradh agus ceiliúradh ar an nasc idir sheandálaíocht agus ealaíon. Beidh turasanna eagraithe i lár na comhdhála ar an gCéadaoin, an 2ra lá Iúil, a thabharfaidh deis do thoscairí sult a bhaint as oidhreacht na tíre, chomh maith le trí thuras a eagrófar do dheireadh na comhdhála.  Beidh sceideal spleodrach sóisialta don chomhdháil chun gur féidir scíth a ligean ag deireadh an lae.

Seol ríomh-phoist le ceisteanna faoin gclár acadúil go wac6programme@ucd.ie
Seol ríomh-phoist le ceisteanna faoi chlárú, lóistín agus riachtanaisí víosaí Éireannacha go wac6@ucd.ie

Táimid ag tnúth go mór go bhur gcuairt go Baile Átha Cliath!
Gabriel Cooney, Rúnaí Acadúil, thar ceann coiste stiúrtha WAC-6

DÁTAÍ TÁBHACHTACHA

Spioc-dháta aighneachta páipéir / póstaeir: 22ú Feabhra 2008
Deimhniú deireanach ar pháipéir / póstaeir ar glacadh leo: 14ú Márta 2008
(Déan teagmháil le wac6programme@ucd.ie aon rannpháirtí go bhfuil gá acu le luath-dheimhniú ar pháipéir ar glacadh leo ar mhaithe le maoiniú a fháil)
Spriocdháta do luath-chlárú: roimh an 26ú Márta 2008
Spriocdháta do mhall-chlárú: i ndiaidh an 26ú Márta 2008
Spriocdháta deireanach cláraithe d’eagraithe & rannpháirtithe: 1d Bealtaine 2008