Déan iniúchadh ar UCD

Baile UCD >
SS 2025
íomhá forleagan

Scoil Samhraidh Ghaeltacht UCD 2026

15-19 Meitheamh 2026. Tá Ráta na Mochóirí ar fáil anois!

Scoil Samhraidh Ghaeltacht UCD 2026

15-19 Meitheamh 2026

Tá an scoil samhraidh idirnáisiúnta seo dírithe ar dhaoine fásta in Éirinn agus thar lear a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge agus i gcultúr na hÉireann.

Beidh sé oiriúnach freisin do mhic léinn, in Éirinn agus thar lear, atá ag déanamh staidéir ar an nGaeilge mar ábhar nó ar Céim i Léann na hÉireann.

Beidh ranganna teanga ar fáil ag 5 leibhéal, ó thosaitheoirí go hardleibhéal, ó Luan go hAoine, 9:30 AM go 1:00 PM gach lá.

Beidh léachtaí tráthnóna ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla, agus beidh imeachtaí cultúrtha ar siúl gach tráthnóna.

Tá ráta na mochóirí BEO anois! 

Cláraigh thíos:

SS26 Cover

Féach ar Bhileog Scoil Samhraidh Ghaeltacht UCD 2026 anseo:

Scoil Samhraidh 2026

Iar-chúrsaí Samhraidh agus Aiseolas

ss2025

  • Thaitin gach rud faoin Scoil Samhraidh liom. Thar aon rud eile, thaitin an múinteoir liom." - Miriam O'Callaghan
  • "Bhíomar ag caint go leor gan strus agus tá níos mó Gaeilge agam anois. Bhí na daoine cairdiúil. Bhí an Scoil samhraidh eagraithe go han-mhaith." - Patrick Ó Murchú
  • "Bhain mé an-taitneamh as gach gné den chúrsa - na daoine, na ranganna, na himeachtaí agus an chraic! Beidh mé ar ais an bhliain seo chugainn gan dabht!" - Hannah Ryan Murphy

Íomhánna ón Scoil Samhraidh

Gaeltacht UCD

Seomra L540, Foirgneamh na Leabharlainne, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Belfield, Baile Átha Cliath 4, Éire.
E: ranganna.gaeilge@ucd.ie