Cúrsaí do Mhic Léinn agus do Bhaill Foirne

Cuireann Gaeltacht UCD cúrsaí Gaeilge ar fáil do phobal UCD leis an nGaeilge a fhoghlaim i rith na bliana. Bíonn múinteoirí oilte ag reachtáil na ranganna seo agus is deis iontach é cairde nua a dhéanamh. Tá ábhar teagaisc Ghaeltacht UCD bunaithe ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha.‌ Tá sé tábhachtach clárú do na cúrsaí go luath chun a chinntiú go mbeidh áit ann duit. Tá na cúrsaí seo a leanas ar fáil ach amháin do mhic léinn agus baill foirne reatha UCD.

Tuilleadh Eolais

Teach na Gaeilge UCD 2023-2024

Taithí saoil faoi leith is ea mion-Ghaeltacht UCD, a bunaíodh sa bhliain 2000. Bíonn deis ag mic léinn de chuid réimsí éagsúla léinn maireachtáil agus obair le chéile as Gaeilge. Cuireann siad faobhar ar a gcuid buanna faoi leith trí mheascán mór imeachtaí cultúrtha agus sóisialta. Tairiscíonn Gaeltacht UCD 24 scoláireacht do mhic léinn atá líofa sa Ghaeilge agus a dteastaíonn uathu í a chur ar aghaidh le tograí nua.

Tuilleadh Eolais