• Cuimhní Cinn ar 1916: taispeántas ar-líne de thaifeadtaí fuaime as Cnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

      ÉIST

  • Gné thábhachtach de chartlann Chnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath is ea cuimhní cinn phearsanta ar imeachtaí stairiúla logánta agus náisiúnta. Cuimsíonn an t-ábhar seo idir thras-scríobh lámhscríofa ar agallaimh a rinneadh sna 1930idí agus na 1940idí, agus agallaimh théipthaifeadta a bhaineann le tréimhse na 1950idí agus ina diaidh. I gcuid de na hagallaimh seo, go háirithe iontu sin a taifeadadh ó dhaoine a bhí ina gcónaí i gcathair agus i gcontae Bhaile Átha Cliath, faightear cuntais bheoga chomhaimseartha ar Éirí Amach na Cásca, 1916 agus ar ar tharla idir sin agus baint amach an neamhspleáchais, agus an Cogadh Cathartha.

Ag Comóradh Dheich mBliana na gCuimhneachán i UCD

Tá maoiniú á dhéanamh ar Cuimhní Cinn ar 1916 ag Scéim Gradaim Inmheánach Dheich mBliana na gCuimhneachán i UCD. Mar mhórshealbhóir cartlann a mbaineann tábhacht náisiúnta agus idirnáisiúnta leo i dtaca leis an tréimhse 1912 go 1923, is í an fhís atá ag an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath le haghaidh na gcuimhneachán seo, bonn eolais a chur faoin díospóireacht agus faoin tuiscint náisiúnta, de ghlór oibiachtúil scolártha, ar dhóigh a thugann an t-oideachas agus an dearcadh úr chun tosaigh. Chun breis eolais a fháil ar chomhdhálacha, taispeántais, foilseacháin agus aschur eile de chuid COBÁC a bhaineann le Deich mBliana na gCuimhneachán, féach http://centenaries.ucd.ie

An Tionscadal Béaloidis Uirbigh

Ba nuálach agus ba thráthúil an fiontar é Tionscadal Béaloidis Uirbigh 1979-1980, ina gcaomhnaítear taifead fuaime luachmhar ar bhéaloideas agus ar stair shóisialta Bhaile Átha Cliath. Roinn Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath a thug faoin Tionscadal, faoi stiúir an Dr Séamas Ó Catháin.