Skip navigation

University College Dublin Logo
SEARCH UCD

Advanced Search
 
 
 

UCD News

Nuacht UCD

Posted: 03 March 2008

As Bearla >>

‘Please Talk’ feachtas tacaíochta do mhic léinn ar fáil ar fud na tíre. Ollscoileanna na hÉireann ag oibriú le chéile le mic léinn a spreagadh chun tacaíocht a fháil.

Tá daoine óga idir 18 agus 25 leochaileach ó thaobh statistice de ar rátaí arda dúlagair agus féinmharaithe. Tá seacht n-ollscoil páirteach sa bhfeachtas agus breis is 100,000 mac léinn faoina mbráid. Tá na hollscoileanna ag comhoibriú sa bhfeachtas ‘Please Talk’ le mic léinn atál ag streachailt le himní chun dearcadh dearfach seachas dearcadh diúltach a bheith acu agus iad ag fáil chomhairle.

Thosaigh an feachtas i gColáiste na hOllscoile Baile Átha Cliath go luath sa bhliain 2007, le cabhair ó réalt CLG Seán Óg Ó hÁilpín. Toisc an rath a bhí ar an bhfeachtas i gCOBÁC réitigh na seacht n-ollscoileanna an feachtas a chur chun tosaigh.

Curtha le chéile ag na Séiplíneachtaí, Aontais na Mac Léinn, agus na Séirbhisí Tacaíochta do Mhic Léinn ó na seacht n-ollscoil, is é an chéad feachtas dá léithéid a bheidh ar fáil ó cheann ceann na tíre.

Ionadaithe ó na seacht n-ollscoil ag spreagadh mac léinn le tacaíocht a fháil trí fheachtas ‘Please Talk’.
Ionadaithe ó na seacht n-ollscoil ag spreagadh mac léinn le tacaíocht a fháil trí fheachtas ‘Please Talk’.

‘Tá mé sásta an feachtas ‘Please Talk’ a athsheoladh go háirithe mar chomhoibriú náisiúnta idir na hollscoileanna ar fad in Éirinn, a dúirt Dr Hugh Brady, Uachtarán COBÁC.
‘Is é bunaidhm an fheachtais ná tusicint a chruthú i measc na mac léinn faoi thábhacht ábhair a mbuairt a chur in iúl agus an méid séirbhisí atá ar fáil chun tacaíocht a sholáthar.
Tá teachtaireacht an fheachtais soléir do na seachtar uachtarán Aontais na Mac Léinn: Is comhartha nirt, ní laige é cabhair a iarraidh. Tá séirbhisí tacaíochta ar fáil le cuidiú.
‘Trí fheachtas ‘Please Talk’ tá súil againn go gcuirfimid mic léinn ar an eolas faoi na séirbhisí tacaíochta atá ar fáil dóibh,’ a dúirt an tAthair Tony Coote, a chur tús leis an bhfeachtas in COBÁC. ‘Agus go bhfeicfidh siad gur comhartha nirt é fiafrú cabhair.’

Tá an feachtas seo bunaithe ar shuíomhlíne www.pleasetalk.ie a sholathraíonn nascanna do réimse leathan séirbhisí tacaíochta atá ar fáil trasna campais na n-ollscoileanna. Tá teachtaireachtaí an fheachtais ar shuaitheantais, t-léinte, pinn, pinn luaidhe, postaeirí agus ábhair phriondáilte eile atá dáilte ar an gcampas. Tá rath an fheachtais sa teachtaireacht simplí.

‘Ó sheoladh tosaigh feachtas ‘Please Talk’ tá níos mó mac léinn ag baint úsáid as an suíomhline mar bhealach chun a gcairde a spreagadh chun labhairt faoina n-imní,’ a duirt an tAthair Coote.

‘Is í an chúis gur éirigh leis an bhfeachtas in COBÁC ná go bhfuil gach éinne ag iarraidh a bheith pairteach ann, idir fhoireann agus mhic léinn, agus tá an teachtaireacht chomh simplí agus éifeachtach,’ a dúirt Barry Colfer, Uachtarán Aontas na Mac Léinn COBÁC.

‘Bíonn fadhbanna ag mic léinn i ngach ollscoil in Éirinn a bhíonn cabhair uathu le linn iad a bheith ag freastal ar an ollscoil, agus an feachtas Please Talk a bheith ar fáil ar fud na tíre a bhí uainn chun an t-eolas riachtanach a chur ar fáil do mhic léinn.’

Thosaigh ‘Please Talk’ an feachtas tacaíochta do mhic léinn a chur ar fáil go náisiúnta ar an 3 Márta tar éis seoladh oifigiúil i dTeach Newman, Baile Átha Cliath.

I measc na n-aíonna ag an ócáid:Dr Hugh Brady, Uachtarán COBÁC; An tOllamh Ferdinand Von Prondzynski, Uachtarán DCU; Dr David Redmond, Cláraitheoir Ollscoil na hÉireann Má Nuad; Dr Bernadette Walsh, Stiúrthóir Gnóthaí Mac Léinn, Ollscoil Luimnigh; An tAthair Diarmuid Hogan, Ollscoil na hÉireann Gaillimh; An tAthair Paddy Gleeson, Coláiste na Tríonóide BÁC; Uachtaráin Aontais Mac Léinn na Seacht n-ollscoileanna Éireannacha agus Geoff Day, Stiúrthóir An Oifig Náisiúnta um Fhéinmharú a Chosc.
>> More News and Events
<< Back to Home

‘Please Talk’ feachtas tacaíochta do mhic léinn ar fáil ar fud na tíre. Ollscoileanna na hÉireann ag oibriú le chéile le mic léinn a spreagadh chun tacaíocht a fháil.