Skip navigation

University College Dublin Logo
SEARCH UCD

Advanced Search
 
 
 

UCD News

Nuacht UCD

Posted: 20 February 2008

as Bearla >>

Séamus Ó Duilearga - Formation of a folklorist

Tá Séamus Ó Duilearga, a bhí ina Ollamh ar Bhéaloideas Éireann i gColáiste na hOllscoile Baile Átha Cliath ó 1946-1971, ar dhuine de na scoláirí is mó a bhfuil cáil air thar lear.

Ba bhunaitheoir de Chomhairle Bhéaloideas Éireann (1926), Institiúid Bhéaloideas Éireann (1930-1934) agus Comisiúin Bhéaloideas Éireann (1935-1970). Na laethanta seo, leanann obair na gcumann seo ar aghaidh sa Bhailiúchán Náisiúnta Bhéaloideas i Lárionad Uí Dhuillearga do Bhéaloideas na hÉireann sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath.

Tá breis agus trí mhilliún leathanach de lámhscríbhinní san ionad, chomh maith leis na mílte uair de chlosthaifeadtaí. Tá tuairim is 70,000 griangraf agus liníocht in éineacht le bailiúchán pictiúr. Sa tsainleabharlann, tá 50,000 leabhar clóite, tréimhseachán agus seach-chló bainteach le béaloideas Éireann agus béaloideas comparáideach, eitneolaíocht agus réimsí gaolmhara.

Cén chaoi, áfach, ar éirigh le Séamus Ó Duillearga, a bhailigh cnuasach béaloidis atá ar na cnuasaigh is fearr ar domhan, bheith ina réalt eolais ar an ábhar, ós rud é go raibh a bhunoiliúint sa léann ceilteach seachas sa léann béaloidis?
Insíonn leabhar nua le Séamas Ó Catháin, iarollamh le Béaloideas Éireann, scéal an bhéaloideasaí úd. I measc ábhar an leabhair, tá dialann an Duilleargaigh, a nótaí pearsanta agus a chomhfhreagras le saineolaithe an réimse agus comhairleoirí eile in Éirinn agus thar lear, chun cur síos cuimsitheach a thabhairt ar chur chuige Uí Dhuillearga.

‘Cuireadh Ó Duillearga in aithne do Carl Wilhelm von Sydow, béaloideasaí Sualannach a bhí in Éirinn an tráth sin le Gaeilge a fhoghlaim, ag léacht de chuid an bhéaloideasaí Ioruaigh Reidar Chistiansen i 1927. An bhliain dar gcionn d’imigh Ó Duillearga ó Éirinn chun na Sualainne chun níos mó a fhoghlaim i dtaobh léann an bhéaloidis,’a dúirt an tOllamh Ó Catháin. ‘Seo mar a thosaigh Ó Duillearga a thriall ar staidéar an bhéaloidis agus mar ar bhuail sé le béaloideasaithe idirnáisiúnta a mbeadh tionchar mór acu ar a chuid oibre.’

Sheol an Dr TK Whitaker Formation of a Folklorist - The visit of James Hamilton Delargy to Scandinavia, Finland, Estonia and Germany atá foilsithe ag Comhairle Bhéaloideas Éireann, go hoifigiúil i dTeach Newman.

‘Ba fhear suntasach a raibh an fhís, an traenáil, an daonnacht, an dúthracht dochloíte agus an cumas eagraíochta chun tabhairt faoi bhailiú agus chosaint oidhreacht bhéil na hÉireann a raibh baol báis uirthi,’ a dúirt an Dr TK Whitaker i leith Uí Dhuilearga, a raibh aithne aige air ina bhlianta deireanacha.

 

Comhairle Bhéaloideas Éireann

Bunaíodh Comhairle Bhéaloideas Éireann i 1972. Is éard atá ann na deichniúr ball, ceapaithe ag Uachtarán an Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath, ceathrar dóibh ainmnithe ag an Aire Oideachais agus Eolaíochta. Is iad feidhmeanna an Chomhairle: catalógú, eagarthóireacht agus foilsiú d’abhair ón mBailúchán Bhéaloideas Náisiúnta sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath a scagadh; an t-ábhar a chur ar fáil agus úsáid na n-ábhar; agus an ciste a chuirtear ar fáil do chostais catalóige, eagarthóireachta agus foilsithe Bhéaloideas Éireann agus réimsí staidéir gaolmhara.

 

>> UCD School of Irish, Celtic Studies, Irish Folklore & Linguistics

>> More News and Events
<< Back to Home

Séamus Ó Duilearga - Formation of a folklorist