Cartlann na gCanúintí - Irish Dialect Archives

Irish Dialect Archive

The Irish Dialect Archives are an unparalleled resource as linguistic and lexicographical archives, established in 1953 by Tomás de Bhaldraithe. 

Bunú agus stair

Achmhainn teangeolaíochta agus foclóireachta den chéad scoth is ea Cartlann na gCanúintí, a bhunaigh Tomás de Bhaldraithe sa bhliain 1953.  Tá lámhscríbhinní agus cáipéisí inti nach bhfuil le fáil in aon áit eile, lena n-áirítear saothair agus comhfhreagras go leor scríbhneoirí, bailitheoirí agus scoláirí.  Ó 1979 go 1986, ba é Tomás de Bhaldraithe an tOllamh le Canúineolaíocht na Gaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, post a pháirtmhaoinigh Acadamh Ríoga na hÉireann.

Bhí an Chartlann seo fíorthábhachtach san obair a rinneadh i gcanúineolaíocht agus i bhfoclóireacht na Gaeilge, agus bhí siad lárnach san obair cheannródaíoch a rinneadh i réimse na foclóireachta ríomhaireachta sna 1970idí. Cuid den obair seo ba ea:

  • Foclóir Béarla-Gaeilge (English-Irish Dictionary) de Bhaldraithe (1959);
  • Foclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill (1977) - bhí de Bhaldraithe ina eagarthóir comhairleach air;
  • foclóirí teicniúla de chuid na Roinne Oideachais.

Príomhbhailiúcháin

Bailiúchán na gCártaí

Tá tuairim is 500,000 iontráil foclóra sa Chartlann seo i bhfoirm cártaí.  Is iad na cártaí seo is bun le foclóirí áirithe a bheith ann, idir fhoclóirí ginearálta agus fhoclóirí acadúla, lena n-áirítear 15,000 ceannfhocal a tógadh ó fhoclóir Laidine-Gaeilge a scríobh Risteard Pluincéad sa bhliain 1662.   Baineann na cártaí le tuairim is 60 bailiúchán, a stóráiltear i mboscaí agus atá i gcatagóirí, de réir údair agus áite. 

Dhá shampla:

Bailiúchán Cártaí de Bhaldraithe ina bhfuil 33 bosca agus tuairim is 2,000 cárta i ngach bosca acu sin.  Tá formhór na gcártaí stóráilte de réir na haibítre agus tá eolas iontu maidir le focail Ghaeilge agus leaganacha Gaeilge.   Scríofa le láimh atá formhór na gcártaí, agus tá eolas orthu maidir le foghraíocht an cheannfhocail a thugtar i ngach cás, mar aon le go leor samplaí den tslí ar féidir an focal sin a úsáid.  I roinnt cásanna, tugtar sonraí maidir leis an gceannfhocal, a bhrí, a inscne, an chuid sin den chaint lena mbaineann sé agus samplaí úsáide.

Tá 32 bosca i mBailiúchán Cártaí Thomáis Laighléis, agus tá thart ar 1,000 cárta i ngach bosca. Tá eolas sa bhailiúchán seo ar fhocail Ghaeilge agus leaganacha Gaeilge, ach, murab ionann agus bailiúchán de Bhaldraithe, a dhíríonn ar chúrsaí foghraíochta, tugtar a lán samplaí sa bhailiúchán seo den tslí ar féidir focail agus leaganacha a úsáid, agus cuid acu an-fhada.  Lámhscríofa atá na cártaí ar fad.

Le cois na samplaí seo, i measc na 60 bailiúchán a fuarthas ó dhaoine ó bhéal, tá saothair le go leor de na foclóirithe, bailitheoirí béaloidis, scríbhneoirí, scoláirí agus aistritheoirí gairmiúla is mó le rá in Éirinn, ina measc, Seán Ó Ruadháin, Pilib Ó Foghludha, Seán Ó hEochaidh, Seosamh Ó Dálaigh, Pádraig Ua Maoileoin, agus Séamas Ó Maolchathaigh.

Bailiúchán na Lámhscríbhinní

I measc na gcáipéisí agus na nithe eile a stóráiltear i gCartlann na gCanúintí agus arbh fhiú iad a lua, tá na bun-lámhscríbhinní seo a leanas:

  • Stair na mBlascaodaí: Beag agus Mór le Tomás Ó Criomhthain (1930),
  • Seanchas Chléire le Conchubhair Ó Síothcháin (1939);
  • Foclóir neamhfhoilsithe Béarla-Gaeilge agus Gáidhlig a bhfuil 12 eagrán ann, arna dtiomsú ag Liam Mac Giolla (1953);
  • Cuimhí cinn Sheáin Uí Dhálaigh ar Dhún Chaoin;
  • Dialanna Dhonncha S. Uí Dhrisceoil - baineadh úsáid astu seo le haghaidh an cholúin rialta a scríobh sé ar an Irish Times agus foilsíodh sleachta astu i leabhar dar teideal Aistí ó Chléire (1987).

Páipéir de Bhaldraithe

Bhronn gaolta Thomáis de Bhaldraithe a chuid páipéar pearsanta agus nótaí taighde ar an gCartlann.  Ar na cáipéisí seo, tá comhfhreagras le filí, scríbhneoirí, scoláirí, ceannairí na gluaiseachta Gaeilge agus pearsana poiblí eile, mar shampla, an tOllamh Cormac Ó Cadhla, Eric Mac Fhinn, Dónall Mac Amhlaigh, Tomás Ó Máille, Máirtín Ó Flaithbheartaigh, Mícheál Ó Maoláin, Eoin McKierna, Colm Ó Gaora, Mícheál Ó Siochfhradha, Máire Mhac an tSaoi, Máirtín Ó Díreáin, Eibhlín Ní Bhriain, agus Seosamh Dáibhéid.

Cartlann na gCanúintí Gaeilge i Leabharlann Dhigiteach UCD

Tá digitiú déantar ar thrí bhailiúchán de chuid Chartlann na gCanúintí, ar féidir teacht ar dhá cheann acu trí Leabharlann Dhigiteach UCD: 

  1. Lámhscríbhinn lámhscríofa is ea B26 'Seanchas, cuimhní cinn' le Seán Ó Dálaigh ó Dhún Chaoin, Co. Chiarraí (nasc). Sa bhailiúchán seo, tá comhfhreagras a bhaineann le foinsí agus stair na lámhscríbhinne freisin, mar aon le roinnt ábhair ar Ó Dálaigh é féin.  Thug an t-údar an lámhscríbhinn do Cornelius Duane, Cigire Scoile, timpeall na bliana 1947.  Rinne Duane iarracht an lámhscríbhinn a fhoilsiú agus chuir nótaí mínithe eagarthóireachta leis.  I 1978, bhronn Fionnuala Duane, iníon Cornelius Duane, an lámhscríbhinn ar an Ollamh Tomás de Bhaldraithe, Cartlann na gCanúintí.   Tá 10 Ní agus 599 páirt in B26.
  2. Lámhscríbhinn lámhscríofa is ea B30 'Stair na mBlascaodaí, beag agus mór' le Tomás Ó Criomhthain ón mBlascaod Mór, Co. Chiarraí (nasc).  Tabhair do d'aire nach bhfuil leathanaigh an ábhair seo san ord ceart.   Tá 1 Ní agus 104 páirt in B30. 

I measc na rudaí eile atá sa Chartlann, tá:

  • Clostéipeanna, ar thaifead an tOllamh Hans Hartman cuid acu sna 1960idí, mar aon le comhfhreagras agus trascríobh a ghabhann leo. 
  • Liosta focal a chuir iarbhaill foirne den Chartlann in ord aibítre a bhaineann le cuid de shaothair fhoilsithe Uí Chriomhthain, Uí Chadhain, Uí Chonaire, Mhic Grianna, Uí Chéileachair agus údar eile;
  • Bailiúchán leabhar a bhronn Éamon de Valera, Uachtarán na hÉireann (1959 – 1973) i 1973 ar Chartlann na Gaeilge chun comóradh 20 bliain a bunaithe a cheiliúradh.
  • Rogha scór ceoil a bhaineann le tús an 20ú haois.
  • Paimfléid a bhaineann le tús an 20ú haois.
  • Leabhair mhaisithe do pháistí i nGaeilge. 
  • Ábhar digiteach agus micreascannán.

Cartlann na gCanúintí Clár Faisnéise - Marion Gunn (PDF)

Show/hide contentOpenClose All

Irish Dialect Archive images

Establishment and History

The Irish Dialect Archives, established in 1953 by Tomás de Bhaldraithe, are an unparalleled linguistic and lexicographical resource.  They contain unique manuscripts and documents including the works and correspondence of many writers, collectors and scholars. From 1979 to 1986 Tomás de Bhaldraithe was the UCD Professor of Irish Dialectology, a position part-funded by the Royal Irish Academy. 

These Archives were instrumental in the important work carried out in dialectology and lexicography in Irish, and were also, in the 1970s, engaged in pioneering computational lexicography. The work included: 

  • de Bhaldraithe’s English-Irish Dictionary (1959) ;
  • Foclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill (1977)  - de Bhaldraithe was consultant editor
  • technical dictionaries from the Department of Education   

Main Collections

Card collection

The Archives contains circa 500,000 dictionary entries in the form of cards. These cards formed the basis for a number of dictionaries, both general and academic, including 15,000 Irish head words taken from a Latin-Irish dictionary handwritten by Risteard Pluincéad in 1662. The cards are organised into c. 60 collections, which are stored in boxes and categorised according to author, and location. 

Two examples:

The De Bhaldraithe Card Collection consists of 33 boxes and each box contains approximately 2,000 cards. Most of the cards are stored alphabetically and contain information regarding Irish words and phrases. The majority of cards are handwritten, and contain phonetic information with the title word given as well as one or several examples of usage. In some cases detailed cards contain the title word, its meaning, gender, part of speech and examples of usage.

Tomás Laighléis Card Collection consists of32 boxes, and each box contains approximately 1,000 cards. This collection provides information on Irish words and phrases, but unlike De Bhaldraithe's collection which focuses mainly on phonetics, this collection gives many and, in some cases, very lengthy examples of word and phrase usage in Irish. All the cards are handwritten. 

In addition to these examples, among the 60 collections gathered orally are works provided by many of the most famous lexicographers, folklore collectors, writers, scholars and professional translators in Ireland, including Seán Ó Ruadháin, Pilib Ó Foghludha, Seán Ó hEochaidh, Seosamh Ó Dálaigh, Pádraig Ua Maoleoin, Séamas Ó Maolchathaigh. 

Manuscript collection

Among the documents and other items stored in the Irish Dialects Archives deserving a special mention are the following original manuscripts:

  • Stair na mBlascaodaí: Beag agus Mór by Tomás Ó Criomhthain (1930),
  • Seanchas Chléire by Conchubhair Ó Síothcháin (1939);
  • a 12-volume unpublished English-Irish and Scottish Gaelic Dictionary by Liam Mac Giolla (1953);
  • Seán Ó Dálaigh's Dún Chaoin memoirs;
  • Donncha S. Ó Drisceoil's Cléire diaries - These provided material for his regular column in the Irish Times and excerpts from them were published in book format entitled Aistí ó Chléire (1987). 

De Bhaldraithe papers 

The family of the late Tomás de Bhaldraithe gifted his personal papers and research notes to the Archives. These documents include correspondence with poets, writers, scholars, leaders of the Irish language movement and other public figures, for example, Professor Cormac Ó Cadhla, Eric Mac Fhinn, Dónall Mac Amhlaigh, Tomás Ó Máille, Máirtín Ó Flaithbheartaigh, Míchéal Ó Maoláin, Eoin McKiernan, Colm Ó Gaora, Míchéal Ó Siochfhradha, Máire Mhac an tSaoi, Máirtín Ó Direáin, Eibhlín Ní Bhriain and Seosamh Dáibhéid. 

IDA on the UCD Digital Library

Three collections from the Irish Dialect Archives are digitised, two of which are accessible via the UCD Digital Library 

1. B26  'Seanchas, cuimhní cinn' by Seán Ó Dálaigh of Dún Chaoin (Dunquin), Co. Kerry (link)  is a hand-written manuscript. This collection also includes correspondence relating to the manuscript's provenance and some material relating to Seán Ó Dálaigh. The manuscript was given by the author to Cornelius Duane, School Inspector in around 1947. Duane attempted to publish the manuscript and made editorial annotations to it. In 1978, the manuscript was presented to Professor Tomás de Bhaldraithe of the Irish Dialect Archive by Fionnuala Duane, daughter of Cornelius Duane.  B26 contains 10 Objects with 599 parts. 

2. B30 'Stair na mBlascaodaí, beag agus mór' by Tomás Ó Criomhthain of the Great Blasket Island, Co. Kerry  (link) is a hand-written manuscript, with the author's annotations. Note, pagination or reading order of this material is out of sequence.  B30 contains 1 Object with 104 parts  

The Archives also houses:

  • Audio tapes, some of which were recorded by Professor Hans Hartmann in the 1960s, and accompanying correspondence and transcriptions;
  • Concordance compiled by former Archive staff on part of the published works of Ó Criomhthain, Ó Cadhain, Ó Conaire, Mac Grianna, Ó Céileachair and other authors;
  • Collection of  books donated in 1973 by Éamon de Valera,  President of Ireland (1959 – 1973),  to mark the 20th anniversary of the establishment of the Irish Dialect Archives.
  • Selection of early 20th Century music scores
  • Early 20th century pamphlets
  • Illustrated children's books in Irish.
  • Digital content & microfilms

Cartlann na gCanúintí Clár Faisnéise - Marion Gunn (Finding Aid - PDF)