Explore UCD

UCD Home >

Uachtarán Léacht Tionscnaimh 2023 - An tOllamh Orla Feely

Posted 25 September, 2023

Is mór an onóir agus an pléisiúr é dom a bheith anseo libh inniu, chun mo Léacht Tionscnaimh a thabhairt, mar Uachtarán ar an gColáisteOllscoile, Baile Átha Cliath.

Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun cuntas a thabhairt ar chuid de na cúinsí a mhúnlaigh mé, agus labhairt faoin gcaoi a ndeachaigh sé seo i bhfeidhm ar an tuiscint atá agam ar  UCDagus an fhís atá agam don Ollscoil.

B'iomaí sciorta den ádh a bhí orm go dtí seo ach is dócha gurb é an chéad uair, agus an uair ba chinniúnaí b'fhéidir, a rith an t-ádh liom ná nuair a rugadh i dteaghlach muirneach tacúil mé, teaghlach a d'éirigh ní ba shonasaí de réir mar a cuireadh lenár líon thar na blianta. Tá an chuid is mó de mo theaghlach anseo inniu, agus táim ag cuimhneamh go háirithe ar dhaoine muinteartha liom nach féidir leo a bheith i láthair inniu.

Bhí sé de shonas orm, leis, gur fhás mé aníos ní hamháin i measc mo mhuintire ach i measc pobail agus i dtír freisin ina bhfuil meas ar oideachas. Chuir mé tús le mo chuid scolaíochta i Scoil Náisiúnta Naomh Pius X i Teach Mealóg thart faoi thús na 1970idí, tamall beag tar éis don scoil oscailt agus díreach ag an am ar bhog sí ó fhoirgnimh réamhdhéanta go foirgneamh scoile nua. Chuaigh mé ar aghaidh go dtí an mheánscoil i Scoil Mhuire Thír an Iúir agus gan ach deich mbliana ann nach mór ó tugadh oideachas dara leibhéal uachtarach saor in aisce isteach in Éirinn agus díreach ag an am a raibh foirgneamh nua-aimseartha úrnua á oscailt ag an scoil. Tamall ina dhiaidh sin, agus mé ag dul ar aghaidh chuig an tsraith shinsearach, d’oscail an scoil síneadh a raibh saotharlann mhór nua ann agus nach mé a bhí sásta go raibh mé i measc an chéad dreama le leas a bhaint aisti.

A bhuí leis an taithí seo, shíl mé ag fás aníos gur chuid den saol é go raibh boladh de phéint úr agus cairpéid nua ar gach scoil agus go mbeadh aon leabharlann dá gcuid lán le leabhair nua. Nach méanar do gach páiste dá mbeadh an t-ádh céanna orthu. An rud nár thuig mé ag an am ach go dtuigim go rímhaith anois,, ná  an chaoi a ndeachaigh  cinntí daoine eile, am agus airgead a chaitheamh ar mo chuid scolaíochta i bhfeidhm go mór ar mo thuiscint ar m'áit féin sa saol agus ar na deiseanna a tairgeadh dom.

Maidir leis an oideachas a cuireadh orm sna foirgnimh sin, tuigim go rímhaith anois gur den togha é. I measc an iliomad múinteoirí spreagúla a bhí agam, tá duine amháin a sheasann amach dom as an tionchar nach beag a bhí aici ar an treo inar ghabh mé go díreach ar fhágáil na meánscoile dom: is í sin Deirdre Kelly: múinteoir an-éirimiúil an-oilte matamaitice ardleibhéil siar i ré nár nós do mhórán scoileanna cailíní a leithéid a thairiscint dá gcuid daltaí. Tá áthas an domhain orm go bhfuil Deirdre i láthair inniu, in éineacht le príomhoidí agus ionadaithe eile, daltaí ina measc, ó na scoileanna sin a bhfuilim go mór faoi chomaoin acu.

Agus mo bhealach á dhéanamh agam tríd an meánscoil, rinne mé talamh slán de go rachainn ar aghaidh chuig an ollscoil. Ag féachaint siar dom anois, tuigtear dom cad é mar phribhléid a bhí sa mhéid sin. Ba phribhléid í a ceileadh ar mo thuismitheoirí agus a ceileadh ar a dtuismitheoirí rompu agus a dtuismitheoir rompu ag dul siar sna nglúnta: sinsir de mo chuid arbh fheirmeoirí beaga i gContae Liatroma agus siopadóirí i Mainistir Laoise iad. Ba bhreá le m’athair go háirithe freastal ar an ollscoil, ach faraor ní raibh sé ar a acmhainn a leithéid a dhéanamh. Ba mhinic é ag labhairt go bródúil ina dhiaidh sin faoina cheathrar páistí a bhí ag freastal ar ‘an ollscoil’, mar a thugadh sé féin air. Ina shúile féin ní raibh ach aon ollscoil amháin ann gurbh fhiú trácht air.

Agus mé ag déanamh mo mhachnaimh faoi cad ba cheart dom a roghnú mar ábhar staidéir san ollscoil, rith an t-ádh liom arís. Rinneadh dul chun cinn sa teicneolaíocht le linn na 1970idí agus na 1980idí a chuir tús le ré úrnua, dar linn. Fuair mé áireamhán póca mar bhronntanas na Nollag bliain amháin ar a raibh scáileán taispeána LED dearg maille le cnaipí nach féidir brath orthu i gcónaí, agus is cuimhin liom fós conas mar a chuir mé suimeanna deacra isteach ann ag iarraidh dallamullóg a chur air. D’éistimis le ceol leictreonach ar an Sony Walkman nua agus chualamar trácht ar ríomhairí le húsáid sa bhaile.

Do chailín de mo leithéidse a raibh an dúshuim aici sa mhatamaitic, ní nach ionadh gur mheall an teicneolaíocht mé mar bhealach le todhchaí iontach a bhaint amach. Bhí deireadh na 1970idí ann sular mhéadaigh líon na mban ag déanamh staidéir ar an innealtóireacht in Éirinn ó líon fíorbheag anois agus arís go líon beag ach seasta. Ba mhinic a scríobh Christina Murphy nach maireann, san Irish Times faoi na deiseanna do mhná sa ghairm, agus thionóil John Kelly nach maireann, Déan Innealtóireachta UCD an tráth sin, laethanta oscailte do chailíní scoile sa phríomhléachtlann i UCD Shráid Mhuirfean, mar a bhfuil an staighre mór i bhFoirgnimh an Rialtais sa lá atá inniu ann. Uair amháin eile chuaigh obair dhaoine eile chun tairbhe dom, obair ban ceannródaíoch an uair seo a raibh sé de mhisneach acu na bearta deacra luatha a chur díobh agus na mná a d’oibrigh go dian dícheallach chun cur le líon na mban sa ghairm.

Ba mar sin a tharla sé i 1982, agus gan ach 16 mbliana d’aois slánaithe agam, gur thosaigh mé ag freastal ar Scoil na hInnealtóireachta  UCD , agus an t-ádh orm ceithre bliana sonasacha a chaitheamh i mBelfield, in Ardán Phort an Iarla agus, go mór mór, i Sráid Mhuirfean. Fuair mé oideachas iontach ón bhfoireann teagaisc ar dhóigh leo, in ainneoin go raibh mórán ar an ngannchuid in Éirinn ag an am, nár cheart an t-oideachas a cheilt ar aon duine agus, go deimhin, táimid buíoch gur chuir siad dua orthu féin uaillmhian a chothú ina gcuid mac léinn.

Bhain mé mo chéim amach i 1986, mé in aon rang le hinnealtóirí leictreonacha éirimiúla, uaillmhianacha a fuair oideachas den chéad scoth ó  UCD. Bhí an saol ar a dtoil againn ach amháin go raibh fadhb bheag amháin ann. Post ní raibh le fáil dár leithéidí in Éirinn an uair sin. Bhuel, níl sé sin fíor amach is amach. Bhí poist an-mhaith á dtairiscint ag cuideachtaí leithéidí an BSL, agus an rud céanna ar siúl ag na chéad chuideachtaí ilnáisiúnta a lonnaigh sa tír i réimsí amhail Gléasanna Analóige agus Corparáid Trealamh Digiteach. Ach is fada buí a bhí an tír trí chéile ó dheiseanna a thairiscint dúinn a bhí ag teacht le scóip agus caighdeán an oideachais a cuireadh orainn.

D’imíomar inár dtáinte mar sin agus ár dtriall ar leithéidí Philips in Eindhoven nó Siemens i Munich. Nó, i dtaca liomsa de, go Berkeley i California, áit a raibh mo thriall chun PhD a bhaint amach.

Arís, caithfidh mé a bheith buíoch beannachtach go raibh sé d’ádh orm teacht in inmhe ag am a raibh fáilte mhór á cur roimh a lán mac léinn ó thír leithéid Éire, agus maoiniú á gcur ar fáil dóibh, leis, i riocht is go bhfuair mé an deis staidéar agus taighde a dhéanamh i gceann de na hollscoileanna is mó cáil ar domhan.

Israel Olatunde, UCD Sportsperson of the Year 2023; Kerri Rowen, UCD Medicine Student of the Year 2023; and Stiofán Ó Briain, Poet and PhD student in Modern Irish at UCD, along with UCD President Professor Orla Feely. Credit: Jason Clarke

D'oscail sé seo saol iomlán nua dom. Má rianaím mo chraobh ghinealaigh siar, tríd mo mhaoirseoir PhD Leon Chua, agus a mhaoirseoir siúd, agus mar sin de, tagaim ar ainmneacha amhail Vannevar Bush, fear a bhí ina cheann feadhna ar an National Science Foundation; Fred Terman, fear a bhí ina Phropast ar Stanford tráth agus é ina bhunaitheoir de Silicon Valley; agus siar siar arís go Thomas Edison. D’fhón an t-oideachas innealtóireachta uaillmhianach a cuireadh orm i UCD  dom mar dhroichead ó mo theaghlach bunaidh: - na feirmeoirí úd i gContae Liatroma agus na siopadóirí úd i Mainistir Laoise - go dtí an craobh ghinealaigh nua seo. Rug mé na sochair liom a shaothraigh na daoine seo le hallas a gcnámh agus a gcuid traidisiún.

Sa seal a chaith mé i mBerkeley, thit rud éigin suimiúil amach. Seachas ceist fhánach chairdiúil a chur orm faoi i mbun comhrá, níor léirigh daoine puinn spéise i mé a bheith de bhunadh na hÉireann ar chéad theacht go Berkeley dom. Ach, faoin am ar fhág mé, bhí an dúspéis á léiriú ag gairmithe ann. Diaidh ar ndiaidh ba léir dom go raibh daoine mór le rá i Silicon Valley tar éis gaoth an fhocail a fháil go raibh rud éigin ar bun in Éirinn, agus theastaigh uathu breis eolais a fháil faoi.

Bhí athrú ó bhonn ar siúl in Éirinn: ó thaobh cúrsaí geilleagair, tionscail agus sóisialta de, agus is ar éigin a bhí tír eile ann an uair sin ina raibh a mhacasamhail ar siúl. Bhí roinnt rudaí taobh thiar de seo ach, dáiríre píre, is iad daoine cumasacha an bhunchloch ar ar baineadh an t-athrú ó bhonn seo amach agus rath air mar chur chuige go fóill, mar a cuireadh in iúl go héifeachtach leis an bhfeachtas Eorpaigh Óga de chuid an GFT a reáchtáladh i lár na 80idí a bhfuil clú agus cáil air fós, lena íomhá de chéimithe innealtóireachta agus eolaíochta gealgháireacha nach bhféadfá gan suntas a thabhairt dóibh.

Ach ní gnáthchéimithe iad seo – ba chéimithe de chuid  UCD iad, ‘an ollscoil’ dar le m’athair agus daoine dá shórt. De réir an leabhráin a fuair mé ag lá oscailte a d'eagraigh John Kelly gurbh amhlaidh gur bhain seachtó faoin gcéad de na céimithe innealtóireachta in Éirinn an uair sin a gcéim amach ó  UCD. Seachtó faoin gcéad. Cuimhnigh ar cé chomh mór agus a bhí a líon. Cuimhnigh ar an méid a bhain siad amach d'Éirinn.

Agus níl sa mhéid sin ach an méid a rinne na hinnealtóirí. Ná déanaimis dearmad ar na disciplíní eile ar fud na hollscoile seo a rinne a gcion chun an tír seo a athrú ó bhonn. Ná déanaimis dearmad ar an gcaoi ina ndearna UCD proifisiúnú ar an oideachas gnó in Éirinn. Ná déanaimis dearmad ar lucht UCD  a d’oibrigh go dian dícheallach chun athchóiriú sóisialta a chur ar bun, nó a chuir cultúr na hÉireann i lár an aonaigh. Cuimhnigh ar dhisciplín ar bith, an disciplín is ansa leat san ollscoil seo, cuir i gcás, agus cuimhnigh ar an tionchar a bhí ag foireann teagaisc agus ag céimithe UCD  ar an disciplín sin.

Is duine mé a bhfuil an-mheas agam ar scéalta, agus tá sé seo ar cheann de na scéalta is mó a chuaigh i bhfeidhm orm agus a spreagann mé. Chonaic mé conas mar a d’fhorbair an tír seo ó áit ar chúl éaga ina tír a bhfuil, in ainneoin na bhfadhbanna romhainn sa lá atá inniu ann, rath mór uirthi agus leibhéal inniúlachta, clú agus saibhris saothraithe againn nach bhféadfainn a shamhlú siar sna laethanta a raibh mé ag freastal ar Shráid Mhuirfean.

Agus is agamsa atá a fhios, óir bhí mé i measc an dreama a mhair tríd, agus fios maith agam faoi conas mar a bhraith an dul chun cinn go léir ar oideachas, oideachas a shín siar go dtí an phéint úr sin agus go dtí na cairpéid nua, agus ar ardoideachas, a chothaigh an tallann agus na tacair sainscileanna ionainn nach mbeimis in ann dul chun cinn a dhéanamh gan iad. Agus is agamsa atá a fhios cé chomh lárnach agus a bhí UCD  i mborradh a chur faoi chúrsaí, ollscoil, ó thaobh méide agus téagair de, a rinne a cion ar bhealach nach bhfacthas a leithéid riamh cheana chomh fada agus a bhain sé le hathrú ó bhonn a chur ar an Éirinn a bhí ann le mo linnse.

Is dual do UCD , mar ba dhual di riamh anall, maitheas a dhéanamh – do shaol ár mac léinn, do Bhaile Átha Cliath, d’Éirinn agus, rud atá níos tábhachtaí ná riamh ar na saolta seo, don domhan i gcoitinne. Is daoine sin a fhéachann chuige go ndéantar bearta tábhachtacha. Fágaimid lorg inár ndiaidh.

Gan ach sampla amháin den obair seo a lua, tabhair cuairt ar Mhúsaem Litríochta na hÉireann, MoLI, atá ina chomhpháirtíocht idir  UCD  agus Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, agus feicfidh tú ann an t-athrú ó bhonn atá déanta ar an gcéad áit inar lonnaíodh an Ollscoil i bhFaiche Stiabhna. Féach ní hamháin ar na taispeántáin agus ar na taispeántais, ach ar na grúpaí scoile, na teaghlaigh agus na foghlaimeoirí ar feadh an tsaoil atá le feiceáil agus iad ag plé leis na gníomhaíochtaí atá le fáil ann agus féach ar thorthaí obair lucht MoLI a bhfuil duaiseanna buaite acu as comhtháthú sóisialta, cuimsiú agus comhphlé ilchultúrtha a chothú.

Tabhair cuairt ar Fheirm Lyons, an fheirm theagaisc agus thaighde s'againne, nó Feirm A Náid C i gContae Chorcaí, nó ár gcomhpháirtíocht leis an tionscal déiríochta i Ruanda, áit a mbeifeá in ann taighdeoirí  UCD a fheiceáil i mbun réitigh phraiticiúla a cheapadh ar na dúshláin a bhaineann le talmhaíocht inbhuanaithe.

Cuimhnigh ar an obair a rinne Aoibhinn le déanaí nuair a bhí sí ina cathaoirleach ar an gCéad Thionól Saoránach riamh maidir le Caillteanas Bithéagsúlachta. Agus ná déanaimis dearmad, ar ndóigh, ar mhúnla an Tionóil Saoránaigh féin, á chur i bhfeidhm i roinnt tíortha ar fud na cruinne faoi láthair agus ar fhorbair Ollamh UCD , David Farrell, é mar bhealach le fáil amach an rachadh múnla daonlathais ina raibh níos mó pléghrúpaí ann i bhfeidhm níos mó ar dhaoine ag am a mbraitheann siad scoite amach agus gan dáimh acu le lucht ceannais.

Agus déan machnamh freisin ar éachtaí iontacha phobal iarmhic léinn  UCD a bhfuil breis agus 300,000 díobh ann ar fud na cruinne, lena n-áirítear sa Fhrainc, áit a bhfuil 13 ball ó UCDar scuad Chorn Rugbaí na hÉireann.

Associate Professor Aoibhinn Ni Shuilleabhain, UCD School of Mathematics and Statistics, UCD President Professor Orla Feely, and Marie O’Connor, Chair of UCD Governing Authority Credit: Jason Clarke

I mo thuairimse, ar cheann de na scéalta is fearr chun léargas a thabhairt ar conas mar a bhíonn an iliomad rudaí ar siúl againn ag an am céanna is ea Eirsat, an chéad satailít a rinneadh riamh in Éirinn, a dearadh agus a tógadh anseo i UCD agus a sheolfar sna míonna amach romhainn. Is ar mhic léinn atá seasamh an tionscadail seo, agus tá na mic léinn a ghlac páirt ann tar éis taithí agus tacar sainscileanna den scoth a fháil. Ba dheacair teacht ar thaighde eile a bhfuil an bhuntábhacht chéanna ag baint leis agus iniúchadh á dhéanamh ar bhladhmanna gáma-gha a bhfuil scéal le hinsint acu faoi cad a tharla siar san ré nach raibh an chruinne ach ina thús; agus is feidhmeach go mór mar thaighde é gan amhras mar caithfidh sé freastal ar riachtanais dhochta na heitilte spáis. D’oibrigh an fhoireann trasna disciplíní ar bhealaí an-nuálach: greanta ar thaobh na satailíte tá dán do Eirsat a scríobh daltaí scoile i gcomhar le lucht léinn scríbhneoireachta cruthaithe UCD. Chuir foireann Eirsat teagasc ar ardchaighdeán ar fáil do mhic léinn UCD agus chuaigh siad i mbun plé le go leor grúpaí lasmuigh den Ollscoil, le páistí scoile go mór mór, agus iad ag baint leasa as spleodar an spáis chun dúil a spreagadh iontu san eolaíocht agus san innealtóireacht ar bhealach a chuir cor nua ar na laethanta oscailte a bhain le mo linn féin. D’oibrigh siad i gcomhar le ceannairí tábhachtacha go hidirnáisiúnta agus go náisiúnta, iad ag cur le clú na hÉireann i mbun seo. Agus táimidne i UCD ag obair leis an rialtas agus lena chuid gníomhaireachtaí i láthair na huaire, i gcomhar le grúpaí eile, chun tionscadail eile a fhorbairt as an tionscadal amháin seo mar thaca d’fhorbairt earnáil thionscal an spáis agus faire na cruinne in Éirinn- réimse a bhfuil deiseanna le tapú ann a oireann do bhuanna mhuintir na hÉireann. Mar sin, i gcaitheamh ár gcuid oibre, an rud a thosaigh mar thionscadal dírithe ar mhic léinn, tá sé d’uaillmhian aige anois earnáil tionscail a bhfuil líonra domhanda aige a fhorbairt – níl anseo ach blaiseadh den chaoi inar féidir le hollscoil leithéid UCD dul i bhfeidhm ar an saol mór.

An mianach a fheicim i UCD sa lá atá inniu ann, an tionchar a bhí ag UCD ar mo shaol féin agus ar shaol na hÉireann, agus an méid ar mian liom a bheith i ndán dúinn amach anseo ná ollscoil a bhfuil sé ar a cumas agus a dhéanann athrú nithiúil dearfach ar an saol mórthimpeall orainn.

Ag am a mbraitheann mórán daoine, go háirithe daoine atá ina mic léinn faoi láthair, nach bhfuil siad in ann ag na dúshláin atá roimh an gcine daonna, tá an uaillmhian, an scála, agus an téagar ionainn anseo i UCD gan trácht ar neart buanna suaithinseacha eile a bheith againn le hathrú chun feabhais a dhéanamh ar réimsí buntábhachtacha. Ba mhaith liom ár n-uaillmhian a neartú i leith an mhéid ar féidir linn a dhéanamh i dtreo feabhas a chur ar fhadhbanna atá ina n-údair imní ag an domhan mór; géarú ar na maidí maidir leis an gcaoi ina ndéanann muintir na hÉireann plé leis an domhan mór; cur leis an tuiscint atá againn ar ár suí straitéiseach agus é a chur chun cinn; agus ár scéal agus ár scéalta a scaipeadh le diongbháilteacht agus le rúndaingean.

An mhaidin seo, mar cheiliúradh ar lá mo léacht tionscnaimh a bheith tagtha, chuir mé crann Darach Dúchasaí lasmuigh de Halla Uí Rathaille, agus le m’ais bhí comhghleacaithe liom atá ag obair i réimsí na hinbhuanaitheachta, na bithéagsúlachta agus i mbun ár n-eastáit a bhainistiú. Tá an Dair ar cheann de na crainn is fadsaolaí in Éirinn agus é in ann maireachtáil suas le cúpla céad bliain. Tacaíonn sí le beatha níos mó ná aon speiceas crainn eile a fhaightear anseo ó dhúchas. Tá breis agus 50,000 crann againn i UCD, agus níl sa chrann seo ach ceann amháin díobh, ach is siombail é freisin de cad atá tábhachtach dúinne – agus domsa – ag an am seo a bhfuil an Ollscoil i mbun athrú. Níl a fhios againn cén t-athrú a thiocfaidh ar an domhan le linn théarma m’uachtaránachta, ach is féidir linn talamh slán a dhéanamh de go mbeidh an fhreagairt a thugann an pobal domhanda ar na géarchéimeanna aeráide agus bithéagsúlachta atá ag titim amach faoi láthair ina saintréith den tréimhse seo. Tá sé ar ár gcumas i UCD lámh chúnta a thabhairt do  seo agus, go deimhin, tá sé de dhualgas orainn ár gcion a dhéanamh.

Réimse eile ina bhfuil cur isteach ollmhór soiléir faoi láthair ná réimse na dteicneolaíochtaí digiteacha, réimse a tharraingíonn ceisteanna móra faoin gcaoi ar cheart dúinn mic léinn a ullmhú do shaol na hoibre agus don chaoi ina mbeidh an saol amach anseo. I réimse na dteicneolaíochtaí digiteacha, agus mar an gcéanna maidir le cúrsaí inbhuanaitheachta, táimid i UCD i mbun cur go straitéiseach lenár n-acmhainneacht, agus tá daoine, cláir agus pleananna fíor-thábhachta againn. Sna réimsí seo agus i réimsí eile, caithfear saineolas i gcúrsaí eitice, iompraíocht an duine agus rialachas a chur chun tairbhe in éineacht leis na heolaíochtaí agus leis an innealtóireacht, agus tá sé ag éirí follasach de réir a chéile go bhfuil buntáistí nach beag againn i dtaca le neart agus tionchar forleathan ár ndisciplíní i UCD.

Agus an crann seo á chur agam, d’úsáid mé – go han-chúramach – an tsluasaid chéanna a d’úsáid Eamon de Valera i mí Mheán Fómhair 1962 agus é ag cur tús le forbairt champas Belfield. Na daoine a d’fhreastail ar an searmanas úd, bhainfeadh campas an lae inniu an anáil díobh agus, go deimhin féin, bíonn ionadh ar chéimithe a bhain a gcéim amach ní i bhfad ó shin nuair a thugann siad athchuairt ar an gcampas. Is sócmhainn neamhchoitianta agus a saothraíodh le dua é an campas seo do UCD agus dár mic léinn – forbróimid é ar bhealach inbhuanaithe sna blianta amach romhainn chun tacú lenár n-uaillmhianta a bheidh ag neartú i gcónaí.

Claochlú eile atá bainte amach againn ná ár láithreacht dhomhanda. Is Ollscoil dhomhanda na hÉireann sinn. Is sinne an ollscoil is mó san AE ina labhraítear an Béarla go príomha ann, agus níl ár sárú le fáil in Éirinn maidir le mar éiríonn linn maoiniú Físe Eorpaí a fháil. Tá meas mór againn ar ár bhféiniúlacht Eorpach, agus bhí róil cheannasaíochta ag go leor dár bpobail san Eoraip. Tá dlúthchaidreamh againn leis an gcomharsa is cóngaraí dúinn, an Ríocht Aontaithe, le fada an lá, chomh maith le caidreamh le tíortha níos faide i gcéin agus le mór-eagraíochtaí domhanda. Tá fíorbhua againn maidir le comhpháirtíochtaí domhanda fiúntacha a chothú ar dual dóibh a gcuid spriocanna a bhaint amach. Is buntáistí iontacha iad seo agus fónfaidh siad dúinn sna blianta amach romhainn.

Agus, gan amhras, is í an Ollscoil an tseoid is luachmhaire dá bhfuil againn. I ngach cuid de phobal na hollscoile aimseoidh tú daoine atá lán le smaointe. Tá comhthiomantas againn don léann, do sheirbhís, do shaoirse acadúil, agus do na luachanna nach mór dóibh teacht slán ag am a bhfuil sochaithe i mórán áiteanna ar fud an domhain ag scoilteadh. I measc ár bpobail d’iarmhic léinn dúthrachtacha tá dáimh mharthanach le sonrú, chomh maith le tacaíocht fhónta dár n-ollscoil, ar ola ar mo chroí í aon am a fheicim í agus táim ag súil go mór le tacú leis an bpobal sin i gcaitheamh mo théarma mar Uachtarán.

Agus má fhiafraíonn tú díobh siúd atá ag obair anseo nó a bhíonn ag plé linn ar bhealach ar bith cad is bun leis an atmaisféar speisialta atá le brath inár dtimpeallacht, déarfaidh siad gurb iad mic léinn is cúis leis. Is pribhléid ollmhór dúinn a bheith mar chuid d’aistear saoil ár mac léinn le linn dóibh breathnú thart ar an saol agus teacht ar a n-áit sa tsochaí. Beidh mic léinn i gcroílár ár n-ollscoile i gcónaí agus sinn ag iarraidh oideachas sainiúil uaillmhianach UCD a leagan amach a fhágfaidh lorg buan dearfach ar a saol. Tá nach mór fiche bliain ann ó d’athraíomar ár dtairiscintí oideachais ó bhonn le tabhairt isteach Horizons. Déanaimis machnamh faoi cad a thiocfaidh ina áit.

Tá pobal ár n-ollscoile le sonrú i ngné thábhachtach eile den ócáid seo go mb’fhéidir gur thug cuid agaibh atá i láthair anseo i Halla Uí Rathaille faoi deara sa ghrianán é. Is saothar é seo a cumadh mar chuid den Tionscadal Muintearas, faoi stiúir an Dr Emma Farrell ó Scoil Oideachais UCD, inar chuir daoine, a bhí ina mic léinn agus ina mbaill foirne UCD tráth nó atá ag staidéar nó ag obair linn faoi láthair, gearrchuntais isteach faoi conas a d’aimsigh siad an áit is dual dóibh i bpobal ár n-ollscoile. Ag tarraingt ar na cuntais seo, chruthaigh mic léinn ón gColáiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha saothair ealaíne uathúla agus tá na saothair seo le feiceáil taobh le taobh sa taispeántas lasmuigh. Coimeádfaidh mé an téama seo de mhuintearas agus de phobal i mo chroí istigh i gcaitheamh m’uachtaránachta.

Mar a dúirt Marie níos luaithe, ba chomhaltacht ó Intel a mhaoinigh mé mo bhlianta deireanacha i mBerkeley agus, ar fhilleadh ar Éirinn dom chun post léachtóra a ghlacadh i UCD, d’fhreastail mé ar oscailt Fab 10 de chuid na cuideachta sin i Léim an Bhradáin, an cor cinniúnach sin i bhforbairt earnáil teicneolaíochta na hÉireann agus, go deimhin, sa phróiseas chun geilleagar na tíre a athrú ó bhonn. I gceann cúpla lá beidh mé i Léim an Bhradáin arís i gcomhair oscailt Fab 34. Tá scéal Intel in Éirinn ina chuid mhór de scéal na hÉireann le linn mo ghairmréime féin. Daoine cumasacha ardoilte a raibh sé d’uaillmhian acu áit a bhaint amach ar an margadh domhanda ba chúis leis an dá scéal.

Cén cor eile a bheidh i scéal na hÉireann sna blianta amach romhainn? Ní léir freagra na ceiste sin faoi láthair agus sinn ag maireachtáil trí am corraitheach. Ní bheidh an leabhar beartaíochta mar a bhíodh sé roimhe seo, ach fanfaidh cuid dá ghnéithe gan athrú. Thar aon rud eile, beimid ag brath ar dhaoine cumasacha, agus ar an sciar ríthábhachtach sin de na daoine cumasacha a oiltear san ardoideachas, chun éirí linn. Conas a d’fhéadfadh a mhalairt de scéal a bheith ann, i bhfianaise an mhianaigh atá ionainn agus na hacmhainní atá faoinár réir? Níos mó ná riamh is iad tacair sainscileanna, meonta domhanda, an smaointeoireacht chriticiúil agus an misneach chun ábhair chigilteacha a cheistiú na nithe is mó atá de dhíth orainn agus is córas ardoideachais láidir agus muiníneach a chothóidh na scileanna seo.

San earnáil fuinnimh, agus san inbhuanaitheacht i gcoitinne, in agraibhia, i dteicneolaíochtaí digiteacha, i ndéantúsaíocht, in ardteiripic, i dtionscail chultúrtha agus chruthaitheacha, i mbonneagair chriticiúla, i gcúram sláinte, i mbeartas sóisialta agus tuilleadh nach iad, tá athruithe móra ar siúl. Agus, mar chuid de na hathruithe seo, tá fadhbanna le réiteach agus tá deiseanna le tapú. In Éirinn, agus is é an dála céanna é ag gach mórgheilleagar, bíonn síorghá le daoine cumasacha a bhfuil na hardscileanna acu chun torthaí a bhaint amach sa saol domhandaithe agus a mhúnlóidh a gcuid sochaithe ar bhealach fiúntach.

Agus cá n-aimseoidh tíortha, cá n-aimseoidh Éire, na daoine cumasacha seo a mbeidh na hardscileanna acu chun buntáiste iomaíoch a chinntiú? Aimseoidh siad iad sna hinstitiúidí ardoideachais. Sna hearnálacha sin go léir a luaigh mé, tá tionscnaimh iontacha ar siúl ag UCD agus borradh fúthu, iad i mbun smaointe iontacha tábhachtacha agus nuálaíochtaí a sholáthar chomh maith le daoine a bhfuil mianach an-mhaith iontu.

Tá na buanna agus na buntáistí go léir againn, seachas ceann amháin, go gcaithfimid a bheith cíocrach a dhóthain chun dlús a chur faoin gcéad chéim eile de dhul chun cinn a dhéanamh mar thír agus a bheith i measc na n-ollscoileanna is mó i mbun athrú chun feabhais a dhéanamh ar an saol fad is atá an clú, an tionchar, an cumas líonraithe agus an rath a eascróidh as seo á gcur chun tairbhe againn. Ní bheadh sé cuí, áfach, gan trácht a dhéanamh ar ní nár luaigh mé go dtí seo.

Ag am a raibh an tír seo ar an ngannchuid ó thaobh an gheilleagair de le linn dom freastal ar UCD sna 1980idí, bá 13 le 1 an cóimheas foireann teagaisc is mic léinn. Agus an tír i bhfad níos saibhre sa lá atá inniu ann, is os cionn 20 le 1 an cóimheas céanna – i bhfad, bhfad níos measa ná mar a bhí sé nuair a bhí mise i mo mhac léinn. Sa dhoiciméad Spléachadh ar an Oideachas de chuid an ECFE a foilsíodh ó chianaibh, tá Éire sa dara háit ón mbun i dtaca le cóimheas foireann teagaisc is mic léinn in oideachas treasach. Tá breis agus deich mbliana ann ó reáchtáladh timthriall den Chlár Náisiúnta um Thaighde in Institiúidí Tríú Leibhéal, a raibh tábhacht chomh mór sin ag baint leis maidir lenár mbonneagar taighde a fhorbairt a dhóthain chun torthaí arbh fhiú trácht orthu a bhaint amach.

Mar thír arb iad daoine cumasacha an acmhainn nádúrtha is luachmhaire dá bhfuil againn agus a raibh ár rath mar thír bunaithe chomh mór sin ar dhaoine cumasacha a oileadh in institiúidí ardoideachais go dtí seo, conas is féidir linn é seo a chosaint? Agus an t-uafás athruithe agus fórsaí iomaíocha ag teannadh linn, an ciallmhar an mhaise dúinn i ndáiríre srian a chur ar ár gcumas dul i ngleic leo seo go haclaí agus go huaillmhianach laistigh den ardoideachas in Éirinn? Tá ár seacht ndícheall á dhéanamh againn laistigh de chóras tearcmhaoinithe, agus tá éachtaí á ndéanamh againn i UCD, go minic le tacaíocht airgid ónár bpobal dúthrachtach de bhronntóirí, agus is mór againn a gcuid tacaíochta. Ach tá a lán rudaí eile gur féidir linn a dhéanamh dá mbeimis in ann an bhearna maoinithe i gcomórtas leis an meán idirnáisiúnta a dhúnadh - cé gur mhaith linn de ghnáth a chur ina luí ar an saol mór go bhfuilimid i bhfad thar an gcoitiantacht i measc geilleagair eolasbhunaithe. Is é an bhearna seo an bhagairt is mó ar chumas ár n-ollscoile ár n-uaillmhianta a chur i gcrích sna blianta amach romhainn.

Agus é ag tarraingt ar dhea-thionchar mór na Roinne Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta – tá an rialtas tar éis an bhearna a mheas ag €307 milliún in aghaidh na bliana, agus tá geall tugtha acu go ndúnfaidh siad í thar chúpla buiséad i ndiaidh a chéile. Tá barrachas de €1.5 billiún sa Chiste Náisiúnta Oiliúna. Agus aird tarraingthe air arís agus arís eile i dtagarmharcáil idirnáisiúnta, níl aon dabht faoi ach go gcuirfidh tearcmhaoiniú an ardoideachais isteach ar an méid is féidir linn a bhaint amach mar thír agus ar ár gcumas chun ár gcion a dhéanamh maidir le dul i ngleic le dúshláin dhomhanda. Rud is léir do chách, is féidir leis an gCiste Náisiúnta Oiliúna a bheith ina ghné tábhachtach de theacht ar réiteach má tá an toil ann.

Tá súil agam go bhfuil an toil ann. Tá sé feicthe agam conas mar a athraíonn an ollscoil seo saolta daoine ó bhonn – go deimhin, d’athraigh sé mo shaol féin ó bhonn. Tá feicthe agam an obair mhór a rinne UCD agus pobal UCD – go deimhin, déarfainn go ndearna siad cion níos mó ná aon institiúid eile – chun an bealach a réiteach don tír a athrú ó bhonn. A bhuí lenár láithreacht dhomhanda agus comhpháirtíochtaí ar fud na cruinne, is léir dom go bhfuil sé tugtha faoi ndeara ag an saol mór gur dream treallúsach sinn agus go bhfuil fonn orthu aithne níos fearr a chur orainn.

Tá meon fíor-uaillmhianach, fíordhóchasach agam faoi conas is féidir leanúint orainn ag baint rudaí iontacha amach fad is atá cóir ghaoithe linn. Cuirfimid tús go luath lenár gcéad straitéis ollscoile eile a fhorbairt, agus tuairimí maidir leis sin á lorg againn ó gach cearn de phobal UCD. Is iad manaí na hOllscoile ná Ad Astra, an bealach ar fad go dtí na réalta – fearacht Eirsat – manaí a chuireann uaillmhian agus barr feabhais in iúl; gan trácht ar Chothrom Féinne, an meon lán de chothromas agus d’ionchuimsiú sin a bhíonn dár dtreorú i gcónaí. Beidh na manaí seo ina réalta eolais dúinn agus sinn ag tabhairt faoi na chéad chéimeanna eile.

Creidim i bhfiúntas agus luachanna an ardoideachais i mo chroí istigh.

Is mór an onóir dom fónamh mar Uachtarán na hollscoile maorga seo, agus táim ag súil go mór le bheith ag obair libh le gur féidir linn a léiriú i dteannta a chéile gur féidir le UCD maitheas mór a dhéanamh don domhan ar na saolta corraitheacha seo.

Go raibh maith agaibh go léir.

To contact the UCD News & Content Team, email: newsdesk@ucd.ie