Déan iniúchadh ar UCD

Baile UCD >
íomhá forleagan

Sochaí Dhomhanda Inmharthana a Chruthú

Már ábhar práinne, ní mór don chine daonna foghlaim conas maireachtáil ar bhealach atá inbhuanaithe gan dochar a dhéanamh don domhan a roinneann sí. 

Ní mór bia a tháirgeadh go hinbhuanaithe chun daonra seasmhach a chothú. Ní mór fuinneamh a sholáthar le foinsí inathnuaite, agus ní mór nach ndéanfadh na próisis chun an fuinneamh sin a ghiniúint agus a stóráil dochar don chomhshaol.

Ní mór laghdú a dhéanamh ar an éagothroime laistigh de phobail agus idir pobail. Beidh gá forbairt shuntasach a dhéanamh ar theicneolaíochtaí agus bonneagair, agus athrú a dhéanamh ar iompar agus institiúidí an duine, ar mhaithe leis na haidhmeanna sin a bhaint amach. 

Tá tiomantas seanbhunaithe d’inbhuanaitheacht ag UCD. Bhí baill de phobal UCD chun tosaigh maidir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur le chéile. Bhíomar i gceannas ar réimsí taighde cosúil leis an mbithgheilleagar, an earnáil agraibhia
agus fuinneamh inathnuaite, agus d’fhorbraíomar cláir oideachais i bhforbairt inbhuanaithe agus cúnamh daonnúil. Déanfaimid forbairt anois ar an saineolas sin chun freagairt iomlánaíoch a sholáthar ar na dúshláin a bhaineann leis an inbhuanaitheacht, freagairt a chlúdaíonn agus a cheanglaíonn ár ngníomhaíochtaí sa réimse seo.

Leabóimid prionsabail na sochaí inbhuanaithe inár bpobal Ollscoile. Tabharfaimid faoi thaighde a dhéanfaidh dul chun cinn maidir le 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe trí eolas a ghiniúint, a roinnt agus a chur i bhfeidhm ar bhealach a mbíonn an tionchar is mó is féidir aige. I dtaca leis sin, soláthróimid cláir idirdhisciplíneacha oideachais a thacóidh lenár mic léinn agus céimithe cur le sochaí inbhuanaithe a fhorbairt ar an mbealach is éifeachtaí.

Mar gheall ar shocruithe nua rialachais maidir leis an inbhuanaitheacht, beidh an ollscoil ábalta a huaillmhianta a fhorbairt, a chur in iúl, a chur i bhfeidhm agus a chur in oiriúint do na dúshláin atá roimh an domhan. Cinnteoidh sé sin go léireoidh ár gcampas prionsabail na hinbhuanaitheachta ina beartais agus ina hoibríochtaí i dtaca le heastáit, fuinneamh, teicneolaíocht, soláthar, acmhainní daonna, rialachas agus comhpháirtíocht lenár gcomharsana agus leis an bpobal i gcoitinne. Leagfaidh an Ollscoil spriocanna uaillmhianacha síos agus tabharfaidh sí tuairisc gach bliain ar an dul chun cinn atá déanta i leith na spriocanna sin. Ar an mbealach sin, beidh an Ollscoil ina ‘saotharlann bheo’ a bhfuil mar aidhm aici pobal inbhuanaithe a bhaint amach.

Comhaltaí Ad Astra UCD

An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Belfield, Baile Átha Cliath 4, Éire.
T: +353 1 716 7777