Déan iniúchadh ar UCD

Baile UCD >
íomhá forleagan

Claochlú a dhéanamh tríd an Teicneolaíocht Dhigiteach

Tá athrú ó bhonn á dhéanamh ar thionscail iomlána agus tá an bealach a n-oibrímid agus a n-eagraítear cuideachtaí agus institiúidí ag athrú mar gheall ar roinnt tosca: an dul chun cinn leanúnach atá á dhéanamh ar an ríomhaireacht agus an teicneolaíocht mhóibíleach, gréasáin atá ag éirí níos tapa agus a bhfuil níos mó agus níos mó acmhainne acu, forbairt na néalríomhaireachta agus na néalstórála, líon méadaithe na mbraiteoirí agus gléasanna atá ceangailte le gréasán, chomh maith leis an dul chun cinn suntasach maidir le hintleacht shaorga agus meaisínfhoghlaim. 

Beidh uirlisí nua ar fáil i go leor timpeallachtaí mar gheall ar fhorbairtí breise in anailís sonraí agus intleacht shaorga. Dá bharr sin, beimid ábalta leas a bhaint as deiseanna agus dúshláin ar féidir linn a fheiceáil anois, chomh maith leis na hathruithe nach féidir linn a thuar ach nach mór dúinn a bheith ullmhaithe dóibh.

Tá níos mó agus níos mó idirbheart á mbainistiú ag córais ríomhaire anois, agus is dócha go mbeidh sochaí gan airgead tirim ann roimh i bhfad. Cuireann gléasanna agus feidhmchláir ar chumas tomhaltóirí idirghníomhaíocht dhíreach a dhéanamh le córais sonraí agus níl gá ach le beagán idirghabhála ó dhaoine. Cuirfidh forbairtí ar mheaisínfhoghlaim borradh breise faoin treocht sin, agus beidh uirlisí nua ar fáil i go leor timpeallachtaí oibre mar gheall ar anailís sonraí agus intleacht shaorga. Tá nádúr na hoibre ag athrú ó bhonn.

Tá UCD chun tosaigh cheana féin leis an obair shuntasach a rinne sí maidir leis an intleacht shaorga, an eolaíocht sonraí agus an chibearshlándáil. Tugtar aitheantas dúinn Straitéis UCD 2020–2024 Mic léinn ag úsáid fearais cinn réaltachta fíorúla in Ionad Gnó Uí Mhórdha UCD go forleathan as an obair nuálach ardthionchar ar thús cadhnaíochta a dhéanaimid i réimse an chultúir dhigitigh. Déanaimid ceannródaíocht i gcuir chuige nua idirdhisciplíneacha chun taifead agus anailís dhigiteach a dhéanamh ar an am atá thart, chun tuiscint níos fearr a fháil ar an lá atá inniu ann, agus chun dul i bhfeidhm ar agus forbairt a dhéanamh ar úsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha amach anseo.

Beidh orainn leanúint ar aghaidh ag cur leis na hathruithe ó bhonn a chumasaíonn an teicneolaíocht dhigiteach, agus fíoróimid na féidearthachtaí sin inár bpobail; inár dtaighde, teagasc agus foghlaim; agus inár n-oibríochtaí agus inár gcinnteoireacht. Déanfaimid ár gcampas digiteach a chomhtháthú lenár gcampas fisiciúil chun timpeallacht fháilteach, nua-aimseartha agus spreagúil ó thaobh na hintleachta a chur ar fáil. Leabóimid an teicneolaíocht dhigiteach chun ceisteanna nua a chur, eolas nua a aimsiú, agus anailís a dhéanamh athuair ar an méid atá ar an eolas againn. Leabóimid an teicneolaíocht dhigiteach inár dteagasc agus foghlaim chomh maith, chun oibriú le chéile, seirbhísí a sholáthar, agus chun monatóireacht a dhéanamh ar ár ngníomhaíochtaí agus tionchar mar institiúid agus tuiscint a fháil orthu sin chomh maith. Cuardóimid, aimseoimid agus tabharfaimid isteach bealaí nua chun feabhas a chur ar litearthacht dhigiteach ár mic léinn. Cuirfimid deiseanna ar fáil do gach ball dár bpobal ollscoile chun tuiscint a fháil ar, agus úsáid a bhaint as, teicneolaíochtaí digiteacha a bhaineann lena gceantair

Comhaltaí Ad Astra UCD

An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Belfield, Baile Átha Cliath 4, Éire.
T: +353 1 716 7777