Déan iniúchadh ar UCD

Baile UCD >
íomhá forleagan

An Cine Daonna a Chumasú

Beidh sé thar a bheith tábhachtach tuiscint a fháil ar cad a théann i bhfeidhm ar smaointeoireacht an duine agus a spreagann daoine chun dul i ngleic go rathúil leis na dúshláin shochaíocha a chuirtear in iúl inár gcéad trí théama straitéiseacha, agus chun go gcuirfear ar chumas gach ball den phobal Ollscoile barr a gcumais a bhaint amach inár sochaí inniu agus amach anseo. Cabhróidh an tuiscint seo le saincheisteanna sochaíocha atá ag teacht chun cinn a shárú chomh maith, amhail dúshláin na meabhairshláinte, an treibheachais agus leithliseachais, agus diúltú an eolais eolaíochta agus an tsaineolais.

Ní féidir dúshláin shochaíocha a shárú ach amháin trí iompar daoine a athrú. Tá sé deacair iompar a athrú, agus ní féidir athrú fadtéarmach a bhaint amach gan athrú iompair a bhaint amach ag leibhéal an daonra. Beimid inchurtha leis an dúshlán seo trí leas a bhaint as leithead agus doimhneacht an tsaineolais atá ar fáil ar fud na hollscoile chun feabhas a chur ar ár dtuiscint ar imthosca sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíocha a théann i bhfeidhm ar iompar daoine atá sláintiúil agus inbhuanaithe. Leanfaimid chomh maith de thuiscint iomlánaíoch a fháil ar iompar agus idirghníomhaíochtaí na ndaoine i sochaithe, eagraíochtaí agus cultúir, agus tuiscint a fháil ar an gcine daonna i gcoitinne.

Mar gheall ar an teicneolaíocht dhigiteach, tá líon na ndaoine a oibríonn i réimsí na cruthaitheachta, na smaointeoireachta straitéisí agus criticiúla, an réitithe fadhbanna, na hoibre foirne agus na cumarsáide ag dul i méid. Mar sin, tá na scileanna idirphearsanta sin ag éirí níos tábhachtaí i gcomhthéacs na fostaíochta agus na ceannaireachta. Ós rud é gur tháinig laghdú ar obair atriallach agus méadú ar líon na rudaí a tharraingíonn aird daoine ón obair, tá scileanna idirphearsanta amhail an féinbhainsitiú agus an féinsmacht ag éirí níos tábhachtaí an t-am ar fad.

Tá daoine ó thíortha agus réigiúin éagsúla ag teacht le chéile ar scála nach bhfacthas roimhe seo mar gheall ar dhomhandú an tsochaí, agus tá an taitheantas atá á thabhairt do luach na héagsúlachta agus na hionchuimsitheachta ag an leibhéal náisiúnta ag cur daoine i dteagmháil lena chéile. Tá an tionscal ag éirí níos ilnáisiúnta anois agus téann slabhraí soláthair fud fad an domhain. Mar sin, tá na scileanna ar leith a bhaineann le hobair thraschultúrtha, lena n-áirítear scileanna teanga, ag éirí níos tábhachtaí ó thaobh ratha, tuisceana agus réiteach fadhbanna de. Mar Ollscoil Dhomhanda na hÉireann, a bhfuil daonra mac léinn níos éagsúla aici ná aon ollscoil eile sa tír, tá deis ar leith againn an clár oibre seo a chur chun cinn.

Méadóimid ár dtaighde ar iompar an duine a thuiscint sa chomhthéacs seo atá ag athrú, agus cuirfimid deiseanna ar fáil do gach ball dár bpobal ollscoile chun tuiscint a fháil ar iompar agus smaointeoireacht an duine, agus na scileanna idirphearsanta agus inphearsanta a fhorbairt a bhfuil gá leo chun go n-éireoidh le duine maireachtáil agus oibriú i ndomhan atá ag athrú ó bhonn agus atá ag éirí níos domhanda.

Comhaltaí Ad Astra UCD

An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Belfield, Baile Átha Cliath 4, Éire.
T: +353 1 716 7777