Explore UCD

UCD Home >

Gaeilge

Students seated at a table with a sign that says 'French'.

Cláraigh mar Threoraí Teanga le Una Europa!

An bhfuil Gearmáinis, Iodáilis, Fionlainnis, Polainnis, Ollainnis, Spáinnis, Fraincis, Béarla, nó Gaeilge agat? An bhfuil suim agat bualadh le daoine nua agus do chuid scileanna cumarsáide agus idirchultúrtha a fhorbairt, agus tú ag cuidiú le mic léinn eile teanga iasachta a chleachtadh?

Cláraigh mar Threoraí Teanga agus cuir leis an Una Europa Language Café an seimeastar seo!

FAQs

Is éard atá i gceist leis an Una Europa Language Café ná clár idirchultúrtha agus ilteangach a thugann deis do mhic léinn UCD Gearmáinis, Iodáilis, Fionlainnis, Polainnis, Ollainnis, Spáinnis, Fraincis, Béarla, nó Gaeilge a chleachtadh i dtimpeallacht neamhfhoirmeálta.  Labhraítear na teangacha seo in ollscoileanna comhpháirtíochta ar fud na hEorpa. Tá sé mar aidhm ag an gclár spás suaimhneach agus cuimsitheach a chothú ar mhaithe le malartú teanga agus cultúrtha, rud a ligeann dóibh siúd atá páirteach ann a gcuid scileanna teanga a fheabhsú, bualadh le cairde nua, agus foghlaim faoi chultúir éagsúla.

Is iad na Treoraithe Teanga a bheidh ag stiúradh na seisiún ag an Language Café. Mic léinn gur cainteoirí dúchais iad nó a bhfuil líofacht (C1) acu i gceann de na teangacha thuasluaite is ea iad na treoraithe, a éascaíonn an comhrá ag baint leas as modhanna oideachais neamhfhoirmiúla. Ní gá do na Treoraithe Teanga ábhair theagaisc fhoirméalta a ullmhú ach táthar ag súil leo an seisiún a eagrú sa chaoi is go mbeadh sé chomh réidh agus is féidir, ag comhtháthú gníomhaíochtaí a mheallann foghlaimeoirí. Gheobhaidh gach Treoraí Teanga dearbhú ar a ngníomhaíocht dheonach i bhfoirm teastais nó athbhreithnithe LinkedIn.  Tá an ghníomhaíocht dheonach seo incháilithe freisin do Ghradam Advantage UCD.

Tá na nithe seo a leanas i gceist leis an ról

  • Idirghníomhaíochtaí nádúrtha, spleodracha agus substaintiúla a spreagadh i measc na bhfoghlaimeoirí uilig.
  • Tacú le comhráite agus iad a oiriúnú do leibhéil teanga éagsúla chun freastal ar na foghlaimeoirí uile.
  • Cabhrú le foghlaimeoirí muinín a chothú chun labhairt i dteanga iasachta trí ghníomhaíochtaí teanga éagsúla a éascú.
  • Timpeallacht chairdiúil, fháiltiúil agus shuaimhneach a chruthú inar féidir le foghlaimeoirí teanga iasachta a chleachtadh agus bualadh le daoine nua.
  • Cabhrú le foghlaimeoirí foghlaim faoi chultúir nua agus timpeallacht a chothú ina mbíonn feasacht agus tuiscint thraschultúrtha ann.

Beidh an clár ar siúl ón 30ú Márta go dtí an 22ú Aibreán 2026, Luan* - Décéadaoin ag 17:30 sa Tolglann Domhanda UCD. Ní bheidh na seisiúin á reáchtáil ag an deireadh seachtaine, ar lá saoire bainc, ná idir léachtaí Ollscoile.

*Ós rud é gur lá saoire bainc é Dé Luain, an 6 Aibreán 2026, iarrfar ar na Treoraithe Teanga atá sannta do sheisiúin Dé Luain seisiún athchóirithe a sceidealú lena ngrúpaí ag am a oireann dóibh.

Thart ar 1.5 uair an chloig in aghaidh na seachtaine nuair atá an clár ar siúl. Táthar ag súil go n-éascódh na Treoraithe Teanga seisiún amháin gach seachtain a mhaireann 60 nóiméad, agus ba chóir dóibh thart ar 30 nóiméad a chaitheamh ar ullmhúchán don seisiún. 

Déanfar an dáta a chomhaontú leis an Treoraí Teanga, ag braith ar na daoine atá ar fáil.

Beidh deis ag na Treoraithe Teanga freastal ar sheisiún oiliúna chun cabhrú leo ullmhú don ról atá sceidealaithe do Dé Céadaoin, an 4 Márta, ó 14:00 - 15:30 i Seomra Domhanda UCD. Beidh rochtain acu freisin ar Phobal na dTreoraithe Teanga ar WhatsApp; áit a mbeidh tacaíocht ar fáil dóibh ó na comhordaitheoirí i rith an chláir agus áit a mbeidh siad in ann ceisteanna a chur, labhairt faoi na dúshláin a bhíonn rompu agus dea-chleachtais a roinnt leis na Treoraithe Teanga eile.

Is deis iontach é seo do Mhic Léinn ar spéis leo:

  • A theanga & a chultúr a roinnt le Mic Léinn eile;
  • An nasc atá ag Mic Léinn lena dteanga dúchais nó a dhara teanga a fhorbairt;
  • Taithí idirnáisiúnta a bheith agat sa bhaile nó obair dheonach ar mhalartú;
  • Aithne a chur ar dhaoine nua agus caidrimh nua a chothú;
  • Scileanna Cumarsáide agus Idirchultúrtha a fhorbairt;
  • Taithí sa Cheannaireacht Fhoirne a fháil.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh tríd an (opens in a new window)bhfoirm iarratais seo a chur isteach faoin gCéadaoin, 04 Márta 2026, ag 23:59.

Má tá aon cheist nó imní ort, nó más mian leat d’iarratas a phlé sula gcuireann tú isteach é, (opens in a new window)is féidir leat cruinniú 1:1 a chur in áirithe anseo.

Do bhreis eolais, féach ar shuíomh UCD Ar Fud na Cruinne nó déan teagmháil le Tajana Mohnacki, (opens in a new window)tajana.mohnacki@ucd.ie.

Shapes filled with gradients in blue, purple and pink shades/

Visit Una Europa

An alliance of 11 European universities.