Déan iniúchadh ar UCD

Baile UCD >

Daltaí Idirnáisiúnta

Daltaí Idirnáisiúnta

Fearaimid fáilte mhór roimh dhaltaí idirnáisiúnta anseo i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD. Freastalaíonn leithne réimse na taighde sna disciplíní uile sa Scoil (mar atá, an Léann Éireannach, an Léann Ceilteach, an Béaloideas agus an Nua-Ghaeilge) ar raon leathan spéiseanna i measc na ngrúpaí éagsúla daltaí a thagann chugainn.

Ag brath ar an áit a bhfuil tú lonnaithe agus ar do cháilitheacht, féadfaidh tú clárú mar dhalta fochéime lánaimseartha ar ár gcúrsaí céime mar dhalta ar mhalartán ar feadh seimeastair nó dhá sheimeastar. I measc na ndaltaí idirnáisiúnta atá linn faoi láthair, tá daltaí ó Stáit Aontaithe Mheiriceá, ón tSín, ón Eoraip, ón tSeapáin agus ó Cheanada.

Tuilleadh eolais: www.ucd.ie/global

Scoláireachtaí idirnáisiúnta ar fáil don staidéar ag leibhéal na hiarchéime

Tá scoláireachtaí nua á gcur ar fáil ag Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD don bhliain acadúil 2018/19. Tá fáilte roimh iarratais ar na scoláireachtaí sna cúrsaí iarchéime seo a leanas:

  • PhD in ábhar ar bith sa Scoil
  • MA Léann Éireannach
  • MA Béaloideas agus Eitneolaíocht
  • MA sa Nua-Ghaeilge
  • MA Scríobh agus Cumarsáid

Tabhair cuairt ar leathanach na Scoláireachtaí le teacht ar liosta mionsonraithe de na scoláireachtaí sa Scoil.

Moltar do dhaltaí idirnáisiúnta cur isteach ar UCD Global Scholarships and UCD Global Excellence Scholarships freisin.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil maidir leis na scoláireachtaí ach scéal a chur chuig Bainisteoir na Scoile, Michael Wallace: (opens in a new window)michael.j.wallace@ucd.ie