Déan iniúchadh ar UCD

Baile UCD >

Comhpháirteachas Domhanda

Comhpháirteachas Domhanda

Tá an Scoil seo tiomanta do chur i bhfeidhm Straitéis UCD maidir leis an gComhpáirteachas Domhanda. Cuirtear fáilte roimh ghrúpaí móra mac léinn idirnáisiúnta gach seimeastar; cuirtear modúil ar fáil atá saindeartha do mhic léinn idirnáisiúnta; craobhscaoiltear ár gcuid torthaí taighde go hidirnáisiúnta; reáchtáiltear comhdhálacha idirnáisiúnta; agus tógtar ar na naisc atá idir an Scoil seo agus ollscoileanna agus institiúidí eile thar eile.

Is féidir tuilleadh a léamh faoi pholasaí na hOllscoile i dtaca leis an gComhpháirteachas Domhanda ag UCD Global.

Is é an tOllamh Cúnta an (opens in a new window)Dr Tiber Falzett Oifigeach na Scoile um Chomhpháirteachas Domhanda.

Léigh faoinár gcuid imeachtaí i réimse an chomhpháirteachais dhomhanda thíos.

 

Tá an Scoil seo ag cabhrú le reachtáil an dara teacht le chéile de chuid Chomhdháil Dhomhanda Dhiaspóra na hÉireann.

             

Is sa Scoil seo a reáchtáladh (opens in a new window)Comhdháil Chumann Mhic Léinn na Ceiltise in Éirinn agus sa Bhreatain i mbliana.

Cathaoirleach: Stiofán Ó Briain (Comhalta Teagaisc).

Coiste: Ailbe van der Heide (Comhghleacaí i gCnuasach Bhéaloideas Éireann), Ciaran McDonough (Comhalta Iardhochtúireachta), Eoin Mc Evoy (Teicneolaí Oideachais), Fiona Lyons (mac léinn PhD i Léann na hÉireann), Joe Simpson (mac léinn PhD sa Léann Ceilteach), Máire McCafferty (mac léinn PhD sa Nua-Ghaeilge).

 

Rinne an Dr Cathal Billings i Lárionad de Bhaldraithe óstáil ar an gceardlann idirghníomhach lae ar líne 'Gairm an Aistritheora: do sheans triail a bhaint aisti' i gcomhpháirt le hArd-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin sa Choimisiún Eorpach. Cuireadh an cheardlann seo ar fáil do mhic léinn i nGaelcholáistí timpeall na tíre i mí na Samhna 2020.

 

Reáchtáil an Scoil an t-ochtú comhdháil bhliantúil de chuid (opens in a new window)Chumann Mhic Léinn Cheiltise na hÉireann agus na Breataine ar líne i mí Dheireadh Fómhair 2020. 

Ar an gcoiste áitiúil bhí Stiofán Ó Briain (Cathaoirleach), Ailbe van der Heide (Rúnaí), Allison Galbari (Cisteoir), Fiona Lyons (Oifigeach Caidreamh Poiblí), Eoin Mc Evoy (Cúnamh Teicniúil) agus Katie Whelan (Gnáthbhall).

Chuir an Dr Kelly Fitzgerald fáilte roimh Bernadett Vidra, scoláire PhD a bhí ar cuairt in Éirinn ó Ollscoil Chaitliceach Pázmány Péter san Ungáir. Phléigh an bheirt foinsí Éireannacha béaloidis agus an taighde comparáideach i mbéaloideas na hÉireann agus na hUngáire. (Lúnasa 2019)

Ghlac an Scoil páirt i Scoil Samhraidh ISA China. Thug foireann an Léinn Éireannaigh léachtaí agus ceardlanna maidir leis an nGaeilge agus cultúr na hÉireann do mhic léinn ón tSín. (Lúnasa 2019)

Ghlac triúr ball foirne agus triúr céimithe de chuid na Scoile páirt i gComhdháil Idirnáisiúnta an Léinn Cheiltigh (XVI) i mBangor sa Bhreatain Bheag (Iúil 2019):

  • An Dr Dewi Evans: "Ti a chi – a ni a nhw / Ti a chi – and them and us'.
  • An Dr Kelly Fitzgerald: 'The parish priest, curate and friar; form and function in Irish folklore'.
  • An tOllamh Máire Ní Annracháin: 'Changed but not beyond recognition: fresh growth from old tropes of masculinity in contemporary Irish poetry'.
  • Dean Farrell (Nua-Ghaeilge): 'Gendered and genderless voices: the conflicted masculine voice in the literature of Máirtín Ó Cadhain'.
  • Stiofán Ó Briain (Nua-Ghaeilge): '"Easpa gaisce ár linne le buillí beaga á cúiteamh" – Toxic masculinity and the loss of the heroic ideal in Beatha Dhónaill Dhuibh by Séamus Barra Ó Súilleabháin'.
  • Gregory R. Darwin (Béaloideas): '"Ná cáin a thuilleadh mé": Peig's Mermaid'.

Ghlac an Scoil páirt i dTionól Gaeilge 2019 arna reachtáil ag Bord na Gaeilge, ócáid a mheall rannpháirtithe ó thíortha ar fud an domhain. Thug Ceann na Scoile, an tOllamh Regina Uí Chollatáin, léacht dar teideal 'Athbheochan Thrasatlantach na Gaeilge'. (Iúil 2019) 

 

Bronnadh scoláireachtaí Fulbright ar cheathrar iarmhac léinn dár gcuid leis an nGaeilge a mhúineadh i Stáit Aontaithe Mheiriceá don bhliain acadúil 2019-20. (Meitheamh 2019).

    • Sinéad Murray
    • Deirdre Murphy
    • Caroline Ní Ghallchobhair
    • Iseult Ní Rinn Ní Chonchúir  
 

Chuaigh Teicneolaí Oideachais na Scoile, Eoin Mc Evoy, ar cuairt chuig Ivane Javakhishvili Tbilisi State University sa tSeoirsia ar feadh coicíse i mí an Mheithimh mar chuid de scéim Erasmus+. Rinne sé ceardlanna leis an bhfoireann ar an teicneolaíocht oideachais, thug sé léachtaí ar chultúr na hÉireann agus rinne sé ranganna Gaeilge le mic léinn na Seoirsia agus na hAsarbaiseáine. (Meitheamh 2019) 

Bhronn an tOllamh Sture Ureland, Ollscoil Mannheim, an Ghearmáin, Aircív de Ghaeilge agus de Bhéarla Daltaí Scoile a cuireadh le chéile i nGaeltacht Chonamara, 1986-88, ar an Scoil. Arcív atá san ábhar de thogra taighde ceannródaíoch a cuireadh ar bun chun eolas a bhailiú faoi shaghas na Gaeilge agus an Bhéarla a bhí ag páistí dátheangacha i nGaeltacht Chonamara. Chuimsigh an taighde ceithre réigiún ilteangacha eile chomh maith, mar atá, Alsace/Lorraine, An Eilbhéis, Tirol Theas agus Vilnius na Liotuáine. Tá an arcív faoi chúram Shainchnuasaigh UCD i Leabharlann James Joyce. (Aibreán 2019).

D'fhreastail roinnt ball Scoile ar an gComhdháil Mheiriceánach do Léann na hÉireann (ACIS) i mBostún, Stáit Aontaithe Mheiriceá (Márta 2019):

  • Ceann na Scoile, an tOllamh Regina Uí Chollatáin: '"The civilisation of a people is marked by the place of its women; a rule by which the Irish stand high": The Irish Voice in Female Journalism in the Revival Period'
  • Ceann an Léinn Éireannaigh, an Dr Aoife Whelan: '"To the Nations of the World": reporting the first Dáil'
  • Stiúrthóir Lárionad de Bhaldraithe, an Dr Cathal Billings: 'The Boer War (1899-1902) and Advanced Nationalist Politics in the Gaelic League'
  • Fiona Lyons, mac léinn PhD: ‘"Emancipation failed; Fenianism failed; and if the present [language] movement is not persevered in, all hope for Ireland is lost" (O’Neill Russell, New York, 1878): Did the Struggle for Irish Political Independence Hinder Transatlantic and National Language Revival Progress?'

D'fhreastail mic léinn iarchéime ón Scoil ar Chomhdháil Bhliantúil Mhic Léinn na Ceiltise i nDún Éideann, Albain (Márta 2019):

  • Dylan Bryans: ‘Modern Irish relative forms ending in “s”; history, contemporary usage and “derelativisation”.’
  • Stiofán Ó Briain: ‘“Aicíd Nua-Aoiseach an Fhir Eorpaigh”: An Fireannachas Nimhneach in Beatha Dhónaill Dhuibh le Séamus Barra Ó Súilleabháin.’
  • Ailbe van der Heide: '"Bhí mise faoi gheasa an uair sin": “The Wounded Seal” in Irish oral tradition.’
Bronnadh Comhaltacht Newman O'Donnell sa Léann Éireannach 2019 ar Cheann na Scoile, an tOllamh Regina Uí Chollatáin, le taisteal go St Mary's College agus Newman College in Ollscoil Melbourne san Astráil (Eanáir-Feabhra 2019). 

 

Chuaigh Ceann na Scoile, an tOllamh Regina Uí Chollatáin, agus Ceann an Léinn Éireannaigh, an Dr Aoife Whelan, chuig an tSín ar son na hOllscoile (Nollaig 2018).

 

Chuir ár gcomhdháil ilteangach idirnáisiúnta (opens in a new window)Doras isteach don Domhan: an tAistriúchán Liteartha in Éirinn agus Thar Lear in UCD ardán ar fáil do chainteoirí ó Cheanada, ón Eilbhís, ó Éirinn, ón nGearmáin, ó Phoblacht na Seice agus ón Ungáir. (Deireadh Fómhair 2018)

D'fhreastail rannpháirtithe ón Astráil, ó Éirinn, ón bhFrainc agus ón nGearmáin ar Scoil Samhraidh Ealaíne agus Ghaeilge UCD, a reachtáil an Scoil seo i gcomhpháirt le Scoil Stair na hEalaíne agus an Bheartais Chultúir.

 

Ghnóthaigh Dean Farrell agus Rebecca Hayes, beirt mhac léinn MA linn, scoláireachtaí ó Fhondúireacht Ollscoil Éireann Ceanada (ICUF) chun an Ghaeilge a theagasc i gCeanada ar feadh bliana (Meitheamh 2018).

 

Ghnóthaigh Donncha Ó Murchú, mac léinn MA linn, scoláireacht Fulbright chun an Ghaeilge a theagasc ar feadh bliana in Ollscoil Montana, i Stáit Aontaithe Mheiriceá (Meitheamh 2018).

 

Chuir an Scoil s'againne agus Scoil an Dlí UCD fáilte roimh an Ollamh Jørn Øyrehagen Sunde, Universitetet i Bergen, an Iorua. Thug an scoláire cuairte seo léacht speisialta dar teideal: (opens in a new window)Irish legal ideas & Norwegian medieval law (Aibreán 2018). 

 

Chuir an Scoil fáilte roimh an Dr Asier Altuna-García de Salazar, Universidad de Deusto, Bilbao, agus thug sé léacht mar chuid den tsraith (opens in a new window)Irish Studies in a Global Context (Aibreán 2018).

  Comhbhunaigh agus d'eagraigh an Scoil Comhdháil Dhomhanda Dhiaspora na hÉireann in UCD. Bhí toscairí ó gach cearn den Domhan i láthair ón Afraic, Meiriceá Thuaidh, Meiriceá Theas, an Áise, an Astráil agus an Eoraip. (Lúnasa 2017)
 
  Chuir an Scoil ranganna Gaeilge ar fáil do mhic léinn Stáit Aontaithe Mheiriceá mar chuid den  UCD Summer High School Programme. (Iúil 2017)
  Chuir an Scoil fáilte roimh thoscairí ón tSeirbia: An tOllamh Ljiljana Markovic agus an tOllamh Aleksandra Vranes, Универзитет у Београду. (Bealtaine 2017)
 

Tháinig an tOllamh Jan Erik Rekdal ó Universitetet i Oslo, An Iorua ar cuairt chuig an Scoil le haoiléacht a thabhairt. (Márta 2017)

 
  Chuir an Scoil fáilte roimh thoscairí ón mBriotáin, an Fhrainc: An tOllamh Gary German agus an tOllamh Hélène Tétrel, Université de Bretagne Occidentale (Eanáir 2017).