Déan iniúchadh ar UCD

Baile UCD >

Cúrsa Gaeltachta 2024

Is gá do gach scoláire atá cláraithe do na modúil Teanga na Gaeilge II B agus Teanga na Gaeilge III B freastal ar an gCúrsa Gaeltachta.

Dátaí Chúrsa Gaeltachta 2024

Beidh an Réamhchúrsa Gaeltachta ar siúl ar champas UCD an 8 Márta 2024. Is cuid riachtanach den Chúrsa é an lá traenála seo.

Beidh an Cúrsa Gaeltachta ar siúl 9-15 Márta 2024.

Costas an chúrsa

€150

Clúdóidh an costas sin an lóistín, an bia, na ranganna agus na himeachtaí.

Ionaid

Beidh rogha ag na mic léinn freastal ar chúrsa i gCarna i gConamara nó i nGaoth Dobhair i dTír Chonaill.

Clárú

Beidh ar na mic léinn clárú don chúrsa Gaeltachta ag tús an dara téarma (Téarma an Earraigh). Osclófar an clárú an 22 Eanáir 2024. Tiocfar ar an nasc in Brightspace.

Is gá costas an chúrsa a íoc le clárú don chúrsa. Má tá riachtanais speisialta agat (lasmuigh de riachtanais a bhaineann le bia), déan teagmháil le Stiúrthóir na Teanglainne a luaithe agus is féidir.

Tá eolas anseo faoin tacaíocht atá ar fáil ón Ollscoil: