Déan iniúchadh ar UCD

Baile UCD >
íomhá forleagan

Comhdháil ar na Coláistí Samhraidh (1904-2024)

4 Iúil 2024

Cláraigh don chomhdháil anseo

Cláraigh anseo le freastal ar an gcomhdháil seo an 4 Iúil 2024: (opens in a new window)foirm chlárúcháin. Beidh an chomhdháil ar siúl ar champas UCD.

Gairm ar Pháipéir

Ar an 4 Iúil 1904 a cuireadh an chéad choláiste samhraidh ar bun, mar atá, Coláiste na
Mumhan i mBéal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí. Taobh istigh de bheagán ama, bhí
coláistí eile faoi lánseol sa Rinn, i dTuar Mhic Éadaigh agus i mBéal Feirste. Daoine fásta a
d’fhreastail ar na coláistí i dtús a ré, ach faoin mbliain 1908, bhí páistí ó Chraobh Londan de
Chonradh na Gaeilge ag caitheamh a gcuid laethanta saoire sna coláistí samhraidh.

Cé go bhfuil tábhacht na gcoláistí samhraidh luaite ag oideachasóirí, staraithe, teangeolaithe
agus go leor eile, níl aon mhórstaidéar ná plé cuimsitheach déanta ar na coláistí samhraidh go
dtí seo. Is í aidhm na comhdhála seo, mar sin, scoláirí agus lucht spéise na gcoláistí
samhraidh a thabhairt le chéile agus an deis a thabhairt dóibh stair, staid reatha agus todhchaí
na gcoláistí samhraidh a phlé.

Ábhair shamplacha a bhaineann leis na coláistí samhraidh:

  • Stair na gcoláistí samhraidh
  • Na taibhealaíona i gcomhthéacs na gcoláistí samhraidh
  • Litríocht faoi na coláistí samhraidh
  • Cliabháin oiliúna do scríbhneoirí agus scoláirí Gaeilge
  • Curaclam agus oideachas
  • Na coláistí samhraidh agus saol na Gaeltachta
  • Cúrsaí sochtheangeolaíochta
  • Cúrsaí eacnamaíochta

Fáiltíonn coiste na comhdhála roimh mholtaí faoi bhun 250 focal do chainteanna 20 nóiméad,
roimh phainéil de thriúr, agus roimh fhóraim phlé. Iarraimid ort nóta beathaisnéise 50 focal a
sheoladh isteach freisin. Is féidir iarratais a sheoladh chuig (opens in a new window)youthlanguages2022@gmail.com roimh an 10 Bealtaine 2024.

Tuilleadh eolais ar shuíomh idirlín na Comhdhála:
https://www.ucd.ie/yeelp/ga/comhdhail/ 

Coiste na Comhdhála

An Dr Ríona Nic Congáil
An Dr Fintan Keegan
Máire McCafferty
Lydia Uí Ruairc
Eoin Mc Evoy

Is í Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD atá ag reáchtáil na comhdhála.

* Maoinithe ag an gComhairle um Thaighde san Eoraip (ERC): 802695 - YEELP H2020-ERC-2018-STG

Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD

E: riona.niccongail@ucd.ie |