Déan iniúchadh ar UCD

Baile UCD >

Taighde ar na Coláistí Samhraidh Gaeltachta

Taighde ar na Coláistí Samhraidh

Is staidéar cáilíochtúil dhá bhliain é seo atá ar siúl ó mhí Iúil 2022 go mí an Mheithimh 2024, atá lonnaithe i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis, an Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath. Tá sé mar aidhm againn eolas a bhailiú maidir le ról agus tábhacht na gcoláistí samhraidh i gcultúr na hÉireann.

Tá sé i gceist againn na torthaí taighde a chur i láthair ag an gcomhdháil ar choláistí samhraidh Gaeilge a reáchtálfar sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath in 2024, chomh maith le comhdhálacha eile. Foilseofar na torthaí taighde in irisí acadúla.

Má tá cuimhní cinn agat féin ar thréimhsí a chaith tú i gcoláiste samhraidh agus má tá tú toilteanach iad a roinnt linn, bheimis an-bhuíoch díot as an suirbhé thíos a líonadh le do chuid freagraí:

Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD

E: riona.niccongail@ucd.ie |