Foilseacháin
- Hannah Sams, 'Creating breathing spaces for teenagers in the Welsh language: the case of theatre-in-Education', Research in Drama Education: The Journal of Applied Theatre and Performance (Iúil 2023).
- Máire McCafferty, ‘Gael Linn sa Ghaeltacht’, Comhar (Bealtaine 2023).
- Máire McCafferty, "‘You cannot teach the children of Ireland Irish until the teachers have got Irish themselves’: na Coláistí Samhraidh agus Modhanna Múinte na Gaeilge, 1904–1922", ComharTaighde 8 (2022).
- Ríona Nic Congáil, "Litríocht Ghaeilge na nÓg, 1900–2022", ComharTaighde 8 (2022).
- Ríona Nic Congáil, "The Three Stack Sisters: A New Perspective on 20th-Century Irish-Language Women’s Writing", Études Irlandaises 47.2 (2022): 71-87.
- Ríona Nic Congáil, An Óige agus an Athbheochan. Baile Átha Cliath: Cló Léann na Gaeilge. (2022).
Is é An Óige agus an Athbheochan an chéad mhonagraf a dhíríonn ar an gcaidreamh idir an óige agus stair na Gaeilge.
I rith thréimhse na hAthbheochana tháinig daoine fásta ar an tuiscint go raibh slánú na Gaeilge ag brath ar an aos óg, agus thapaigh siad an deis an t-aos óg a mhealladh i dtreo na teanga. Cuireadh cumainn drámaíochta agus spóirt ar bun; foilsíodh colúin i nuachtáin agus litríocht don aos óg; tháinig feiseanna ar an bhfód agus cuireadh tús leis an nós an t-aos óg a sheoladh chuig coláistí samhraidh sa Ghaeltacht. Ba mhór an bhearna idir eispéireas an aosa óig sna ceantair uirbeacha agus sna ceantair Ghaeltachta, áfach, agus tugtar léargas úr sa leabhar seo ar an gcaoi a ndeachaigh gluaiseacht na hAthbheochana i bhfeidhm orthu araon.
Déanann an leabhar seo mionscrúdú ar iarrachtaí lucht na hAthbheochana chun an t-aos óg a earcú agus a chur ag obair ar son na Gaeilge.
Bronnadh duais ar an saothar seo i gComórtas Liteartha an Oireachtais 2021.