Déan iniúchadh ar UCD

Baile UCD >
íomhá forleagan

Foireann

Tá cúigear taighdeoirí ag plé leis an tionscadal taighde seo.

Príomhthaighdeoir
An tOllamh Comhlach Ríona Nic Congáil

Is Ollamh Comhlach mé i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis. Tá spéis ar leith agam i Litríocht agus Cultúr na nÓg, i Litríocht na mBan agus in Athbheochan na Gaeilge. Is mise an príomhthaighdeoir ar an tionscadal taighde seo atá á mhaoiniú ag Comhairle Taighde na hEorpa.


Mac Léinn PhD le Gaeilge
Máire McCafferty

Is mac léinn PhD mé i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis. Táim ag obair ar ghné na Gaeilge den tionscadal seo, a dhíríonn ar Choláistí Samhraidh na Gaeilge, ar ról na ndaoine óga agus ar chruthú an chultúir náisiúnta Éireannaigh.


Taighdeoir Iardhochtúireachta sa Chatalóinis
An Dr Riocárd Ó hOddail | Dr Richard Huddleson

Is Taighdeoir Iardhochtúireachta mé atá lonnaithe i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD. Cuirim suim sa chumacht atá ag téacsanna maidir le múnlú, rialú agus ceistiú féiniúlachtaí. Is iad mo phríomhréimsí taighde ná Léann na Catalóine (Stair, Litríocht agus Cultúr); Teoiric agus Cleachtas an Aistriúcháin; Inscne agus Gnéasacht; agus Drámaíocht Teangacha Mionlaithe.


Taighdeoir Iardhochtúireachta sa Bhreatnais
An Dr Hannah Sams

Is léachtóir le Breatnais mé i Scoil an Chultúir agus na Cumarsáide in Ollscoil Abertawe/Swansea. Táim ag obair ar ghné na Breatnaise sa tionscadal taighde. Ó chríochnaigh mé mo PhD ar dhrámaíocht chomhaimseartha na Breatnaise táim ag tógáil ar ghnéithe den tráchtas, cuir i gcás an staidéar comparáideach a rinne mé idir an drámadóir Breatnaise Aled Jones Williams agus an drámadóir Catalóinise Sergi Belbel. Tá mé ag cur freisin le mo chuid taighde ar an amharclannaíocht náisiúnta i náisiúin gan stáit.

Mae Hannah Sams yn ddarlithydd yn y Gymraeg yn Ysgol Diwylliant a Chyfathrebu, Prifysgol Abertawe. Mae Hannah yn gweithio ar elfen Gymraeg y prosiect hwn. Ers cwblhau ei doethuriaeth mae hi wedi bod yn datblygu elfennau o’r gwaith hwnnw megis yr elfen gymharol rhwng y Cymro o ddramodydd Aled Jones Williams a’r dramodydd o Gatalwnia Sergi Belbel ynghyd â chraffu ar theatrau cenedlaethol mewn cenhedloedd diwladwriaeth.


Cúntóir Taighde
Lydia Uí Ruairc

Is cúntóir taighde mé agus táim ag obair ar ghné na litríochta Gaeilge sa tionscadal. Tá céim BA (onóracha) agus Ard-Dioplóma san Oideachas bainte amach agam i gColáiste na Tríonóide agus ghnóthaigh mé Ard-Dioplóma san Aistriúchán agus MA sa Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá tréimhsí caite agam ag múineadh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. Tá obair déanta agam le hIonad na Gaeilge Labhartha in Ollscoil Mhá Nuad freisin. Tá neart blianta caite agam i gColáiste Íosagáin agus roinnt téacslabhar agus ábhar teagaisc foilsithe agam le cuideachtaí éagsúla, EDCO, COGG agus SFGM ina measc.


Headshot of Dr Fiona Lyons
D'oibrigh an Dr Fiona Ní Laitháin ar an tionscadal sa bhliain 2022 mar Chúntóir Taighde sa Ghaeilge

Is cúntóir taighde mé agus tá mé ag obair ar ghné na Gaeilge sa tionscadal seo. Is léachtóir ócáideach mé chomh maith, sa Nua-Ghaeilge agus sa Léann Éireannach, i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis, UCD. Is céimí de chuid UCD mé, áit ar bhain mé BA, MA agus PhD amach. Don PhD rinne mé anailís ar iriseoireacht na Gaeilge agus an athbheochan thrasatlantach.

Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD

E: riona.niccongail@ucd.ie | Léarscáil Suímh