Déan iniúchadh ar UCD

Baile UCD >

An Léann Ceilteach

An Léann Ceilteach

Tugann an tSean-Ghaeilge, an Mheán-Ghaeilge, an Bhreatnais, agus an tSibhialtacht Cheilteach deiseanna ar leith agus deiseanna idirghaolmhara do dhuine staidéar a dhéanamh ar ghnéithe de theangacha, de stair agus de shibhialtacht na gCeilteach, faoi mar a bhain siad le hachar mór réigiún agus ama. Tá lear mór ábhar seandálaíochta, staire agus litríochta i gceist leis an tSibhialtacht Cheilteach (ar féidir staidéar a dhéanamh uirthi mar chúrsa céime onóracha dhá ábhar), agus

sna modúil ar an tSean-Ghaeilge agus an Mheán-Ghaeilge, an Nua-Bhreatnais agus an Bhreatnais Mheánaoiseach, treoraíonn na léachtóirí na mic léinn agus iad ag cur eolais ar na teangacha sin agus cuireann téacsanna fíorspéisiúla faoina mbráid.

An tSean-Ghaeilge

Tá an tSean-Ghaeilge agus an Mheán-Ghaeilge fíorthábhachtach don té atá ag iarraidh litríocht agus traidisiún luath na hÉireann a thuiscint, agus tugaimid deis do mhic léinn - as Éirinn agus as

tíortha eile - ar spéis leo Éire na luathaoise buneolas struchtúrtha a chur ar an teanga agus tuiscint a fháil ar a litríocht shaibhir agus ar an tsochaí a ndéantar cur síos uirthi sa litríocht sin. Múintear an phailéagrafaíocht agus eagarthóireacht téacs chomh maith.  Cé nach féidir ach le hinstitiúidí áirithe ar domhan an t-ábhar seo a thairiscint, tá an-tábhacht leis go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta araon, agus cuireann daoine as chuile chearn den domhan ar spéis leo sibhialtacht na meánaoise spéis ann. Cuid lárnach den chúrsa is ea téacsanna de chuid na meánaoise a léamh agus a chur in eagar d'fhonn a bheith ábalta taighde ceart a dhéanamh. Múinimid ranganna do ghrúpaí beaga agus bainimid úsáid as acmhainní leictreonacha, amhail foclóir stairiúil na Gaeilge agus íomhánna digiteacha de lámh- scríbhinní. Is trí cheachtanna téarma agus measúnaithe deiridh, áit a mbíonn téacsanna le haistriú agus le míniú, a dhéantar measúnú ar mhic léinn.

 An Bhreatnais

Tugann foghlaim na Breatnaise deis d'Éireannaigh agus do mhic léinn idirnáisiúnta staidéar a dhéanamh ar theanga Cheilteach bhríomhar a labhraíonn comharsana linn ach nach bhfuil mórán eolais againn uirthi mar sin féin. Is féidir linn léargas a fháil ar an litríocht, ar an stair agus ar an gcultúr a ghabhann léi. Tá an teanga agus litríocht na teanga suimiúil astu féin ach is fiú iad a chur i gcomórtas le teanga agus le litríocht na hÉireann freisin, áit a bhfeicfear idir chosúlacht agus chodarsnacht. Bíonn idir ranganna beaga agus ranganna meánmhéide i gceist leis na ranganna teanga agus moltar do mhic léinn aithne a chur ar mhic léinn agus a bheith ag comhoibriú lena chéile. Tugtar cabhair dóibh an

méid mór ábhair atá ar líne a chíoradh. Is trí chur i láthair ó bhéal, comhoibriú le comhghleacaithe, ceachtanna béil agus ceachtanna scríofa, aistí agus scrúduithe scríofa deiridh a dhéantar measúnú ar mhic léinn. Tá litríocht shaibhir meánaoise ag an mBreatnais chomh maith agus is féidir le mic léinn prós agus filíocht Bhreatnais na linne sin a roghnú.

An tSibhialtacht Ceilteach 

Tugtar buneolas ar ghaiscí agus ar oidhreacht na Sibhialtachta Ceiltí, óna bhfréamhacha Eorpacha go dtí sochaí meánaoise na hÉireann agus na Breataine Bige. In ainneoin an fhiúntais chultúrtha a bhaineann leis an dá thír seo, is minic nach mbíonn aon eolas ceart ar a gcultúr ach ag saineolaithe.

Faigheann mic léinn léargas ginearálta ar shaibhreas agus ar chastacht chultúr na gCeilteach. Cuireann siad aithne ar réimse téacsanna litríochta trí bhíthin an aistriúcháin, agus faigheann siad tuiscint ar na modhanna éagsúla a chuireann taighdeoirí ag obair agus iad ag iarraidh an t-ábhar a nochtadh, a chur i gcomhthéacs agus a mhíniú. Ní mar a chéile an líon mac léinn a bhíonn sna léachtaí ar fad; nuair a bhíonn líon mór ann, bíonn ranganna teagaisc seachtainiúla mar thaca dóibh. Baintear úsáid as cur i láthair ar ríomhairí, stór cartlainne UCD agus cuairteanna treoraithe ar mhúsaeim Bhaile Átha Cliath

mar aon le hacmhainní eile amhail Ionad UCD um Sheandálaíocht Thrialach agus Teicneolaíochtaí Ársa. Déantar measúnú ar mhic léinn bunaithe ar rannpháirtíocht, aistí socraithe agus scrúduithe scríofa deiridh bliana.

(opens in a new window)Tuilleadh eolais ar an gcúrsa le fáil ANSEO.

Cúrsa eile:(opens in a new window) An Léann Ceilteach, Stair na hEalaíne agus Stair