Déan iniúchadh ar UCD

Baile UCD >

An Léann Éireannach

An Léann Éireannach

Clár idirdhísciplíneach an Léann Éireannach ina scrúdaítear an éagsúlacht a bhaineann le stair, shochaí, agus chleachtais chultúrtha na hÉireann agus na próisis chasta a mhúnlaigh Éire agus féiniúlacht

na hÉireann. Cíortar ceisteanna conspóideacha spreagúla a bhaineann le hÉirinn agus leis an rud is Éireannachas ann, ar nós conas is féidir linn tuiscint a fháil ar na bealaí inar mhúnlaigh áit, stair, cultúr agus sochaí an tír, mar a bhí agus mar atá? Cén tionchar a bhíonn ag an imirce agus an inimirce ar chultúr, ar shochaí agus ar fhéiniúlacht na hÉireann? Cén tionchar a bhí ag catagóirí féiniúlachta ar nós inscne, gnéasúlacht, eitneachas agus aicme ar chultúr, ar shochaí agus ar fhéiniúlacht na tíre?

Tá an clár dírithe ar mhic léinn náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhfuil spéis acu i bhfréamhacha na litríochta agus sa litríocht chomhaimseartha, sna meáin, i scannáin, sa traidisiún coiteann, sna healaíona agus in oidhreacht na hÉireann i gcomhthéacs domhanda. Glacann mic léinn páirt in obair allamuigh agus cuirtear acmhainní cartlainne faoina mbráid mar chuid dá bhfoghlaim. Déantar an múineadh i léachtaí, i ranganna teagaisc le grúpaí beaga, agus i ranganna rannpháirtíochta atá ar aon dul le seimineáir ó thaobh stíle de. Is cuid lárnach den chúrsa iad seimineáir phoiblí agus léachtaí poiblí freisin. Déantar measúnú ar mhic léinn bunaithe ar scrúduithe scríofa, MCQ, tionscadail aonair taighde aonair, dialann a choinneáil, aistí téarma agus cur i láthair ó bhéal.

(opens in a new window)Tuilleadh Eolais ar an gcúrsa le fáil ANSEO.