IR40390 Dlí agus Aistriúchán I

Academic Year 2018/2019

Tá an cúrsa seo dírithe ar mhic léinn a bhfuil suim acu obair trí mheán na Gaeilge i réimse an dlí. Beidh sé mar aidhm ag an gcúrsa sainscileanna teanga a chur ar fáil do mhic léinn ionas gur féidir leo cur isteach ar phostanna mar aistritheoirí ar cháipéisí dlí in Éirinn agus san Aontas Eorpach. Leagfar béim sa chéad seimeastar ar na dúshláin a bhaineann leis an aistriúchán sa chomhthéacs dlíthiúil, ar nósanna teanga sa reachtaíocht, ar shaintéarmaíocht an dlí, ar ardchruinneas teanga agus ar áiseanna teicneolaíochta. Faoi dheireadh an tseimeastair, beidh tuiscint agus taithí agat ar na saghsanna éagsúla cáipéisí a aistrítear go Gaeilge in Éirinn agus san Aontas Eorpach. Tabharfar roinnt eolais ghinearálta duit ar bheartas teanga an Stáit agus ar bheartas teanga an Aontais Eorpaigh maidir le cáipéisí dlí a chur ar fáil i nGaeilge. Gheobhaidh tú taithí freisin ar na tástálacha síciméadracha a úsáidtear mar chuid den phróiseas earcaíochta d'aistritheoirí san Aontas Eorpach. Ach díreofar go príomha ar scileanna aistriúcháin. Má éiríonn leat sa mhodúl seo i Seimeastar 1, beidh tú in ann dul ar aghaidh i Seimeastar 2 go dtí IR 40400 Dlí II.This course is aimed at students who are interested in working through Irish in the legal field. The objective of the course will be to provide students with specific Irish language skills so that they are able to apply for jobs as translators of legal texts in Ireland and in the European Union. Emphasis will be placed in the first semester on the challenges of translation in the legal context, on language patterns in legislation, on specific legal terminology, on a high level of linguistic accuracy and on technological resources. By the end of the semester, you will have an understanding and experience of the different types of documents that are translated into Irish in Ireland and in the European Union. You will be given some general information on language policy in the State and in the European Union as regards the provision of legal documents in Irish. You will also gain experience of the psychometric tests that are used as part of the recruitment process for translators in the European Union. But the main focus will be on translation skills. If you pass this module in Semester 1, you will be able to proceed in Semester 2 to IR 40400 Dlí II.

Show/hide contentOpenClose All

Curricular information is subject to change

Learning Outcomes:

Ag deireadh an mhodúil seo ba cheart go mbeadh sé ar chumas an mhic léinn:
Saintéarmaíocht agus frásaí sa reachtaíocht a aimsiú agus cruinneas gramadaí a sheiceáil trí úsáid a bhaint as na háiseanna atá ar fáil ar líne
Téarmaíocht choitianta agus frásaí coitianta sa reachtaíocht a aistriú gan chúnamh ó fhoclóir ná ó áiseanna ar líne
Brí focal nó frásaí i gcomhthéacs cáipéis dlí a lorg nuair is gá chun cáipéis a aistriú
Rialacha gramadaí a chur i bhfeidhm agus a mhíniú i gcáipéisí dlí agus botúin bhunúsacha i gcáipéisí dlí a cheartú
Riachtanais chomhréir na Gaeilge i gcomhthéacs cáipéisí dlí a thuiscint
Ullmhú do na tástálacha síciméadracha a úsáidtear mar chuid de phróiseas earcaíochta and AE d'aistritheoirí

At the end of this module the student should be able to:
Find specific terminology and phrases in legislation agus check grammatical accuracy by using the resources that are available online
Translate some specific terminology and common phrases in legislation without the aid of a dictionary or of online resources
Search for the meaning of a word or phrase in the context of a legal document when necessary to translate a document
Apply and explain grammatical rules and correct basic mistakes in legal documents
Understand the requirements of Irish syntax in the context of legal documents
Prepare for the psychometric tests that are used as part of the EU recruitment process for translators.

Student Effort Hours: 
Student Effort Type Hours
Small Group

12

Specified Learning Activities

36

Autonomous Student Learning

62

Total

110

 
Requirements, Exclusions and Recommendations
Learning Requirements:

Bunchéim le grád 2.2 sa Nua-Ghaeilge nó Grád 2.2 ag leibhéal bunchéime (nó a chomhionann) mar aon le caighdeán ard i labhairt agus i scríobh na Gaeilge.

Learning Recommendations:

Eolas ginearálta ar an dlí agus/nó suim sa dlí



Module Requisites and Incompatibles
Incompatibles:
Riarachán Gaeilge I (IR40330), Cóipeagarthóireacht I (IR40350)

 
Description % of Final Grade Timing
Examination: Written examination / Scrúdú scríofa

35

2 hour End of Trimester Exam
Class Test: Measúnaithe leanúnacha sa rang ar shaintéarmaíocht, ar an aistriúchán agus ar thástálacha síciméadracha.

25

Varies over the Trimester
Continuous Assessment: Ceachtanna

25

Varies over the Trimester
Essay: Aiste ar dhualgais an aistritheora sa chomhthéacs dlíthiúil

15

Coursework (End of Trimester)

Compensation

This module is not passable by compensation

Resit Opportunities

End of Semester Exam

Remediation

Má theipeann ort san aiste nó sa scrúdú scríofa ag deireadh an tseimeastair, is féidir leat iad a dhéanamh arís agus gheobhaidh tú pasmharc má éiríonn leat an dara huair.

Name Role
Ms Órla Ní Chuilleanáin Lecturer / Co-Lecturer