Beidh comórtas Theach na Gaeilge 2024-2025 oscailte 2 Márta

Cláraigh Anseo

Scéim Chónaithe Ghaeilge do Mhic Léinn

Taithí saoil faoi leith is ea Teach na Gaeilge UCD, a bunaíodh sa bhliain 2000. Bíonn deis ag mic léinn de chuid réimsí éagsúla léinn maireachtáil agus obair le chéile as Gaeilge. Cuireann siad faobhar ar a gcuid buanna faoi leith trí mheascán mór imeachtaí cultúrtha agus sóisialta. Tairiscíonn Gaeltacht UCD 24 scoláireacht do mhic léinn atá líofa sa Ghaeilge agus a dteastaíonn uathu í a chur ar aghaidh le tograí nua.

Aitheantas Eorpach do Theach na Gaeilge UCD

Bronnadh An Séala Eorpach Teanga 2016 ar Ghaeltacht UCD don Scéim Chónaithe Ghaeilge do Mhic Léinn. Is gradam é seo a bhronntar ar thionscnamh a chuireann le foghlaim agus le teagaisc teanga, tionscnamh gur féidir aithris a dhéanamh air i dteangacha eile. Is é an Coimisiúin Eorpach a dhéanann comhordnú ar an ngradam seo a bhíonn á bhainistiú in Éirinn ag an eagraíocht Léargas.

Agallamh faoi Shéala Eorpach Teanga 2016: RTÉ - Cormac ag a Cúig, 30 Meán Fómhair 2016