Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

Tá sé mar aidhm ag Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 líon agus caighdeán na seirbhísí trí Ghaeilge a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil don phobal a mhéadú agus a fheabhsú, ar bhealach eagraithe, thar thréimhse ama. Tá treoirleabhar foilsithe ag Oifig an Choimisinéara Teanga chun cúnamh a sholáthar don phobal maidir lena gcearta teanga agus chun comhairle a sholáthar do chomhlachtaí poiblí maidir lena ndualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021

Tá Bille na dTeangacha Oifigúla (Leasú) 2021 rite trí Dháil Éireann agus sínithe ag Uachtarán
na hÉireann, 22 Nollaig 2021. Bunaíodh An Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge 20
Meitheamh 2020 agus tá sé mar fheidhm ag an gCoiste comhairle a sholáthar ar chur i
bhfeidhm an Achta. Tiocfaidh leasuithe an Achta i bhfeidhm diaidh ar ndiaidh.

Preasráitis ó Oifig an Choimisinéara Teanga

Brúigh ar na boscaí thíos chun samplaí de dea-chleachtais sna dualgais reachtúla a fheiceáil.

Dualgais Dhíreacha

*Scéim Teanga, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Tá faoin gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath a 2ú scéim teanga a dhréachtadh de réir Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Is é bunchuspóir an Achta ná seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a sholáthar don phobal. Táimid buíoch as na haighneachtaí dréachtscéime a sheoladh chugainn. Beidh an 2ú scéim teanga de chuid na hOllscoile, scéim teanga 2021-2024, le feiceáil thíos a luaithe is atá sé faofa ag An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Is féidir leat Coiste Scéim Teanga UCD 2021 a fheiceáil anseo.

* Tabhair faoi ndear go bhfánfaidh an scéim teanga seo i bhfeidhm go dtí go go dtagann an córas nua caighdeánaithe i bhfeidhm. 

 

Athbhreithniú ar Thrimeastar 1, 2021

Iarrtar ar na haonaid luaite i scéim teanga 2021-2024 an ceistneoir seo a líonadh: https://forms.gle/DfktrtdvCWPQ8Yr17

Fiosruithe: failte@ucd.ie 

 

Brúigh anseo do shuíomh Chumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge, gréasán tacaíochta agus urlabhra d’Oifigigh Forbartha Gaeilge san Earnáil Phoiblí agus Stáit ar oileán na hÉireann.