Cur chun cinn gníomhach na teanga is aidhm do Ghaeltacht UCD. Déanann an t-ionad freastal orthu siúd ar mian leo teagmháil a bheith acu leis an dteanga trí réimse tionscadal a bhunú agus a riar. I measc na dtionscadal sin, tá: cúrsaí teanga, ceardlanna cultúrtha, seirbhís aistriúcháin, scéim chónaithe do mhic léinn, agus clár idirnáisiúnta. Tá ionadaíocht ag Gaeltacht UCD ar Bhord Tacaíochta Gaeilge na hOllscoile. Bíonn fáilte roimh chách ag imeachtaí Ghaeltacht UCD, coiméadaigí súil ar Facebook, Twitter agus Instagram le linn na bliana.
Teagascóirí cáilithe le taithí
Más mian leat a bheith ar phainéal na dteagascóirí Gaeilge, líon an fhoirm seo agus seol CV chuig gaeltacht@ucd.ie
Ceoltóirí/Damhsóirí/Amhránaithe
Más ceoltóir, damhsóir nó amhránaí den scoth tú atá ag staidéár in UCD faoi láthair nó a bheidh ag teacht go UCD go luath, cláraigh linn chun a bheith ar an eolas faoi dheiseanna taistil agus/nó obair ócáideach ar champas nó go fiorúil
Riarthóirí, comhordaitheoirí agus bainisteoirí tionscadail
Más spéis leat a bheith ar an eolas de réir mar a thagann folúntas aníos le Gaeltacht UCD, cláraigh anseo
Oibríonn Gaeltacht UCD i gcomhpháirt leis na haonaid a thagann faoi scáth Rannpháirtíocht Dhomhanda UCD.