Tacaíochtaí

Tabhair faoi deara go n-athraíonn litriú na bhfocal ag brath ar an gcomhthéacs. Má tá ceist ar bith agat, bí cinnte teagmháil a dhéanamh le hOifig Ghaeltacht UCD: ranganna.gaeilge@ucd.ie

Acmhainní Aistriúcháin

Cuireann Gaeltacht UCD seirbhís aistriúcháin agus comhairliúcháin ar fáil do gach oifig san Ollscoil le cur i bhfeidhm forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla a eascú. Cuireann an t-ionad bunachar d’fhoirgnimh, do scoileanna agus do choláistí de chuid UCD ar fáil maraon le fógraí réamhthaifeadta béil. Tabhair faoi deara go gclúdaíonn gach scoil/coláiste/aonad an costas a bhaineann lena dtéacs/aistriúcháin proifisiúnta féin.

Ba chóir gach ábhar aistriúcháin a sheoladh mar cáipéis ‘word’ chuig ranganna.gaeilge@ucd.ie agus cuirfear meastachán ar fáil.

Baill Foirne le Gaeilge

Eolaire do bhaill foirne UCD atá líofa sa Ghaeilge nó a chuirfeadh fáilte roimh chomhrá i nGaeilge

Tuilleadh Eolais

Cúrsaí do Mhic Léinn agus do Bhaill Foirne

Cuireann Gaeltacht UCD cúrsaí Gaeilge ar fáil do phobal UCD leis an nGaeilge a fhoghlaim i rith na bliana. Bíonn múinteoirí oilte ag reachtáil na ranganna seo agus is deis iontach é cairde nua a dhéanamh. Tá ábhar teagaisc Ghaeltacht UCD bunaithe ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha.‌ Tá sé tábhachtach clárú do na cúrsaí go luath chun a chinntiú go mbeidh áit ann duit. Tá na cúrsaí seo a leanas ar fáil ach amháin do mhic léinn agus baill foirne reatha UCD.

Tuilleadh Eolais