Ceisteanna Coitianta

Aistriúcháin

Reáchtálann Gaeltacht UCD seirbhís aistriúcháin Gaeilge/Béarla agus Béarla/Gaeilge UCD. Ba chóir gach iarratas a chur isteach i bhformáid WORD go dtí: ranganna.gaeilge@ucd.ie

Baineann, tá conradh ag Gaeltacht UCD le comhlacht aistriúcháin sheachtrach agus clúdaíonn gach scoil nó aonad aonair costa a n-aistriúchán féin. Déanann Gaeltacht UCD profléitheoireacht saor in aisce ar na haistriúcháin chomhlánaithe sula gcuirtear ar ais chuig an scoil/aonad aonair iad. Déantar líon beag cáipéisí gairide a aistriú laistigh de Ghaeltacht UCD, agus tá bunachar aistriúcháin ag Gaeltacht UCD, ina bhfuil ainmneacha reatha na n-aonad, scoileanna, coláistí agus foirgneamh, féach https://www.ucd.ie/irish/en/supports/

Tar éis duit do théacs a chur isteach go ranganna.gaeilge@ucd.ie, iarrfaidh Gaeltacht UCD ar mheastachán; ríomhtar na costais aistriúcháin de réir méid na bhfocal agus castacht an téacs. Má tá an scoil/aonad aonair sásta leis an meastachán, beidh orthu uimhir orduithe ceannaigh a sholáthar le haghaidh costais an aistriúcháin, tríd R-Sholáthar UCD (cód soláthraí STA217) agus déanfar an obair aistriúcháin. Nuair a bhfaigheann an t-aonad/scoil an t-aistriúchán críochnaithe, déanann siad an
t-Ordú Ceannaigh a mharcáil 'faighte' ar R-Sholáthar UCD.

Braitheann meastacháin ama ar fhad an cháipéis agus ar chastacht an téacs. Is é an t-aga slánúcháin meánach tar éis don Uimhir Orduithe Ceannaigh teacht isteach ná 3-4 lá oibre le haghaidh téacs 1,000 focal nó níos lú.

Le leanúnachas sa chaighdeán agus sa stíl inmheánach a chinntiú, molaimid go bpróiseálfar gach aistriúchán trí aon oifig amháin (Gaeltacht UCD faoi láthair). Más rud é go dteastaíonn ó scoil/aonad ar leith a gcuid oibre aistriúcháin a dhéanamh go neamhspleách, ba chóir dóibh dul i dteagmháil ar dtús le Soláthar UCD le cinntiú go bhfuil na haistritheoirí agus profléitheoirí i measc na cinn a cheadaigh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán le déanaí, agus ar an dara dul síos go bhfuil an t-aistritheoir roghnaithe faofa don saghas téacs atá le haistriú, i.e. téacs ginearálta, téacs dlí srl.

Féach: https://www.ucd.ie/irish/ga/tacaiochtai/aistriuchan/

Cúrsaí Gaeilge

Bíonn na cúrsaí ar fad ar siúl ar Champas Belfield.

Tá na cúrsaí teanga atá againn saor in aisce do mhic léinn aguss fostaithe UCD. Tá táille chlárúcháin de €10.00 ar gach cúrsa. 

Cuireann Gaeltacht UCD cúrsaí ar fáil ar 5 leibhéal éagsúla teanga. Tá cur síos mionsonraithe ar fáil ar www.ucd.ie/irish/ga/teanga/cursaiteanga/. Mura bhfuil tú cinnte cén leibhéal teanga ar cheart duit a roghnú, is féidir leat tabhairt faoin scrúdú socrúcháin ar líne atá bunaithe ar na siollabais a mbainimid úsáid astu: www.ranganna.com/tastail.aspx?id=2&lang=ga

Baintear úsáid as an gcur chuige cumarsáideach i leith an teagaisc sna cúrsaí ar fad atá á reáchtáil ag Gaeltacht UCD. Cuirtear béim láidir ar an obair i ngrúpaí agus tugtar gach deis do na foghlaimeoirí ról gníomhach a bheith acu sna ranganna. Cuirtear béim ar an teanga úsáideach laethúil agus ar thopaicí spéisiúla, agus déantar an ghramadach a theagasc i gcomhthéacs úsáide, faoi mar a bheidh sí ag teastáil. Bíonn scileanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta mar chuid de na cúrsaí ach is ar an gcumarsáid agus tuiscint labhartha is mó a chuirtear béim

Cuireann Gaeltacht UCD sainchúrsa ullmhúcháin ar fáil dóibhsean gur mhian leo tabhairt faoin dTeastas Eorpach sa Ghaeilge, leibhéal B1; tá teastas B1 ina íosriachtanas don chúrsa Máistir Gairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) agus do roinnt postanna eile sa seirbhís poiblí, mar shampla. Freagraíonn ábhar na gcúrsaí uilig do Fráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha (Comhairle na hEorpa, 2001), mar sin bheadh cúrsaí Ghaeltacht UCD ina cabhair acusan atá ag tabhairt faoi Teastas Eorpach sa Ghaeilge (teg.ie) ag leibhéil eile freisin.

Ní gá téacsleabhar a cheannach le haghaidh cúrsaí Ghaeltacht UCD. Déanfaidh an teagascóir na hábhair go léir a bheidh de dhíth ort a scaipeadh.

Cuireann Gaeltacht UCD cúrsaí Gaeilge ar fáil gach trimeastar. Mura mbíonn tú in ann freastal ar chúrsa i dtrimeastar 1, is féidir leat tosú i dtrimeastar 2. Mar mhalairt rogha, seans gur mian leat páirt a ghlacadh inár dtumchúrsa Tionól Gaeilge UCD a mhaireann seachtain amháin, scoil samhraidh atá dírithe ar fhoghlaimeoirí in Éirinn agus thar lear a bhfuil dúil acu sa Ghaeilge agus i gcultúr na hÉireann. Beidh sé fóirsteanach fosta do mhic léinn in Éirinn agus thar lear araon atá ag déanamh staidéar ar an nGaeilge mar ábhar nó atá ag tabhairt faoi chéim sa Léann Éireannach, óir cuirtear ranganna ar fáil ar 5 leibhéal. Tuilleadh eolais: www.ucd.ie/irish/ga/teanga/scoilsamhraidhidirnaisiunta/

Ní chuireann Gaeltacht UCD ranganna príobháideacha saor in aisce ar fáil, ach más mian leatsa nó le grúpa comhghleacaithe ranganna príobháideacha nó speisialaithe a eagrú, is féidir linn comhairle a chur ort nó oraibh faoi sin.

Leibhéil na gCúrsaí Teanga

Tá an leibhéal seo dírithe ar mhic léinn nach bhfuil eolas ar bith acu ar an nGaeilge nó orthu siúd nach bhfuil acu ach cúpla focal agus abairt. Ní bheidh an rang seo fóirsteanach do dhuine ar bith a bhfuil staidéar dara leibhéal déanta aige ar an nGaeilge in Éirinn. Tá an leibhéal seo an-chuí ar fad do mhic léinn idirnáisiúnta go mb'fhéidir nach mbeadh taithí ar bith acu ar an teanga.

Tá an leibhéal seo ceaptha do mhic léinn a bhfuil buneolas ar an teanga acu ó staidéar a rinneadh roimhe nó dóibh siúd a d'fhreastail ar roinnt cúrsaí mar thosaitheoir 1. Caithfear súil siar ar ghnéithe tábhachtacha bunúsacha den teanga le tús a chur leis an teagasc.

Tá an leibhéal seo dírithe ar mhic léinn a bhfuil staidéar déanta acu ar an nGaeilge go leibhéal na hArdteistiméireachta, b'fhéidir ar ghnáthleibhéal, a thuigeann cuid mhaith den teanga ach nach raibh mórán deiseanna acu an teanga a úsáid le blianta beaga anuas. Tá sé fóirsteanach fosta dóibh siúd a d'fhreastail ar ranganna 'Bonnleibhéil' le linn na bliana acadúla roimhe sin. Déanfar méid áirithe den teanga bhunúsach a mhúineadh ar dtús ach rachfar ar aghaidh ansin sa rang ar luas níos gasta ná ceachtar den dá rang ar leibhéal níos ísle.

Tá an leibhéal seo dírithe ar mhic léinn atá réasúnta líofa sa Ghaeilge agus a mbaineann feidhm shóisialta aisti ó am go chéile. Tá sé an-chuí ar fad dóibh siúd go mb'fhéidir go ndearna siad an Ghaeilge mar ábhar ardleibhéil in Ardteistiméireacht na hÉireann. Beidh deis ag rannpháirtithe cur leis an stór focal atá acu agus tuilleadh a fhoghlaim faoi ghramadach na Gaeilge. Déanfar réimse níos leithne topaicí a chlúdach ná a dhéanfar sa rang ar an meánleibhéal íochtarach.

Cúrsa é seo atá deartha dóibh siúd a bhfuil roinnt cúrsaí déanta acu ag an meánleibhéal uachtarach agus ar mian leo díriú isteach ar an ngramadach agus an líofacht ardleibhéil (cuirtear an leibhéal seo ar fáil ag brath ar ráchairt).

Gníomhaíochtaí Cultúrtha

Cuireann Gaeltacht UCD réimse gníomhaíochtaí cultúrtha, spóirt agus sóisialta ar fáil gach trimeastar, mar shampla gníomhaíochtaí amhail ceardlanna damhsa traidisiúnta, pléghrúpa podchraoltaí, ióga trí mheán na Gaeilge, ceardlanna bhéaloideas na hÉireann agus ceachtanna sa cheol agus amhránaíocht thraidisiúnta. Mic léinn a bhíonn i gceannas ar chuid de na himeachtaí a chuirimid ar siúl agus, mar sin, bíonn deis agat an teanga a úsáid i dtimpeallacht réchúiseach, cairdeas nua a dhéanamh agus spraoi a bheith agat. Bí ag féachaint ar ár gcuntais ar na meáin shóisialta don eolas is déanaí ar imeachtaí amach anseo: www.ucd.ie/irish/ga/cultur/

Teach na Gaeilge UCD

Scéim Cónaithe Gaeilge UCD do Mhic Léinn atá i dTeach na Gaeilge. Tá Teach na Gaeilge i gcroílár Shaol na Gaeilge ar an gcampas ó bhí 2000 ann, agus tugann sé taithí ar leith do scoláirí. Tugtar deis do mhic léinn atá ag déanamh staidéar ar réimsí éagsúla ábhar a bheith ina gcónaí agus ag obair le chéile trí mheán na Gaeilge, agus san am céanna leas a bhaint as réimse gníomhaíochtaí sóisialta agus cultúrtha le forbairt a dhéanamh ar na buanna ar leith atá acu.

Tá Teach na Gaeilge UCD suite in Áras Cónaithe Merville na Mac Léinn ar champas Belfield agus níl sé ach cúpla nóiméad ó léachtlanna, leabharlanna, áiseanna spóirt agus ríomhaireachta na hollscoile.

Cuireann Gaeltacht UCD scoláireachtaí ar fáil do 24 mhac léinn – 12 mhac léinn nua agus 12 mhac léinn leantacha.

Is gá gur cainteoirí líofa Gaeilge iad na hiarratasóirí agus fonn a bheith orthu agus é a bheith ar a gcumas tionscadail a thionscnamh a chuirfidh úsáid na teanga chun cinn.

Ní gá. Cuirfear fáilte roimh gach mac léinn ag a bhfuil Gaeilge líofa iarratas a dhéanamh.

Ní gá. Is féidir le mic léinn ó gach réimse ábhair iarratas a dhéanamh.

Beidh foirmeacha iarratais ar fáil ar shuíomh gréasáin Ghaeltacht UCD go luath i mí an Mhárta: www.ucd.ie/irish/ga/ansceimchonaithe/scolaireachtai/

Déanfar gearrliosta de na hiarratais agus tabharfar cuireadh do líon áirithe mac léinn teacht chuig agallamh. Na hiarratasóirí a n-éireoidh leo, déanfar iad a roghnú bunaithe ar a bhfoirm iarratais agus agallamh.

Maireann an scoláireacht bliain acadúil amháin. Is féidir le mic léinn iarratas a dhéanamh ar chomórtas Theach na Gaeilge UCD arís ina dhiaidh sin. Caithfidh mic léinn a bheith páirteach go gníomhach i gcur chun cinn na teanga agus ní mór dóibh siúd atá ag dul faoi agallamh don dara bliain a gcuid rannpháirtíochta i mbliain 1 a chruthú.

Bíonn scoláirí ina gcónaí le chéile i nGaeltacht bheag UCD (trí mheán na Gaeilge an t-am ar fad). Déanann siad cairdeas le mic léinn a bhfuil Gaeilge acu atá ag déanamh staidéar ar ábhair i réimse dámh, a dhéanann cinnte de gur féidir leo an teanga a úsáid ina saol ar bhonn sóisialta san Ollscoil agus níos faide ar shiúl. B'fhéidir go mbeadh an deis acu teagmháil a dhéanamh fosta le mic léinn atá ag déanamh staidéar ar mhionteangacha eile agus/nó le mic léinn arb as cultúir eile dóibh. Ós rud é gur ambasadóirí teanga iad, tugtar tacaíocht dóibh, mar shampla ionduchtú, oiliúint, modúl creidiúnaithe agus scéim meantóireachta a chuireann ar a gcumas teagmháil a dhéanamh le líonra cainteoirí Gaeilge atá ag obair i ngairmeacha éagsúla (céimithe 2000-2020). Caithfidh scoláirí tionscadail a thionscnamh atá ag teacht leis na buanna agus leis an taithí ar leith atá acu féin chun an teanga a chur chun cinn go gníomhach, rud a fhágann go bhfaigheann siad taithí in obair foirne agus i mbainistíocht imeachtaí. Tá luach airgid de €1,500 ar an iomlán ar scoláireacht Ghaeltacht UCD, atá nasctha go díreach le cónaí i dTeach na Gaeilge agus a íoctar i dtráthchodanna míosúla ar thréimhse seacht mí. Luaitear an scoláireacht ar thras-scríbhinn acadúil gach scoláire.

Tá an t-eolas is deireanaí maidir le lóistín ar champas UCD ar fáil ach cliceáil ar an nasc seo: www.ucd.ie/residences/bookinginfo/ratesandpayments/

Is féidir, seol ríomhphost chuig failte@ucd.ie nó cuir glaoch ar 017167387 chun labhairt le Stiúrthóir Ghaeltacht UCD, Clár Ní Bhuachalla, nó le Riarthóir/Comhordaitheoir Ghaeltacht UCD, Ashling Harteveld