Gaeltacht UCD agus UNA Europa
Tá Gaeltacht UCD mar bhall de UNA Europa, comhaontas de 11 Ollscoil ceannródaíoch san Eoraip, agus atá aitheanta ag an Meitheal um Stiúrthóirí Ionad Teanga, mar aon le hollscoileanna comhpháirtíochta UCD.
Agus 10 dteanga Eorpacha ina measc agus go leor teangacha eile á labhairt ag na 500,000 mac léinn agus 100,000 ball foirne laistigh den chomhaontas, tá Gaeltacht UCD ar a compord ceart sa timpeallacht ilteangach seo.
I measc na dtionscnamh comhoibríoch, ceiliúrtar Lá Eorpach na dTeangacha, lá nuair a dhéanann an tAontas Eorpach ceiliúradh ar shaibhreas a theangacha agus a chultúir.
Ba í an rang Gaeilge an rang a raibh an t-éileamh ba mhó aici as na 15 teanga a thairg an comhaontas in 2025.
Is cúis mhóir bhróid é do Ghaeltacht UCD bheith páirteach i bhforbairt na háise do fhoghlaimeoirí ar líne, an ‘Tandem Tool’ ; tionscnamh faoi stiúir KU Leuven, comhpháirtí eile UNA Europa.
Is féidir teacht ar thuilleadh eolais faoin tionscnamh thíos:
Áis teagaisc do Mhic Léinn & Foireann UNA Europa - ‘Tandem Tool’
Cé dó atá sé? Foireann agus mic léinn in ollscoileanna atá rannpháirteach le Una Europa
Céard atá i gceist leis? Is féidir leis an áis nua seo cuidiú leat do pháirtí comhrá idéalach a aimsiú chun teanga a fhoghlaim, bunaithe ar do spriocanna foghlama, do leibhéal oilteachta, agus do chuid spéiseanna. Agus an ‘Tandem Tool’’ forbartha agus lonnaithe in Institiúid Teanga KU Leuven, is toradh iontach é an áis ar an obair mhór a bhí déanta ag ollscoileanna comhpháirtíochta Una Europa. Tá fáilte roimh aon duine de chuid na naoi n-ollscoileanna comhpháirtíochta Una Europa an áis seo a úsáid; mic léinn, lucht acadúla, taighdeoirí, agus ball foirne eile san áireamh. Braitheann na roghanna teanga atá ar fáil ar na teangacha dúchais a léiríonn rannpháirtithe na háise, ach ar ndóigh, is ar theangacha Una Europa atá an fócas.
Tuilleadh eolais uait? (opens in a new window)Téigh anseo