Déan iniúchadh ar UCD

Baile UCD >

Acht na dTeangacha

Acht na dTeangacha Oifigiúla

SíníodhAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003ina dhlí ar 14 Iúil 2003. Is é príomhaidhm an Achta a chinntiú go gcuirtear feabhas ar sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge

Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021

Rinne Uachtarán na hÉireannAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021a shíniú ina dhlí ar 22 Nollaig 2021. Treisiú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 atá i gceist leis an reachtaíocht nua seo agus aithnítear go forleathan go gcuirfidh sé go mór le caighdeán na seirbhísí i nGaeilge a chuireann comhlachtaí Stáit ar fáil don phobal.

Is iad príomhspriocanna an Achta neartaithe seo ná:

• go mbeidh 20% d’earcaigh chuig an earnáil phoiblí inniúil i nGaeilge faoi dheireadh 2030;

• go gcuirfear na seirbhísí poiblí uile sa Ghaeltacht agus don Ghaeltacht ar fáil trí Ghaeilge;

• go mbeidh gach oifig phoiblí sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge; agus

• go ndéanfarPlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilgea fhorbairt

Tuilleadh Eolais ar fáil (opens in a new window)anseo

An Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge

Is plean straitéiseach, uaillmhianach 6-bliana atá sa Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030.

Is é seo an chéad Phlean dá leithéid riamh i stair an Stáit agus is gné lárnach a bheidh ann sa bhogadh i dtreo seirbhís phoiblí iomlán dhátheangach faoi Achtanna na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus 2021.

Tuilleadh Eolais ar fáil (opens in a new window)anseo

From Right to Left the GPO. Irish Flag, Irish Passport, Judge, Doctor, Graduate, Train, Garda on a Bike, a child and a train with hills and clouds in the background

Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

Tá sé mar aidhm ag Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 líon agus caighdeán na seirbhísí trí Ghaeilge a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil don phobal a mhéadú agus a fheabhsú, ar bhealach eagraithe, thar thréimhse ama. Tá (opens in a new window)treoirleabhar foilsithe ag Oifig an Choimisinéara Teanga chun cúnamh a sholáthar don phobal maidir lena gcearta teanga agus chun comhairle a sholáthar do chomhlachtaí poiblí maidir lena (opens in a new window)ndualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.

(opens in a new window)Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021

Tá Bille na dTeangacha Oifigúla (Leasú) 2021 rite trí Dháil Éireann agus sínithe ag Uachtarán
na hÉireann, 22 Nollaig 2021. Bunaíodh (opens in a new window)An Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge 20
Meitheamh 2020 agus tá sé mar fheidhm ag an gCoiste comhairle a sholáthar ar chur i
bhfeidhm an Achta. Tiocfaidh leasuithe an Achta i bhfeidhm diaidh ar ndiaidh.

(opens in a new window)Preasráitis ó Oifig an Choimisinéara Teanga

Brúigh ar na boscaí thíos chun samplaí de dea-chleachtais sna dualgais reachtúla a fheiceáil.

Gaeltacht UCD

Seomra L540, Foirgneamh na Leabharlainne, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Belfield, Baile Átha Cliath 4, Éire.
E: ranganna.gaeilge@ucd.ie