Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Tá sé mar aidhm ag Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 líon agus caighdeán na seirbhísí trí Ghaeilge a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil don phobal a mhéadú agus a fheabhsú, ar bhealach eagraithe, thar thréimhse ama. Tá (opens in a new window)treoirleabhar foilsithe ag Oifig an Choimisinéara Teanga chun cúnamh a sholáthar don phobal maidir lena gcearta teanga agus chun comhairle a sholáthar do chomhlachtaí poiblí maidir lena (opens in a new window)ndualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.
(opens in a new window)Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021
Rinne Uachtarán na hÉireannAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021a shíniú ina dhlí ar 22 Nollaig 2021. Treisiú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 atá i gceist leis an reachtaíocht nua seo agus aithnítear go forleathan go gcuirfidh sé go mór le caighdeán na seirbhísí i nGaeilge a chuireann comhlachtaí Stáit ar fáil don phobal.
Is iad príomhspriocanna an Achta neartaithe seo ná:
• go mbeidh 20% d’earcaigh chuig an earnáil phoiblí inniúil i nGaeilge faoi dheireadh 2030;
• go gcuirfear na seirbhísí poiblí uile sa Ghaeltacht agus don Ghaeltacht ar fáil trí Ghaeilge;
• go mbeidh gach oifig phoiblí sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge; agus
• go ndéanfarPlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilgea fhorbairt
Tuilleadh Eolais ar fáil (opens in a new window)anseo
An Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge
Is plean straitéiseach, uaillmhianach 6-bliana atá sa Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030.
Is é seo an chéad Phlean dá leithéid riamh i stair an Stáit agus is gné lárnach a bheidh ann sa bhogadh i dtreo seirbhís phoiblí iomlán dhátheangach faoi Achtanna na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus 2021.
Tuilleadh Eolais ar fáil (opens in a new window)anseo