Explore UCD

UCD Home >
overlay image

Teanga, Litríocht agus Aistriúchán

Teanga, Litríocht agus Aistriúchán

Cúrsa uathúil í an chonair ceithre bliana nua seo ina bhfaighidh mic léinn deis iad féin a thumadh g hiomlán i saol agus i léann na Gaeilge.

Is é is cuspóir leis an gcúrsa seo ná mic léinn a oiliúint leis na sainscileanna teanga is gá chun tabhairt faoi ghairmeacha uathúla gradamúla le Gaeilge, idir in Éirinn agus thar lear.

I gcaitheamh an chúrsa seo, cuirfidh mic léinn bonn faoina mbunscileanna teanga leis na modúil éagsúla ar labhairt agus scríobh na Gaeilge bheidh ar fáil i ngach trimeastar den chéim; forbróidh siad a scileanna léitheoireachta, scríbhneoireachta agus anailíse i modúil ar an litríocht; agus gheobhaidh siad oiliúint phraiticiúil ar an aistriúchán lena réiteofar iad le tús a chur lena ngairm mar aistritheoirí Gaeilge.

Taobh leis na croímhodúil seo a bhaineann le réimsí na teanga, na litríochta agus an aistriúcháin, beidh deis ag mic léinn tabhairt faoi mhodúil i ndisciplíní gaolmhara a chuirfear ar fáil i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis, UCD.

Sa tríú bliain den chéim seo, beidh deis ag mic léinn bliain ERASMUS a dhéanamh nó trimeastar a chaitheamh thar lear le ceann de chomhpháirtithe na scoile, san Eoraip nó níos faide i gcéin; beidh deis acu freisin trimeastar iomlán a chaitheamh in mbun staidéir sa Ghaeltacht nó tionscnamh taighde suntasach a dhéanamh in aon cheann de na trí phríomhréimse, faoi stiúir duine de léachtóirí an chúrsa.

Cén fáth a roghnóinn an cúrsa seo? 

  • Má tá tú ag iarraidh barr feabhais a bhaint amach sa Ghaeilge.
  • Más spéis leat ard/sainscileanna teanga a bhaint amach agus a fhorbairt
  • Más spéis leat gairm bheatha trí mheán na Gaeilge ag leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta a bheith agat ina lán réimsí sa tsochaí aistriúchán, oideachas, cúrsaí foilsitheoireachta, na meáin chumarsáide, earnáil na hoidhreachta agus an chultúir, mar shampla.

Cad a dhéanfaidh mé staidéar ar?

  • Scileanna teanga
  • Scileanna agus léann an aistriúcháin ar bhonn idirdhisciplíneach
  • Litríocht na Gaeilge
  • Stair chultúrtha na Gaeilge
  • Eagarthóireacht/cóipeagarthóireacht

Is í an Ghaeilge teanga an chláir seo seachas na modúil ar an léann Ceilteach agus modúl comónta ar an aistriúchán.

Cad iad na deiseanna fostaíochta a bheadh agam ina dhiaidh?

  • Aistriúchán le comhlachtaí príobháideacha, le hinstitiúidí náisiúnta agus Eorpacha
  • Gairmeacha le foilsitheoireacht – eagarthóirí, cóipeagarthóirí, aistritheoirí
  • Múinteoireacht
  • Státseirbhís agus Rialtas na hÉireann
  • Na meáin chló, chraolta agus ar líne
  • Aistritheoirí agus Riarthóirí san Aontas Eorpach
  • Taighdeoirí / léachtóirí ollscoile
  • Eagraíochtaí cultúrtha agus oidhreachta

Tuilleadh Eolais: (opens in a new window)ANSEO