Explore UCD

UCD Home >

Continued Education Diploma in Applied Irish

Continued Education Diploma in Applied Irish

Cad atá i gceist?

Cuirfear tús leis an gcúrsa seo i mí Mheán Fómhair 2021.

Beidh deis ag na rannpháirtithe a gcumas agus a gcuid scileanna teanga a fhorbairt i rith an chúrsa chun cabhrú leo feidhmiú go héifeachtach trí mheán na Gaeilge i réimsí éagsúla den saol.

  • Chomh maith leis an teanga féin, beidh gnéithe de litríocht agus d’oidhreacht na Gaeilge i gceist, mar aon leis an teanga sa saol comhaimseartha.
  • Ceardlanna seachas léachtaí a bheidh i gceist den chuid is mó.
  • Beidh páirt an-ghníomhach ag na rannpháirtithe féin sa chúrsa agus beidh deis acu a gcuid tuairimí a chur in iúl agus tarraingt as a dtaithí féin.
  • Beidh béim láidir ar obair bheirte agus ar obair ghrúpa sna ranganna.

Tá an cúrsa seo dírithe ar an bpobal i gcoitinne agus beidh sé oiriúnach go speisialta do dhaoine sa tseirbhís phoiblí, agus do dhaoine atá ag iarraidh barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge.

Ábhar an chúrsa

Cuirtear béim faoi leith sa chúrsa ar:

  • Scileanna teanga (líofacht, léamh, éisteacht, scríobh, labhairt, scileanna cumarsáide) Beidh roinnt ranganna/léachtaí bunaithe ar:
  • An Ghaeilge sa saol comhaimseartha (na meáin chumarsáide, eagraíochtaí Gaeilge, an Ghaeltacht)
  • Cultúr agus oidhreacht (logainmneacha, sloinnte, béaloideas, an amhránaíocht) Litríocht (filíocht agus prós)

Leagan amach an chúrsa:

Is cúrsa dhá bhliain é an dioplóma páirtaimseartha seo agus is le linn téarmaí acadúla na hollscoile a bheidh na ranganna ar siúl.

Fees: http://www.ucd.ie/students/fees/index.html

Iarratais:

Is féidir cur isteach ar an Dioplóma, ach dul go dtí an leathanach www.ucd.ie/apply

Roghnaigh an réimse Undergraduate Cert and Diploma agus ansin - Z157 DipContEd Gaeilge Fheidhmeach.

Tuilleadh eolais:

Tá tuilleadh eolais le fáil ar an (opens in a new window)gcur i láthair seo.