Déan iniúchadh ar UCD

Baile UCD >

Nua-Aois

Nua-Aois

‌‌Iris liteartha scoláirí an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Ón mbliain 1970 i leith, tá ardán tugtha ag Nua-Aois do scríbhneoirí úra na Gaeilge. Imleabhar aitheanta is ea í a chuireann fáilte chroíúil roimh shaothar liteartha scoláirí na hollscoile idir chruthaitheach agus chriticiúil.

Ina measc siúd a chuaigh i mbun pinn don iris go dtí seo áirítear daoine de mhór-uaisle léann na Gaeilge, filí agus údair phróis a bhfuil iomrá ar a gcumadóireacht, agus daoine a bhfuil obair cheannródaíoch curtha i gcrích acu sna meáin Ghaeilge. 

Más mian le scoláirí bheith páirteach i scríobh, cur in eagar agus/nó foilsiú Nua-Aois, ba cheart dóibh dul i dteagmháil le hEoin Mc Evoy (opens in a new window)eoin.mcevoy@ucd.ie