Nuacht
- Thosaigh an Dr Máire Nic Cathmhaoil linn ina ról mar Léachtóir leis an Nua-Ghaeilge.
- Bhronn an Chomhairle um Thaighde in Éirinn Laureate Starter Granter ar an Ollamh Cúnta Fangzhe Qiu (Deireadh Fómhair)
- Foilsíodh leabhar nua leis an Ollamh Comhlach Ríona Nic Congáil, An Athbheochan agus an Óige (Cló Léann na Gaeilge 2022). (Meán Fómhair)
- Ceapadh an tOllamh Regina Uí Chollatáin ina Príomhoide ar Choláiste na nEalaíon agus na nDaonnachtaí (Iúil)
- Comhthoghadh ár dTeicneolaí Oideachais Eoin Mc Evoy ar an tionscadal Erasmus Hybrid-e, tionscadal a bhfuil sé mar aidhm aige measúnú a dhéanamh ar iarmhairtí thréimhse Covid ar an teagasc ag an tríú leibhéal agus acmhainnía bhailiú a bhaineann leis an bhfoghlaim le cuidiú na teicneolaíochta (Iúil)
- Chuir an tOllamh Comhlach Ríona Nic Congáil agus Coiste Taighde na Scoile tús le Lá Taighde na Scoile (Meitheamh)
- Reáchtáil an Dr Darragh Gannon ár gcéad Scoil Samhraidh sa Léann Éireannach do neacha léinn ó Stáit Aontaithe Mheiriceá agus ó Cheanada. (Meitheamh)
- Bhronn New York University Comhaltacht Chónaitheach Taighde Uí Mháille ar an Dr Darragh Gannon. (Aibreán)
- Bhronn Institut d'Estudis Catalans agus Fondúireacht Mercè Rodoreda duais taighde ar an Dr Riocárd Ó hOddail (YEELP) a chuirfidh ar a chumas staidéar a dhéanamh ar scríbhneoirí óga aeracha na Catalóinise idir bhás Franco agus seoladh an bhunreachta nua. (Aibreán)
- Reachtáil foireann YEELP comhdháil fhíorúil idirnáisiúnta a dhírigh ar an gcaidreamh idir daoine óga agus mionteangacha agus teangacha réigiúnacha Eorpacha. (Márta)