Déan iniúchadh ar UCD

Baile UCD >

Tionscadal ERC

Tionscadail ERC 

An tOllamh Comhlach Ríona Nic Congáil 

Bhronn an Chomhairle um Thaighde san Eoraip (ERC) deontas substaintiúil ar an Dr Ríona Nic Congáil (luach €1,272,260) le tabhairt faoi thionscnamh taighde idirdhisciplíneach dar teideal “Youth Engagement in European Language Preservation, 1900-2020”. Is tionscnamh cúig bliana é seo, agus tá sé mar aidhm aige tuiscint a fháil ar an gcaoi a nglacann, nó nach nglacann, daoine óga páirt i gcaomhnú mionteangacha agus teangacha réigiúnacha Eorpacha ón mbliain 1900 ar aghaidh. Díreoidh an tionscnamh ar an nGaeilge, ar an mBreatnais agus ar an gCatalóinis agus beidh ceathrar ar an bhfoireann taighde. Beidh an tionscadal lonnaithe anseo i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD.

Le tuilleadh eolais a léamh faoin tionscadal, téigh chuig: https://www.ucd.ie/yeelp/ga/ 

Alt faoin taighde (i mBéarla): (opens in a new window)http://research.ie/what-we-do/loveirishresearch/blog/irish-research-council-alumna-riona-nic-congail-secures-european-research-council-starting-grant/


An tOllamh Cúnta Fangzhe Qiu

Bronnadh an deontas nuathionscanta HORIZON ERC ar an Ollamh Cúnta Fanghze Qiu dá thionscadal ‘Fluid texts and scholars’ digests: (re)production of law in medieval Ireland (FLEXI).' Is fiú €1.5m an duais mór le rá seo. Beidh an tionscadal seo lonnaithe i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD ar feadh 60 mí idir Meán Fómhair 2023 agus Lúnasa 2028.

Déanfar iniúchadh trí FLEXI ar an gcaoi a ndearnadh táirgeadh agus atáirgeadh ar théacsanna luaineacha dlí san Eoraip sa mhéanaois agus ceithre thacar de théacsanna dlí ón meánaois dhéanach in Éirinn ina bpríomhfhócas ag an tionscadal. Díreofar ar na prionsabail a bhain le tiomsú na dtéacsanna agus ar na gréasáin intleachtúla a bhain leo mar aon leis na tionchair a d'fhéadfadh a bheith ann ó thraidisiúin dhlíthiúla eile ar an gcreat téamúil a úsáideadh sna téacsanna coimriúcháin.

Claochlófar na téacsanna coimriúcháin ina sonraí nasctha trí FLEXI agus deánfar anailís chainníochtúil orthu mar ghréasáin idirthéacsúla. Léireofar den chéad uair tírdhreach intleachtúil dhlí-eolaithe na hÉireann sa mheánaois dhéanach ar scála mór. Forbrófar tacar uirlisí nua freisin ar féidir iad a úsáid le téacsanna athúsáidte sa Ghaeilge Luath a aithint, rud a leathnóidh scóp an staidéir a dhéantar ar éabhlóid thraidisiún téacsúil na hÉireann.

Freagrófar ceisteanna den chineál seo trí FLEXI:

  • Cén chaoi a ndearnadh córasú ar an dlí dúchasach in Éirinn sa mheánaois dhéanach?
  • Cérbh iad na téacsanna dlíthiúla a raibh eolas ag na dlí-eolaithe orthu agus cén tabhacht a bhain leis na téacsanna sin dóibh?
  • Cén múnla a d'fhéadfadh a bheith ann do leagan amach téamúil na dtéacsanna coimriúcháin?

Cé is moite den Phríomhthaighdeoir, beidh ceathrar scoláirí iardhochtúireachta ag obair ar thionscadal FLEXI sna réimsí seo a leanas: (i) múnlaí sonraí nasctha, (ii) dlí luath na hÉireann, (iii) an stair dhlíthiúil chomparáideach agus (iv) dlí na Breataine Bige. Eiseofar eolas i dtaobh na bhfolúntas sin trí (opens in a new window)UCDScoilGLCB Twitter account.

Alt: https://www.ucd.ie/research/news/2022/ercstartinggrantsawardedinsocialsciencesandhumanities/body,654690,en.html