Déan iniúchadh ar UCD

Baile UCD >
íomhá forleagan

Ár Scoil

Is Scoil bhríomhar idirdhisciplíneach í Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis a leagann béim ar leith ar chultúr agus ar thraidisiún na Gaeilge, na hÉireann agus na gCeilteach.

Ceann na Scoile

Fúinn

Is Scoil bhríomhar idirdhisciplíneach í Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis le béim ar leith ar chultúr agus ar thraidisiún na Gaeilge, na hÉireann agus na Ceiltise. Cuirtear béim ar leith ar an Ghaeilge, agus ar litríocht agus ar
shochaí na hÉireann i gcomhthéacs náisiúnta agus idirnáisiúnta. Is iad na hábhair atá ar fáil ná an Ghaeilge, Léann na hÉireann, an Béaloideas, an tSibhialtacht Cheilteach, an teangacha Ceilteacha san áireamh le fócas ar leith ar an tSean-
Ghaeilge.


• Clúdaíonn modúil na Nua-Ghaeilge éabhlóid na Gaeilge, na litríochta, traidisiún na lámhscríbhinní agus an chultúir chló, scannánaíóocht agus na meáin chló agus chraolta ó 1200 go dtí an lá atá inniu ann. Tá Lárionad de Bhaldraithe do Léann na Gaeilge lárnach i soláthar ardscileanna teanga a ullmhaíonn mic léinn do phostanna aistriúcháin agus dlítheangeolaíochta i gCoimisiún na hEorpa.


• Ríomhann staidéar ar an Bhéaloideas cultúr an traidisiúin choitianta agus an dóigh ina chuirtear é os comhair an phobail, taobh amuigh de bhealaí oifigiúla de ghnáth. Déantar é seo faoi thuiscintí thar thréimhsí ama agus spáis agus
tá nasc idir an Scoil agus Cnuasach Náisiúnta Bhéaloideas Éireann.

• Soláthraíonn na modúil ar an tSibhialtacht Cheilteach fóram do mhic léinn forbhreathnú a fháil ar stair, ar litríocht, ar theangacha agus ar chultúr na gCeilteach le naisc le hollscoileanna ag leibhéal idirnáisiúnta.

• Tugann na modúil idirdhisciplíneacha i Léann na hÉireann léargais shuntasacha ó scoláirí aitheanta a chuireann le tuiscintí ar Éirinn mar thír dhomhanda, le tuiscintí ar Ghaelachas na tíre, mar aon le naisc a thabhairt chun solais faoi na fréamhacha Ceilteacha idir naisc stairiúla agus comhaimseartha. ‌