Ainmníodh Léacht de hÍde as Dubhghlas de hÍde, an chéad uachtarán agus comhbhunaitheoir ar Chonradh na Gaeilge (1893), an chéad Ollamh le Gaeilge in UCD (1909) agus an chéad Uachtarán ar Éirinn (1938). Is é téama na léachta seo ná "Ceannairí agus an Léann", téama a leagann béim ar cheannairí i sochaí na hÉireann a thuig luach chultúr na hÉireann, na Gaeilge, na litríochta agus na scoláireachta. Léacht bhliantúil is ea í seo a reachtáiltear in UCD i gcomhpháirt le hOllscoil na hÉireann.
Léacht 2019
Ba é an tOllamh Liam Mac Mathúna (UCD) a thug Léacht de hÍde 2019.
Léacht 2018
Ba é Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn a thug an léacht tionscnaimh dhátheangach sa bhliain 2018: 'Oidhreaht Dhubhghlas de hÍde'.
Bhí Nuala Sealy (gariníon le Dubhghlas de hÍde) i láthair ag an léacht tionscnaimh, rud a d'fhág go raibh gariníon an chéad Uachtaráin agus Uachtarán reatha na hÉireann i dteannta a chéile ag an ócáid - beirt a thuigeann an saibhreas a bhaineann le hoidhreacht agus cultúr na Gaeilge agus UCD.