Déan iniúchadh ar UCD

Baile UCD >

Scoláireachtaí & Duaiseanna

Scoláireachtaí agus Duaiseanna

Tá sparánachtaí iarchéime ar fáil do mhic léinn de chuid MA/Dioplóma Iarchéime: Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge. Bronnfar na  sparánachtaí seo a leanas go bliantúil, ach an maoiniú a bheith ar fáil.

Cuirfear na  sparánachtaí ar fáil do na faighteoirí cuí nuair a bheidh na faighteoirí lánchláraithe agus rollaithe ar an gclár cuí. Meastar iarratais chuig Stiúrthóir Lárionad de Bhaldraithe/MA: Scríobh agus Cumarsáid, Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis, COBÁC, ar bhonn na gcritéar seo a leanas:

  • Torthaí bunchéime;
  • Ráiteas 500 focal ar thuiscint an mhic léinn ar ról na Gaeilge mar theanga phobail agus mar theanga oifigiúil;
  • Toradh ar agallamh (Déanfar na socruithe don agallamh nuair atá áiteanna glactha ag na mic léinn agus tús curtha acu leis an chúrsa).

Beidh na sparánachtaí iníoctha nuair a bheidh an mac léinn cláraithe go hiomlán, agus na táillí íoctha.

International scholarships offered for MA in Irish Studies
The UCD School of Irish, Celtic Studies and Folklore is delighted to announce the availability of a number of scholarships to international (non-EU) students to its one-year taught Masters programme in Irish Studies for 2017-18.
The MA in Irish Studies offers a stimulating interdisciplinary programme which aims to introduce students to the complex processes through which Ireland and Irish identities have been constructed. Designed for students from diverse backgrounds, the programme aims to enhance students’ understanding of Ireland’s culture, identity, history, languages and literatures and the role of the Irish people and Irish society in both a national and global context.
Further information on our interdisciplinary core and option modules can be found at   (opens in a new window)https://sisweb.ucd.ie/usis/!W_HU_MENU.P_PUBLISH?p_tag=PROG&MAJR=Z195
Candidates are invited to apply for UCD Global Excellence Scholarships to cover 50% of the tuition fee, presently worth over €9,000. The deadline for the first round of applications for the 2017-18 programme is 1 February 2017. Candidates will be informed of the outcome of their application by 1 May 2017.
Candidates will be selected by a Scholarship Committee on the basis of academic merit and their capacity to contribute to UCD life.
Further details about the programme are available at:
For further information on the scholarship application or for expressions of interest in the programme please contact MA Programme Director  (opens in a new window)dewi.evans@ucd.ie .

Bunaíodh an scoláireacht seo, ‘Scoláireacht Mary Kate O’Kelly’, faoi mar a shonraigh Seán T. Ó Ceallaigh, nach maireann. Cuirfear ar fáil í i réimse na Gaeilge nó na Fraincise nuair  is acmhainn don chiste. Tá sé d’aidhm aici tacú le sárchéimithe de chuid UCD agus iad ag tabhairt faoi iarchéim Gaeilge san Ollscoil.

Scoláireachtaí Gaeilge: Glacfar le hiarratais ó shárchéimithe de chuid na hOllscoile

  1. a bhfuil Céad Onóracha bainte amach acu sa Nua-Ghaeilge (Príomhábhar nó Céim Dhá- Phríomhábhar), nó a chomhionann,  agus a bhfuil Dara Onóracha Grád 1 sa chéim ina hiomláine acu, agus é ar intinn acu tabhairt faoi iarchéim (MA sa Nua-Ghaeilge, MLitt nó PhD), nó
  2. a bhfuil Céad Onóracha bainte amach acu san MA nó san MLitt sa Nua-Ghaeilge agus é ar intinn acu tabhairt faoin PhD.

Ag brath ar acmhainn an chiste, d’fhéadfaí scoláireacht bliana a bhronnadh ar mhacléinn MA, agus suas le dhá bhliain ar mhacléinn MLitt nó PhD. Ba chóir d’iarrthóirí iarratas a chur faoi bhráid Cheann na Nua-Ghaeilge, Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis faoin 30 Meitheamh, ach an scoláireacht a bheith ar fáil. 

Bronnfar Scoláireacht Mháire Nic Néill gach bliain agus is féidir le mic léinn cháilithe cur isteach uirthi go bhfuil sé ar intinn acu cúrsa iarchéime a dhéanamh san ábhar Béaloideas Éireann nó go bhfuil cúrsa iarchéime ar siúl acu cheana féin.

Ghnóthaigh Máire Nic Néill (1904-1987), iníon le hEoin MacNéill, BA sa Léann Ceilteach i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1923. Chuaigh sí ag obair le Coimisiún Béaloideasa Éireann sa bhliain 1935 áit ar fhan sí go dtí 1949. Scríobh sí The Festival of Lughnasa (1962) saothar atá ar mhórleabhair léann an bhéaloidis in Éirinn.

D'fhéadfaí go mbronnfaí Scoláireacht Mháire Nic Néill gach bliain agus is féidir le mic léinn cháilithe cur isteach uirthi go bhfuil sé ar intinn acu cúrsa iarchéime a dhéanamh san ábhar Béaloideas Éireann nó go bhfuil cúrsa iarchéime ar siúl acu cheana féin.

Tuilleadh eolais: (opens in a new window)micheal.j.wallace@ucd.ie 

Bunaíodh an Sparánacht seo i gcuimhne ar shaothar Dhónaill Uí Mhóráin (Iar-Cheannaire Ghael Linn) ag Gael Linn Teoranta agus Muintir Uí Mhóráin. Tá i gceist go gcuirfidh an Sparánacht seo ar chumas mhic léinn iarchéime de chuid an ábhair Béaloideas Éireann taighde a dhéanamh ar ghnéithe den bhéaloideas a bhaineann go sonrach le traidisiún na Gaeilge.

Tá gach eolas faoin Sparánacht le fáil ó Michael Wallace: (opens in a new window)michael.j.wallace@ucd.ie.

Bunaíodh an scoláireacht seo in ómós do Shéamus Ó Duilearga. Tá sí le bronnadh ar dhuine ar iarchéimí de chuid na hOllscoile é/í. Tá an scoláireacht inúsáidte in ollscoil aitheanta i gCríoch Lochlann agus úsáidtear é le tabhairt faoi chúrsa iarchéime sa bhéaloideas.

Tuilleadh eolais: (opens in a new window)michael.j.wallace@ucd.ie

Bunaíodh na scoláireachtaí seo de thoradh ciste a d'fhág William Henry Curran le huacht chun staidéar na Nua-Ghaeilge a chur chun cinn.

  1. Tá dhá dhuais le bronnadh in aghaidh na bliana ar na mic léinn is fearr a n-éireoidh leo i scrúdú Staid 1 Ealaíne ar choinníoll go dtógfaidh siad an Nua-Ghaeilge mar ábhar i Staid 2. Ní mór do ghnóthaitheoirí na scoláireachta tréimhse fhada a chaitheamh sa Ghaeltacht, do réir mar a chomhairleoidh Ceann Ábhair na Nua-Ghaeilge.
  2. Tá scoláireacht le bronnadh ar thoradh scrúdú na céime BA sa Nua-Ghaeilge. Beidh ar ghnóthaitheoir na scoláireachta tréimhse fhada a chaitheamh sa Ghaeltacht agus taighde a dhéanamh ann faoi stiúradh Cheann Ábhair na Nua-Ghaeilge agus MA nó MLitt a dhéanamh sa Nua-Ghaeilge.
  3. I gcás nach mbronnfar an scoláireacht BA (Staid 3) tá dhá dhuais le bronnadh ar mhic léinn Staid 2 chun cur ar a gcumas tréimhse fhada a chaitheamh sa Ghaeltacht, do réir mar a chomhairleoidh Ceann Ábhair na Nua-Ghaeilge.

Bronnfar Bonn ‘Uan Uladh’ ar an saothar cruthaitheach is fearr (filíocht, gearrscéal, léirmheas, aiste) a sholáthróidh iarrthóir ó Staid 2 nó 3 i ndisciplín na Nua-Ghaeilge.

Bronnfar Duais Cuimhneacháin Osborn Bergin ar chéimí chun a chur ar a chumas taighde a dhéanamh i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis.

Bhí an tAimhirgíneach ina Ollamh le Sean-Ghaeilge agus Meán-Ghaeilge i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath ó 1909 go 1940. Togha scoláire ab ea é agus cáil domhanda air. Thagadh scoláirí agus mic léinn as gach aird le freastal ar a chuid léachtaí. Ina measc bhí an tOllamh Vernam Hull as Ollscoil Harvard a chuir an duais seo ar fáil in omós don Aimhirgíneach.

Ó am go chéile, ar mholadh Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis, bronnfar an duais ar chéimí chun a chur ar a chumas taighde a dhéanamh. Is féidir tuilleadh eolais faoin Duais a fháil ó Riarthóir na Scoile, Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Belfield, Baile Átha Cliath 4.

Bronnfar Bonn Mary E. Byrne ar fhoirfeacht léinn sa tSean-Ghaeilge.

Bhí Mary Elizabeth Byrne (1881-1931) ina a mac léinn sa Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath agus ina céimí oirirc den Ollscoil Ríoga. Bhain sí cáil amach ar a saothar sa tSeanagus na Meán-Ghaeilge. Chuir a cairde maoineas ar fáil ina cuimhne agus bronntar Bonn Mary E. Byrne ar fhoirfeacht léinn sa tSean-Ghaeilge.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó Riarthóir na Scoile, Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Belfield, Baile Átha Cliath 4.