Déan iniúchadh ar UCD

Baile UCD >

Acmhainní ón Scoil

Áiseanna do na Daltaí Ollscoile


Áiseanna Foghlama ón Scoil

Cultúr@UCD


Lexicelt: Leabhrán frásaí Gaeilge-Breatnais le míreanna fuaime

Is suíomh foghlama teangacha é seo, arna chruthú ag an Dr Dewi Evans (UCD) i gcomhpháirt le Prifysgol Bangor sa Bhreatain Bheag, a chuireann ar chumas cainteoirí Gaeilge an Bhreatnais a fhoghlaim agus ar chumas cainteoirí Breatnaise an Ghaeilge a fhoghlaim.

Is éard atá sa suíomh:

  • leabhrán frásaí atá roinnte de réir téamaí agus míreanna fuaime i dtrí mhórchanúint na Gaeilge (Canúint Uladh, Canúint Chonnacht agus Canúint na Mumhan ) agus i ndá mhódchanúint na Breatnaise (Breatnais an Tuaiscirt agus Breatnais an Deiscirt)
  • foclóir inchuardaithe
  • mír ar an ngramadach don dá theanga

(opens in a new window)A screenshot of the Lexicelt website

(opens in a new window)http://www.lexicelt.org/


Léarscáil idirghníomhach den Ghaeltacht oifigiúil

Cruthaíodh an léarscáil seo le heolas maidir leis na canúintí a roinnt lenár gcuid mac léinn agus le háiseanna Ionad Ilmheán na Teanglainne a léiriú. 


Gaeilge365 - Sraith Físeán ar an nGaeilge

Cheap Bairbre Ní Chonchuír, Riarthóir na Scoile (Gaeilge), an tsraith #Gaeilge365 chun ceiliúradh a dhéanamh ar an nGaeilge do Bhliain na Gaeilge 2018 trí bhlúire beag eolais faoin teanga a roinnt i bhfoirm físeáin gach lá. D'fhorbair Bairbre Ní Chonchúir agus an Teicneolaí Oideachais Eoin Mc Evoy an tsraith.

Is féidir teacht ar liosta iomlán na bhfíseán trí chliceáil ar an íocón ag barr fhuinneog an fhíseáin ar clé.