Déan iniúchadh ar UCD

Baile UCD >

Polasaí Gaeilge na Scoile

Polasaí Gaeilge na Scoile

Tá tábhacht faoi leith leis an teanga Ghaeilge féin i dteagasc agus i measúnú na Nua-Ghaeilge san Ollscoil seo.

Is í an Ghaeilge teanga oibre rannóg na Nua-Ghaeilge i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis. Is í a labhrann an fhoireann lena chéile agus leis na mic léinn. Dá bhrí sin ní mór do mhic léinn na Nua-Ghaeilge caighdeán sásúil a bheith acu sa Nua-Ghaeilge chun feidhmiú mar mhic léinn Nua-Ghaeilge agus chun torthaí fiúntacha a bhaint amach. Baineann sé seo leis na scileanna teanga éagsúla – éisteacht, léamh, labhairt agus scríobh.

Ní mór do na mic léinn scileanna maithe cluastuisceana a bheith acu chun tairbhe a bhaint as léachtaí agus ranganna a mhúintear trí mheán na Gaeilge, agus chun úsáid a bhaint as ábhar taifeadta, cláracha raidió agus teilifíse, agus scannáin Ghaeilge.

Ní mór dóibh scileanna maithe léitheoireachta a bheith acu chun ábhar léitheoireachta i nGaeilge a thuiscint.

Ní mór dóibh labhairt na Gaeilge a bheith go líofa acu, nó líofacht a bhaint amach chomh tapaidh agus is féidir, chun páirt a ghlacadh i ranganna teanga agus i ngrúpaí beaga eile, chun tairbhe a bhaint as na turais Gaeltachta, agus chun dul faoi scrúdú cainte sa teanga gach bliain.

Ní mór dóibh scríobh na teanga a bheith go maith acu chun aistí agus tionscadail a dhéanamh trí mheán na Gaeilge agus chun páipéir scrúdaithe a fhreagairt trí mheán na Gaeilge.

Maidir le grádanna sna scrúduithe, níl aon rogha ag an bhfoireann acadúil ach an dá phrionsabal seo a leanas a chur i bhfeidhm ar mhaithe le caighdeán creidiúnach in ábhar na Nua-Ghaeilge a chosaint:

Ní féidir pas sna scrúduithe a thabhairt do mhic léinn a bhfuil na scileanna thuasluaite ró-lag acu.

Ní féidir A ná A+ a thabhairt do mhic léinn a bhfuil míchruinneas suntasach gramadaí nó fuaimnithe acu ina gcuid Gaeilge, fiú amháin más léir go bhfuil eolas maith acu ar an ábhar. Faoin léachtóir a bheidh sé A- a thabhairt, nó gan é a thabhairt, do mhic léinn a bhfuil eolas maith acu ar an ábhar ach amhras a bheith ann an bhfuil an cumas agus an cruinneas cuí acu sa teanga.

Níl aon bhac ar mhic léinn feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Is féidir breis léitheoireachta a dhéanamh sa teanga, éisteacht le cláracha Gaeilge ar an raidió, féachaint ar chláracha Gaeilge ar an teilifís, agus leas a bhaint as an ábhar a chuirtear ar fáil i gcomhair staidéar príobháideach sa Teanglann.

Déanfar gach cás a mheas ann féin, agus tabharfar aird ar chothrom na Féinne i gcónaí. Mar sin féin, tá dualgas ar fhoireann acadúil na Nua-Ghaeilge caighdeán cuí acadúil a chosaint agus a chur i bhfeidhm, agus is cuid de sin féachaint chuige go mbeidh cumas teanga oiriúnach ag na mic léinn.