Foilseacháin na Foirne
Foilseacháin na Foirne
Roghnaigh ball foirne lena c(h)uid foilseachán a fheiceáil.
Foilseacháin Mac Léinn
Nua-Aois
Iris liteartha mhic léinn an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Ón mbliain 1970 i leith, tá ardán tugtha ag Nua-Aois do scríbhneoirí úra na Gaeilge. Imleabhar aitheanta is ea í a chuireann fáilte chroíúil roimh shaothar liteartha mhic léinn na hollscoile idir chruthaitheach agus chriticiúil.
Ina measc siúd a chuaigh i mbun pinn don iris go dtí seo áirítear daoine de mhór-uaisle léann na Gaeilge, filí agus údair phróis a bhfuil iomrá ar a gcumadóireacht, agus daoine a bhfuil obair cheannródaíoch curtha i gcrích acu sna meáin Ghaeilge. Tá an obair seo ar fad i mbláth a dtoraidh faoi láthair, agus léiríonn an cothú atá tugtha ag Nua-Aois don uile réimse de scríbhneoireacht na Gaeilge a dhíograisí is a chuireann mic léinn na hollscoile chun na scríbhneoireachta úd.
- Leaganacha Digiteacha: www.issuu.com/nua-aois
- Seoladh Ríomhphoist: nuaaois@gmail.com
- Facebook: www.FB.com/nuaaois
- Twitter: www.twitter.com/NuaAoisUCD
Leaganacha eile den iris atá ar fáil ar líne: