Déan iniúchadh ar UCD

Baile UCD >

Torthaí na Réabhlóide 2016

Torthaí na Réabhlóide 1913-1923

  • Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD
  • St Patrick’s College DCU
  • St Mary’s University, Halifax, Canada
  • Notre Dame University
  • Músaem an Phiarsaigh

Déanfar athbhreithniú ar spriocanna athbheochan na Gaeilge agus an chultúir in Éirinn sa chomhdháil idirnáisiúnta, dhátheangach agus sa taispeántas seo. Déanfar measúnú ar anáil Thréimhse na Réabhlóide 1913-1923 ar phobail na Gaeilge i gcomhthéacs náisiúnta agus idirnáisiúnta. Chuir Athbheochanóirí na tréimhse dúshlán ollmhór rompu agus iad ag iarraidh Éire dhátheangach a bhaint amach, trí struchtúir uirbeacha a oiriúnú d’úsáid na Gaeilge i réimsí ar leith ar nós 'commerce, politics, official religion, the professions and printed word' (Daly and Dickson 1990), ar díbríodh an teanga amach uathu le teacht chun cinn an Bhéarla.

Mar thoradh ar an bhfís a léirigh na hAthbheochanóirí tháinig litríocht na Gaeilge, na hEalaíona, cúrsaí scannánaíochta, cúrsaí oideachais, féilte Gaeilge agus athruithe eile i sochaí na hÉireann chun tosaigh, a chinntigh láithreacht agus infheictheacht na Gaeilge mar ghné lárnach de shochaí agus d’fhéiniúlacht na hÉireann. Sháraigh sé seo teorainneacha an oileáin agus bhí cuid mhaith de dhul chun cinn na Athbheochana ag brath ar ionchur ón diaspóra Éireannach. Sa chomhdháil seo déanfar iniúchadh ar na naisc a cruthaíodh agus déanfar anailís ar dhúshláin agus ar bhuanna na gluaiseachta i gcomhthéacs náisiúnta agus idirnáisiúnta. I measc Aoichainteoirí na comhdhála beidh:

  • An tOllamh Jerry White, Cathaoir, Léann na hEorpa, Ceanada, Ollscoil Dalhousie, Ceanada
  • An Dr Éilis Ní Dhuibhne, Scríbhneoir agus Léachtóir, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
  • An tOllamh Keith Jeffery, Ollamh le Stair na Breataine, Ollscoil na Banríona.

Ainneoin an tionchair a bhí ag Tréimhse na Réabhlóide 1913-1923 ar shochaí na hÉireann san fhichiú agus san aonú haois is fiche, is geall le fonóta é cur chun cinn na hAthbheochana féin agus an ‘Gaelic League Idea’ in aon athbhreithniú iomlán tíre. Cuirfidh an chomhdháil idirnáisiúnta, dhátheangach seo roimpi athbhreithniú a dhéanamh ar an idé-eolaíocht seo agus ar a torthaí i gcomhthéacs an tionchair a bhí ag Tréimhse na Réabhlóide 1913-1923 ar theanga agus ar chultúr na Gaeilge go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.