Cúrsa B1 don Phobal Lasmuigh de UCD
Beidh an cúrsa seo á reáchtáil beo ar champas i mBelfield. Is cúrsa ullmhúcháin é don scrúdú (opens in a new window)Teastas Eorpach na Gaeilge ag Leibhéal B1. Clúdófar an chúrsa ina iomláine thar an dá trimeastar, i dhá chuid. Ní féidir ach clárú do chuid amháin ag an am. Osclófar an clárúchán do Chuid 1 i mí an Mheitheamh, agus do Chuid 2 i mí Eanáir.
LÁ: Dé Céadaoin
AM: 17:15 - 19:00
TRÉIMHSE:
- Cuid 1, Trimeaster 1: 10 seachtaine
- Cuid 2, Trimeaster 2: 8 seachtaine
TÁILLE: €180 do Chuid 1, €144 do Chuid 2 (neamh-in-aisíoctha).
Moltar an (opens in a new window)Triail Socrúcháin Teanga a dhéanamh roimh chlárú. Oireann an leibhéal seo dóibh siúd a rinne staidéir ar an nGaeilge ar scoil, a bhfuil tuiscint mhaith acu ar an dteanga ach nach raibh mórán deiseanna acu í a úsáid ar feadh na blianta. Oireann sé chomh maith do dhaoine a d'fhreastal ar chúrsa teanga ag leibhéal A2 le déanaí.
Tá na hábhair foghlama ar fad a úsáideann Gaeltacht UCD bunaithe ar Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CEFR). Baintear úsáid as an gcur chuige cumarsáideach le linn gach rang. Múinfear roinnt teanga bunúsach ar dtús, ach ansin déanfar dul chun cinn níos tapúla ná na leibhéil níos ísle. Cuirfear béim ar fhorbairt scileanna cainte agus éisteachta, ach beidh roinnt deiseanna ag na foghlaimeoirí an teanga a léamh agus a scríobh chomh maith. Múinfear gramadach de réir mar a theastaíonn sé i gcomhthéacs na topaicí.
Clúdaíonn an táille na ranganna ar fad in aon trimeastar amháin. Is ar chostas an fhoghlaimeora / a fhostóra a bheidh na scrúdaithe, srl.