Déan iniúchadh ar UCD

Baile UCD >

Cúrsaí Fochéime

Cúrsaí Fochéime

BA - DN520

An Nua-Ghaeilge 

Tá an clár BA sa Nua-Ghaeilge dírithe ar scoláirí ar spéis leo teanga, litríocht, oidhreacht agus stair na Nua-Ghaeilge ó thús ré na Nua-Ghaeilge anuas go dtí an lá inniu. Ar chríochnú an chúrsa dóibh, beidh eolas domhain ag mic léinn ar na réimsí sin go léir agus scileanna maithe cumarsáide agus anailíse forbartha acu, rud a ullmhóidh do ghairmeacha beatha go leor iad, ina measc: an t-oideachas, na meáin, an t-aistriúchán, an tseirbhís phoiblí, taighde, eagarthóireacht agus foilsitheoireacht.

An Léann Ceilteach

Tugann an tSean-Ghaeilge, an Mheán-Ghaeilge, an Bhreatnais, agus an tSibhialtacht Cheilteach deiseanna ar leith agus deiseanna idirghaolmhara do dhuine staidéar a dhéanamh ar ghnéithe de theangacha, de stair agus de shibhialtacht na gCeilteach, faoi mar a bhain siad le hachar mór réigiún agus ama. Tá lear mór ábhar seandálaíochta, staire agus litríochta i gceist leis an tSibhialtacht Cheilteach (ar féidir staidéar a dhéanamh uirthi mar chúrsa céime onóracha dhá ábhar), agus sna modúil ar an tSean-Ghaeilge agus an Mheán-Ghaeilge, an Nua-Bhreatnais agus an Bhreatnais Mheánaoiseach, treoraíonn na léachtóirí na scoláirí agus iad ag cur eolais ar na teangacha sin agus cuireann téacsanna fíorspéisiúla faoina mbráid.

Béaloideas na hÉireann

Is é is aidhm le cláir fochéime san ábhar seo ná buneolas a thabhairt do scoláirí ar na príomh- chineálacha Béaloidis atá ann, mar aon le míniú ar a gcúlra staire agus a gcomhthéacs idirnáisiúnta. Tá na cláir dírithe ar mhic léinn a bhfuil suim acu sna traidisiúin mhóra, sa chultúr coiteann agus sa léann dúchais, daoine ar mian leo gairm bheatha a bheith acu i gceann de na réimsí sin nó tuilleadh staidéir a dhéanamh orthu. Tá na cláir dírithe ar scoláirí idirnáisiúnta freisin, toisc gur rud uilíoch é an béaloideas, agus ar scoláirí lánfhásta, ar minic a dtaithí saoil a bheith ina cabhair mhór dóibh agus iad ag tabhairt aghaidh ar Léann an Bhéaloidis. Cuid lárnach de luachanna oideachais na gclár is ea an fhiosracht maidir le nádúr, seasmhacht agus dinimic an traidisiúin sa saol ó lá go lá. Moltar do scoláirí machnamh a dhéanamh ar na ceisteanna a ndéanann siad staidéar orthu, ach san am céanna, cuirtear béim ar a thábhachtaí atá obair allamuigh agus foinsí cartlainne dá dtaighde agus dá

An Léann Éireannach 

Clár idirdhísciplíneach an Léann Éireannach ina scrúdaítear an éagsúlacht a bhaineann le stair, shochaí, agus chleachtais chultúrtha na hÉireann agus na próisis chasta a mhúnlaigh Éire agus féiniúlacht na hÉireann. Cíortar ceisteanna conspóideacha spreagúla a bhaineann le hÉirinn agus leis an rud is Éireannachas ann, ar nós conas is féidir linn tuiscint a fháil ar na bealaí inar mhúnlaigh áit, stair, cultúr agus sochaí an tír, mar a bhí agus mar atá? Cén tionchar a bhíonn ag an imirce agus an inimirce ar chultúr, ar shochaí agus ar fhéiniúlacht na hÉireann? Cén tionchar a bhí ag catagóirí féiniúlachta ar nós inscne, gnéasúlacht, eitneachas agus aicme ar chultúr, ar shochaí agus ar fhéiniúlacht na tíre?

BA Humanities - DN530

An Ghaeilge agus an Cultúr

Má tá tú ag iarraidh barr feabhais a bhaint amach sa Ghaeilge. Más spéis leat ard/ sainscileanna teanga a bhaint amach agus a fhorbairt. Más spéis leat gairm bheatha trí mheán na Gaeilge ag leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta a bheith agat ina lán réimsí sa tsochaí: earnáil na hoidhreachta agus an chultúir, aistriúchán, oideachas, cúrsaí foilsitheoireachta, na meáin chumarsáide, mar shampla.

BCL - DN600

Dlí le Gaeilge 

Soláthraíonn an cúrsa seo nasc idir Dlí agus Gaeilge le cur chuige nuálaíoch, ilmheán idir theagasc ranga agus mhodúil ar líne. Dírítear ar chruinneas teanga agus ar chúrsaí litríochta ar dtús. Forbraíonn an cúrsa ansin le hoiliúint in ardscileanna teanga i gcomhthéacs dlíthiúil. Ag deireadh na céime beidh scoláirí eolach ar agus ábalta téacsanna dlíthiúla i gcomhthéacs náisiúnta /idirnáisiúnta a aistriú le fócas ar dhlítheangeolaithe / aistritheoirí in institiúidí na hEorpa fosta. Más spéis leat cruinneas teanga i gcomhthéacs dlíthiúil mar aon le cultúr agus litríocht na Gaeilge, soláthróidh an cúrsa rogha fhairsing de dheiseanna fostaíochta do scoláirí Dlí agus Gaeilge.

BEd - DN760

Oideachas le Gaeilge &/nó Nua-Theangacha 

An bhfuil spéis agat bheith i do mhúinteoir nuatheangacha agus/nó i do mhúinteoir Gaeilge ag leibhéal na hiar-bhunscoile? An bhfuil an-suim go deo agat dul leis an múinteoireacht agus tionchar dearfach a bheith agat ar shaol daoine óga? Ullmhóidh an clár nuálach oiliúna múinteoirí seo múinteoirí teanga ar ardchaighdeán chun daoine óga a theagasc, a spreagadh agus a threorú i gcóras oideachais na hÉireann trí chéile.

  • Oideachas, Gaeilge agus Nuatheanga (Fraincis, Spáinnis, Gearmáinis, Iodáilis nó Portaingéilis)
  • Oideachas agus Gaeilge