Déan iniúchadh ar UCD

Baile UCD >
íomhá forleagan

FLEXI

Téacsanna luaineacha ⁊ achoimrí na scoláirí: (ath)c(h)ruthú dlí in Éirinn mheánaoiseach

Achoimre

Is í aidhm FLEXI tuiscint a fháil ar an gcaoi a raibh an dlí seachadta agus athchruthaithe le scoláirí in ionad húdaráis láraithe san Eoraip mheánaoiseach. Déantar é seo trí staidéar ar Achoimrí (‘digests’) an Fhéineachais a scríobhadh le dlíodóirí Éireannacha sa Mheánaois Dheireanach.

Baineann FLEXI le cúrsaí taighde difriúla mar stair intleachta, dlí in Éirinn mheánaoiseach, pailéagrafaíocht, stair chomparáideach na ndlíthe agus daonnachtaí digiteacha.

Scrúdaíonn FLEXI struchtúr na nAchoimrí, na naisc atá eatarthu, agus a n-ábhair dhlíthiúla. Tugann sé aird go háirithe ar na prionsabail lena raibh na hAchoimrí tiomsaithe agus ar na líonraí intleachtúla atá iontu. Athróidh sé an chaoi a dtuigimid téacsanna meánaoiseacha agus an saol intleachtúil sa tréimse sin.

Cuireann FLEXI cur chuige ildisciplíneach i bhfeidhm chun imscrúdú a dhéanamh ar na ceithre bháiliúcháin shliocht dlí a dtugtar ‘Achoimrí’ orthu. Bailíodh téacsanna ó fhoinsí éagsúla agus cuireadh atheagar orthu sa chóras nua mar athbhreithniú ar an traidisiún dlíthiúil. Ba mhaith linn a léiriú, cén chaoi ar cruthaíodh na téacsanna dlí seo agus ar glacadh mar fhoinsí dlí in Éirinn mheánaoiseach. Rianaíonn FLEXI na foinsí a úsáidtear sna hAchoimrí go cainníochtúil, agus déanann sé iarracht ar mhúnla sonraí nasctha agus anailís ar na líonraí a úsáid chun é a bhaint amach. Déanann sé measúnú ar an éagsúlacht taobh laistigh de na hAchoimrí agus scrúdaíonn sé na teicnící léirmhínithe trína n-éirigh leis na dlíodóirí an éagsúlacht a réiteach agus a chomhchuibhiú.

Tá FLEXI ag lorg riain den tionchar ó thraidisiúin dhlíthiúla eile sa dlí Éireannach meánaoiseach, mar shampla, an Dlí Canónta agus an Dlí Sibhialta. Is dócha gur imir na dlíthe sin tionchar ar phrionsabal eagraithe na nAchoimrí. Cuireann FLEXI i gceist freisin, cén saghas oideachais a fuair na dlíodóirí a chum nó scríobh na hAchoimrí, agus cén dóigh a ndeachaigh a gcuid oideachais – sa bhaile nó thar lear – i bhfeidhm ar dhealbh na nAchoimrí.

Mar bhuille scoir, tá bogearraí nua á bhforbairt agus á dtástáil ag FLEXI don aimsiú uathoibríoch ar théacsanna sa Luath-Ghaeilge a bhfuil macasamhail ar a chéile acu (agus athúsáid théacsanna go ginearálta). Táirgfidh ár bhfeidhmchláir réiteach digiteach atá á lorg le fada, rud gur féidir leis téacsanna sa Luath-Ghaeilge atá cosúil le chéile a aithint go tapa as corpais mhóra, agus mar sin nochtfar ceangail idirthéacsúla a bhíonn as amharc na súl.

Glacann FLEXI maoiniú ón (opens in a new window)Aontas Eorpach (ERC 2022 StG), uimhir aitheantais chomhaontaithe 101076246

(opens in a new window)DOI 10.3030/101076246

Achar: Meán Fómhair 2023 - Lúnasa 2028

Black lowercase letters reading

09 Iúil 2025

Fangzhe Qiu, cur i láthair ar cuireadh: (opens in a new window)The Structure of the Late Medieval Irish Legal Digests

Andrew Ó Donnghaile, cur i láthair ar cuireadh: (opens in a new window)The intellectual landscape of the medieval Irish legal digests: filiation, affiliation and education

Eachiarn Erbnen, cur i láthair ar cuireadh: The Copy of O'Davoren's Glossary in MS Trinity College Dublin, 1317 (H2.15b): Palaeographical Characteristics and Intertextuality

25 Eanáir 2025

Andrew Ó Donnghaile, cur i láthair ar cuireadh: Citizenship in early medieval Ireland? Legal rights and inter-territorial perspectives

30 Aibreán 2024

Andrew Ó Donnghaile, cur i láthair ar cuireadh: The FLEXI Project: Jurists and textual transmission in medieval Ireland

Torthaí

Foireann an Tionscadail

Sinne an fhoireann taighde FLEXI.

Staff member Fangzhe Qiu 2020

Fangzhe Qiu

Príomhthaighdeoir an Tionscadail

Is ollamh comhlach é Fangzhe sa Scoil GLCB. Is iad na réimsí taighde is mó is spéis leis ná teangeolaíocht stairiúil cheilteach, dlíthe na Luath-Ghaeilge, agus litríocht na Meánaoise. Tá suim mhóir aige sa chomhréir ghiniúnach, teangeolaíocht chorpas agus cait ‘tuxedo’ chomh maith. Is é príomhthaighdeoir an tionscadail FLEXI.

Amharc ar an bpróifíl (cluaisín nua)
Profile photo of Cassandra Pruetz

Cassandra Pruetz

Cúntóir Taighde

Is Cúntóir Taighde sa tionscadal seo í Cassandra agus í ina dalta chéad bliana PhD in Ollscoil na hÉireann Mhá Nuad. Ar an suim taighde aici tá na réimsí seo, go háirithe iad a bhaineann le hÉirinn mheánaoiseach: an cultúr físiúil, líonraí intleachta, an teangeolaíocht stairiúil agus staidéar ar aistriúchán. Rudaí eile is spéis léi ná amharc-ealaíona, ceol, madraí agus obair chun a chinnitiú gur réimse ionchuimsitheach agus inrochtana é Léann Ceilteach.

Profile photo of Andrew Ó Donnghaile

Andrew Ó Donnghaile

Comhalta Taighde Iardhochtúireachta

Is comhalta taighde iardhochtúireachta ar dhlí in Éirinn mheánaoiseach é Andrew Ó Donnghaile.

Is iad na réimsí taighde is mó is spéis leis ná an dlí in Éirinn mheánaoiseach, stair mhíleata agus polaitíochta oileánach mheánaoiseach agus scileanna marcaíochta in Éirinn mheánaoiseach atá bunaithe ar mhodh praiticiúil athchruthaitheach.

Tá baint aige chomh maith le taighde agus athchruthú ar chogaíocht agus eachaíocht Eoráiseach. Déanann sé cleachtadh ar ealaíona comhraic eachaíochta Eoráiseacha faoi láthair.

Profile photo of Héléna D.M. Lagréou

Héléna D.M. Lagréou

Comhalta Taighde Iardhochtúireachta

Is comhalta taighde iardhochtúireachta sa thionscadal seo í Héléna D.M. Lagréou. Tá suimeanna taighde aici faoi dhlí coiriúil meánaoiseach, le béim ar leith ar ius commune (agus na dlíthe rómhanaigh san áireamh), dlí canónta, agus córais dlí shaolta i Sasana, sa Fhrainc, in Éirinn, agus san Iodáil a bhreathnaítear ina gcomhthéacsana stairiúla agus cultúrtha. Seachas seo, tá Héléna ag comhdhíriú taighde faoi cháis le pionós an bháis i sochaí ár linne, agus tá súil ghear aici ar rudaí aisteacha sa Ré Victeoiriach.

Photo of David Ó Laigheanáin, a man with long, dark, curly hair and a short beard.

David Ó Laigheanáin

Ríomhchláraitheoir Taighde

Tá an-taithí ag David Ó Laigheanáin ar innealtóireacht bhogearraí ⁊ chluichí san earnáil phríobháideach. Mar sin, airsean atá freagracht as ár gcuid teicneolaíochta: samhlacha teanga nádúrtha, uirlisí ⁊rl. Ar na hábhair spéise eile atá aige tá an Ghaeilge, ceol, eiceolaíocht, ficsean eolaíochta, ceartas míchumais ⁊ an pholaitíocht.