Déan iniúchadh ar UCD

Baile UCD >
GUCD_Granite_Hero_Banner_Tionol
íomhá forleagan

Fúinn

Gaeltacht UCD

Cur chun cinn gníomhach na teanga is aidhm do Ghaeltacht UCD. Déanann an t-ionad freastal orthu siúd ar mian leo teagmháil a bheith acu leis an dteanga trí réimse tionscadal a bhunú agus a riar. I measc na dtionscadal sin, tá: cúrsaí teanga, ceardlanna cultúrtha, seirbhís aistriúcháin, scéim chónaithe do mhic léinn, agus clár idirnáisiúnta. Tá ionadaíocht ag Gaeltacht UCD ar Bhord Tacaíochta Gaeilge na hOllscoile. Bíonn fáilte roimh chách ag imeachtaí Ghaeltacht UCD, coiméadaigí súil ar (opens in a new window)Facebook(opens in a new window)Twitter (opens in a new window)Instagram, agus (opens in a new window)Bluesky le linn na bliana.

Rannpháirtíocht Dhomhanda UCD

UCD Global Engagement

Oibríonn Gaeltacht UCD i gcomhpháirt leis na haonaid a thagann faoi scáth Rannpháirtíocht Dhomhanda UCD.

Plean Straitéiseach Rannpháirtíocht Dhomhanda UCD 2021-2024

Rannphairtíocht Dhomhanda UCD - Cur aithne ar an bhFoireann

Folúntais le Gaeltacht UCD

Opportunities with Gaeltacht UCD

(opens in a new window)Teagascóirí cáilithe le taithí

Más mian leat a bheith ar phainéal na dteagascóirí Gaeilge, líon (opens in a new window)an fhoirm seo agus seol CV chuig (opens in a new window)gaeltacht@ucd.ie

(opens in a new window)Ceoltóirí/Damhsóirí/Amhránaithe

Más ceoltóir, damhsóir nó amhránaí den scoth tú atá ag staidéár in UCD faoi láthair nó a bheidh ag teacht go UCD go luath, (opens in a new window)cláraigh linn chun a bheith ar an eolas faoi dheiseanna taistil agus/nó obair ócáideach ar champas nó go fiorúil

(opens in a new window)Riarthóirí, comhordaitheoirí agus bainisteoirí tionscadail

Más spéis leat a bheith ar an eolas de réir mar a thagann folúntas aníos le Gaeltacht UCD, (opens in a new window)cláraigh anseo 

Gaeltacht UCD

Seomra L540, Foirgneamh na Leabharlainne, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Belfield, Baile Átha Cliath 4, Éire.
E: ranganna.gaeilge@ucd.ie