Cúrsaí Iarchéime
Cúrsaí Iarchéime
Cuirimid na cúrsaí iarchéime seo a leanas ar fáil mar Scoil ildisciplíneach:
MA Scríobh & Cumarsáid na Gaeilge
(Dioplóma Iarchéime ar fáil mar rogha eile)
Tá an clár MA seo dírithe ar scoláirí a bhfuil cúlra acadúil acu sa Nua-Ghaeilge nó in ábhar gaolmhar, agus ar ghairmithe Gaeilge agus Meán. Is é an aidhm atá againn ná an Ghaeilge is an litríocht is an cultúr a ghabhann léi a chaomhnú agus a chur chun cinn, agus béim a chur ar an tábhacht a bhaineann leis sin ó thaobh shochaí na hÉireann de, go mór mór i gcomhthéacs an Ghaeilge a bheith ina teanga oibre san Aontas Eorapach agus i gcomhthéacs Acht na dTeangacha Oifigiúla. Cuid lárnach den chlár is ea an bhéim a chuirtear ar thaighde comhaimseartha agus ar ardscileanna teanga, gairmiúla i réimsí mar an t-aistriúchán, an t-aistriúchán dlí, na meáin, an eagarthóireacht agus scileanna scríofa.
MA sa Nua-Ghaeilge
(Dioplóma Iarchéime ar fáil mar rogha eile)
Tá an clár MA dírithe ar chéimithe Nua-Ghaeilge agus céimithe disciplíní gaolmhara. Is í an aidhm atá againn ná an Ghaeilge agus an litríocht agus an cultúr a ghabhann léi a chaomhnú agus a chur chun cinn, agus béim a chur ar an tábhacht a bhaineann leis an méid sin ó thaobh na hÉireann agus na hEorpa de. Forbróidh scoláirí ardscileanna teanga sa Ghaeilge agus cuirfidh siad lena n-eolas ar litríocht, ar chultúr agus ar stair na Gaeilge.
MA i mBéaloideas na hÉireann agus san Eitneolaíocht
(Dioplóma Iarchéime ar fáil mar rogha eile)
Tá réimse leathan modúl ar fáil ar an MA i mBéaloideas na hÉireann agus san Eitneolaíocht a bhaineann le teoiricí taighde, an staidéar ar an traidisiún béil, an ceol traidisiúnta agus an amhránaíocht, modhanna cartlannaíochta agus modhanna don obair allamuigh, an traidisiún sóisialta, córais creidimh na ndaoine, an cultúr ábhartha agus eitneolaíocht na hÉireann agus na hEorpa. Cuirtear modúil ar fáil in ábhair ghaolmhara freisin, sa Nua-Ghaeilge, sa tSeandálaíocht, sa Bheartas Cultúrtha, sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach agus san Eitnicheoleolaíocht.
MA sa Léann Éireannach
Is clár idirdhisciplíneach é an MA sa Léann Éireannach atá dírithe ar chéimithe a rinne staidéar ar an stair, an tsochaí, teangacha, an litríocht agus ar chleachtais chultúrtha. Tá an clár dírithe ar scoláirí náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhfuil suim acu i bhfréamhacha na litríochta agus sa litríocht chomhaimseartha, sna meáin, i scannáin, sa traidisiún coiteann, in oidhreacht agus i sochaí na hÉireann i gcomhthéacs domhanda. Is é is aidhm leis an gclár seo ná cur le tuiscint an duine ar an litríocht, an fhéiniúlacht agus na struchtúir sa tsochaí a chuireann béim ar thábhacht agus ar ról mhuintir na hÉireann agus shochaí na hÉireann i gcomhthéacs náisiúnta agus domhanda.
Ard-Dioplóma i mBéaloideas na hÉireann
Cúrsa múinte a mhaireann bliain is ea an tArd-Dioplóma i mBéaloideas na hÉireann. Is féidir le scoláirí MLitt agus PhD a dhéanamh sa Bhéaloideas ar leibhéal iarchéime chomh maith.
Is le haghaidh daoine nach bhfuil aon staidéar déanta acu ar an mbéaloideas ná ar an eitneolaíocht chomparáideach cheana atá an tArd-Dioplóma i mBéaloideas na hÉireann ann go príomha. Cuirfear ar a gcumas eolas a chur ar na gnéithe is tábhachtaí de na hábhair sin. Lena chois sin, beidh na scileanna, an t-eolas agus an taithí acu atá riachtanach chun a dtionscadail taighde i réimse an bhéaloidis a leagan amach agus a thabhairt chun críche.
PhD / MLitt
Tá traidisiún láidir taighde agus scoláireachta sa Scoil sna hábhair seo a leanas: an Nua-Ghaeilge, an Léann Ceilteach, an Béaloideas agus an Eitneolaíocht agus an Léann Éireannach.
Má tá tú ag cuimhneamh ar thabhairt faoin taighde linn, molaimid daoibh súil a chaitheamh ar na réimsí taighde atá againn sa Scoil agus teacht chun cainte linn. Bítear ag obair le stiúrthóir acadúil i gcás an MLitt agus an PhD, duine a chuireann treoir agus comhairle ar fáil ó thús deireadh an tionscadail taighde.
Le tuilleadh eolais a fháil maidir le féidearthachtaí taighde leis an MLitt nó an PhD in aon cheann d'ábhair na Scoile cuir scéal chuig (opens in a new window)michael.j.wallace@ucd.ie
Próiseas iarratais |
Is féidir teacht ar eolas maidir leis an bpróiseas iarratais ag https://www.ucd.ie/graduatestudies/studywithus/applicationprocess/ |