Déan iniúchadh ar UCD

Baile UCD >

An Béaloideas

An Béaloideas

Is é is aidhm le cláir fochéime san ábhar seo ná buneolas a thabhairt do mhic léinn ar na príomh- chineálacha Béaloidis atá ann, mar aon le míniú ar a gcúlra staire agus a gcomhthéacs idirnáisiúnta. Tá na cláir dírithe ar mhic léinn a bhfuil suim acu sna traidisiúin mhóra, sa chultúr coiteann agus sa léann dúchais, daoine ar mian leo gairm bheatha a bheith acu i gceann de na réimsí sin nó tuilleadh staidéir a dhéanamh orthu. Tá na cláir dírithe ar mhic léinn idirnáisiúnta freisin, toisc gur rud uilíoch é an béaloideas, agus ar mhic léinn lánfhásta, ar minic a dtaithí saoil a bheith ina cabhair mhór dóibh agus iad ag tabhairt aghaidh ar Léann an Bhéaloidis. Cuid lárnach de luachanna oideachais na gclár is ea an fhiosracht maidir le nádúr, seasmhacht agus dinimic an traidisiúin sa saol ó lá go lá. Moltar do mhic léinn machnamh a dhéanamh ar na ceisteanna a ndéanann siad staidéar orthu, ach san am céanna, cuirtear béim ar a thábhachtaí atá obair allamuigh agus foinsí cartlainne dá dtaighde agus dá

bhfoghlaim. Déantar an múineadh i léachtaí, i ranganna beaga teagaisc le grúpaí beaga, agus i ranganna rannpháirtíochta atá ar aon dul le seimineáir ó thaobh stíle de. Baintear úsáid as an-chuid foinsí cartlainne agus bunfhoinsí sna modúil go léir, agus moltar do mhic léinn leas a bhaint as na hacmhainní cartlainne digití atá ann ina gcuid taighde agus foghlama. Déantar measúnú ar mhic léinn bunaithe

ar scrúduithe scríofa, tionscadail aonair taighde, dialanna a choinneáil, aistí téarma agus cur i láthair ó bhéal. Tá tascanna i gceist chomh maith, rud a thabharfaidh deis do mhic léinn a gcuid ceisteanna taighde féin a mhúnlú agus taighde a dhéanamh ar ábhair ar leith ag baint úsáid as eolas cartlainne.

(opens in a new window)Tuilleadh eolais ar an gcúrsa le fáil ANSEO.